Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

__________________________________________________________________________________

Osclófar na hiarratais don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) do Mheán Fómhair 2024 ar an 27 Bealtaine agus dúnfar iarratais ar an 10 Meitheamh.

An spriocdáta le cur isteach ar an scrúdú TEG B1 ná an 21 Aibreán. Téigh chuig www.teg.ie chun cur isteach air.

__________________________________________________________________________________

Beidh na hagallaimh don chéad babhta iarratais MGO ar siúl ar an Déardaoin an 9 Bealtaine 2024

Beidh na hagallaimh don dara babhta iarratais MGO ar siúl ar an Máirt an 18 Meitheamh 2024

__________________________________________________________________________________

Tá sé i gceist ag Institiúid Oideachais Marino sruth amháin den MGO 2024-2026 a chuir ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Beidh an rogha seo mar spéis dóibh siúd a bhfuil suim ach múineadh i nGaelscoil nó i scoil Ghaeltachta.

Tabhair faoi deara: Tá an cúrsa seo ag dul trí phróiseas creidiúnaithe Coláiste na Tríonóide agus tá sé ag fanacht ar faomhadh Chomhairle Coláiste na Tríonóide. Beidh curaclam bunaithe ar an gclár MGO reatha trí mheán an Bhéarla.

Caithfidh íosmhéid mac léinn an cúrsa seo a roghnú mar chéad rogha chun gur féidir an clár seo a chur ar fáil.

 

Má tá tú ag cur isteach ar an MGO nó an MGO trí mheán na Gaeilge, is féidir leat d'iarratas a dhéanamh as Béarla nó as Gaeilge, pé ceann ab fhearr leat.

Dean-Iarratas-Anois_Cnaipe

Tabhair faoi deara: Má tá suim agat cur isteach ar an sruth seo, ní mór cur isteach ar scrúdú iomlán TEG B1. Le do thoil cliceáil ar an nasc chun cur isteach anois!

Má tá breis eolas ag teastáil faoin gclár seo, le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected].