Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Scoláireachtaí agus Sparánachtaí MLO 2023/24

Is cúis lúcháire é d’Institiúid Oideachais Marino ceithre scoláireacht agus sparánacht nua a fhógairt don Mháistreacht i Léann an Oideachais.

Féach thíos na sonraí  a bhaineann leis agus an critéir cháilitheachta.

*Ní féidir leis hiarratasóirí MLO níos mó ná sparánacht nó scoláireachta amháin thíos a fháil.

Táille bhliantúil do gach clár MES i 2022-2023 ná €3950.

 

1. Sparánacht Chiste Iontaobhais IOM

Máistreacht i Léann an Oideachas (Ceannaireacht in Oideachas Críostaí)

Is féidir le hiarratasóirí ar an gcúrsa seo laghdú táillí 20% a fháil ar na táillí sa chéad agus sa dara bliain den chlár. Tá Sparánacht Chiste Iontaobhais IOM ar fáil d’iarratasóirí rathúla ar an gcúrsa.

 

2. Scoláireacht Táillí Alumnas IOM

Anseo in IOM táimid ag súil leis go leanfaidh gaol gníomhach, tairbheach eadrainn féin lenár gcéimithe trína saolta agus ngairme, agus déanfaimid ár seacht ndícheall an gaol seo a choimeád. 

Tá alumnais IOM a chríochnaigh céim lánaimseartha agus a bhfuil áit faighte acu ar chlár MES IOM incháilithe do Scoláireacht Alumnas do bhliain 1 agus 2 dá gcúrsa.

Clúdóidh an scoláireacht seo 20% de tháillí do na cláir MES seo a leanas:

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas agus Ceannaireacht Idirchultúrtha)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luathóige)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim Bunaithe ar Fhiosrú)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Na hAmharcealaíona)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Matamaitice Bunscoile)

 

3. Scoláireacht IOM de Phobal Fhoghlaimeoirí

Má chláraíonn comhghleacaí amháin nó níos mó ó do scoil nó ó d’ionad oideachais do chlár MES, gheobhaidh tú féin agus do chomhghleacaí/ chomhghleacaithe laghdú 20 den táille do bhliain 1 & 2 den chlár.

 

4. Scoláireacht IOM Céadonóracha ar Fhochéim (céimí ó IOM / Coláiste na Tríonóide)

Tá Scoláireacht IOM Céadonóracha ar Fhocéim ar fáil do chéimithe ó IOM / Coláiste na Tríonóide a bhain céim le céadonóracha amach ina bhfochéim. Baineann an scoláireacht seo 40% de tháille na gclár MES seo a leanas:

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas agus Ceannaireacht Idirchultúrtha)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luathóige)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim Bunaithe ar Fhiosrú)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Na hAmharcealaíona)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Matamaitice Bunscoile)

 

D’fhéadfaí go bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh don Scéim Táillí Aisíocaíochta agus do d’Fhaoiseamh Cánach ar tháillí do chúrsa MES. Clicéail ar na naisc thíos le heolas breise a fháil:

Scéim Táillí Aisíocaíochta

Faoiseamh Cánach ar Tháillí

 

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil, le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected]