Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Máistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim agus Ceannaireacht Idirchultúrtha)

Osclófar na hiarratais ag tosú i Meán Fómhair 2024 ag deireadh mí Eanáir/tús mí Feabhra 2024

Le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected] chun suim a léiriú sa chúrsa nó má tá aon cheisteanna ginearálta agat.

Cad í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim agus Ceannaireacht Idirchultúrtha)?

Is cúrsa nuálach uathúil é an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim agus Ceannaireacht Idirchultúrtha), a ceapadh d’oideoirí a bhfuil suim acu i gcasacht na múinteoireachta sa domhan idirnáisiúnta, ilchultúrtha seo. Is é cuspóir an chúrsa seo ná an buneolas acadúil a thabhairt do rannpháirtithe a bhfuil suim acu obair i ról ceannaireachta oideachasúil. Déanfaidh siad iniúchadh criticiúil ar chine, éagsúlacht theangach agus éagsúlacht chreidimh i suíomhanna oideachais. Ullmhófar rannpháirtithe chun tabhairt faoi ról ceannaireachta ina láthair oibre féin agus ullmhófar rannpháirtithe le scileanna oideachasóra criticiúla chun cabhrú le foghlaimeoirí barr a gcumas a bhaint amach.

Students110

Cé dó an clár seo?

Tá an cúrsa seo oiriúnach d’oideoirí a bhfuil suim acu tuiscint níos fearr a fháil ar ról an oideachais i sochaí dhíbhéirseach. Tá fréamhacha na Máistreachta i Léann an Oideachais i bprionsabail an cheartais shóisialta agus chomhionannais, agus tá sé oiriúnach do gach oideachasóir. Tacaíonn an Lárionad Ceannaireachta Scoile - (CSL) leis an gcúrsa seo

 

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Déanfaidh mic léinn ar an gclár seo ceithre mhodúl éagsúla sa chéad bhliain; scoileanna agus an éagsúlacht, ionchuimsitheacht agus oideachas idirchultúrtha; ceannaireacht scoile i suíomhanna éagsúla; an Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise, agus éagsúlacht reiligiúin agus oideachas idirchultúrtha. Sa dara bliain, tá deis ag mic léinn díriú ar cheann amháin de na réimsí seo ar bhealach níos doimhne. Forbróidh siad scileanna taighde agus ullmhóidh siad tráchtas 20,000 focal ar thopaic a bhaineann leis an oideachas idirchultúrtha.

 

Cad iad aidhmeanna an chláir?

Ag deireadh an M.Oid san Fhoghlaim agus Ceannaireacht Idirchultúrtha ba cheart go mbeadh sé ar a gcumas ag rannpháirtithe:

(i) Anailís chriticiúil a dhéanamh ar dhoiciméid beartais nó eochairdhoiciméad reachtach a bhaineann le hoideachas idirchultúrtha in Éirinn

(ii) Plé criticiúil a dhéanamh ar chomhthéacs reatha na héagsúlachta in Éirinn: éagsúlacht chultúrtha, teangach, eitneach, socheacnamaíoch agus reiligiúnach

(iii) Iniúchadh/imscrúdú a dhéanamh ar impleachtaí na héagsúlachta idirchultúrtha do gach oideoir, ina measc dóibh siúd i róil cheannaireachta

(iv) Teoiric reatha agus dea-chleachtas maidir le héagsúlacht cultúrtha, foghlaim teanga bhreise, éagsúlacht reiligiúnach i gcomhthéacs an oideachais idirchultúrtha agus i gcomhthéacs na ceannaireachta scoile i suíomhanna éagsúla

(v) Cur chuige oideolaíoch éifeachtach a úsáid chun páistí agus daoine óga ó chúlraí mionlaigh eitneacha, cultúrtha agus teangach a chuimsiú sa chóras oideachas

(vi) Straitéisí a phleanáil agus a chur i bhfeidhm chun éiteas uile-scoile/uile ranga a bhunú a thacaíonn le gach foghlaimeoir, go háirithe iad siúd ó chúlraí mionlaigh eitneach, cultúrtha agus teangach

(vii) Measúnú criticiúil a dhéanamh ar réimse de pharaidímí Ceannaireachta Scoile ó pheirspictíocht idirchultúrtha criticiúil

(viii) Seasamh criticiúil a léiriú maidir lena dearcadh féin faoin gceannaireacht i suíomh oideachasúil éagsúil

(ix) Clár de thaighde scolártha eiteach a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, anailís de thorthaí taighde a scríobh amach agus torthaí a chur in iúl i bhfoirm scríofa agus béil i mbealach scolártha oiriúnach

 

Conas a dhéantar measúnú ar an gcúrsa?

Baineann an measúnú le nádúr modúlach an chláir. Mar chuid de seo tá tionscnaimh, cás-staidéir, fóram plé agus léirmheas litríochta sa chéad bhliain. Ina dhiaidh sin sa dara bliain, cuirfidh mic léinn togra taighde isteach agus déanfaidh siad tráchtas.

 

Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Beidh céimithe an chláir ullmhaithe ar bhealach cuimsitheach do róil cheannaireachta agus bhainisteoireachta i scoileanna, amhail an phríomhoideacht. Bheadh seasamh an-mhaith ag céimithe maidir le forbairt gharimiúil a sholáthar do mhúinteoirí nó obair le hábhair oidí ar thopaic an oideachais idirchultúrtha. Faoi dheireadh, is féidir le céimithe cur le léann an oideachais idirchultúrtha trí pháipéir a chur i láthair ag comhdhálacha agus trí ailt a scríobh do thréimhseacháin.

An Rogha Scoir

Is féidir le mic léinn a éiríonn leo pas a fháil sa chéad bhliain den chúrsa an chúsa a scor le Dioplóma Iarchéime (san Fhoghlaim agus Ceannaireacht Idirchultúrtha)

Library19 

LIOSTA NA MODÚL

BLIAIN 1

MODÚL 1

Scoileanna agus an éagsúlacht, ionchuimsitheacht agus oideachas idirchultúrtha

  • Gnéithe de chultúr agus cúlraí cultúrtha aonair
  • Cuir chuige maidir leis an éagsúlacht a thuiscint sa tsochaí agus san oideachas
  • Polasaí, reachtaíocht agus litríocht a bhfuil tionchar aige ar an oideachas
  • Straitéisí éifeachtacha múinteoireachta agus foghlama don seomra ranga díbhéirseach
  • An scoil ionchuimsitheach: comhbhraistint phobail a thógáil

 

MODÚL 2

Ceannaireacht Scoile i Suíomhanna Éagsúla

  • Ceannaireacht scoile: Coincheapa agus Paraidímí
  • Ceannaireacht Fhoghlaimlárnach
  • Ceannaireacht Eiticiúil
  • Ceannaireacht Roinnte
  • Ceannaireacht scoile: Dearcthaí an chleachtóra

 

MODÚL 3

An Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise: cur chuige idirchultúrtha

  • Éagsúlacht teanga i gcomhthéacs an oideachais idirchultúrtha
  • Ról na teanga ó bhéal i bhforbairt cumais sa Bhéarla
  • Litearthacht: tacú le cumas sa Bhéarla a fhorbairt
  • Cur chuige uile-scoile agus pobail a fhorbairt do mhúineadh an Bhéarla mar theanga bhreise
  • Measúnú agus meastóireacht

 

MODÚL 4

Éagsúlacht reiligiún agus oideachas idirchultúrtha

  • Éagsúlacht reiligiún i gcomhthéács an oideachais idirchultúrtha
  • Príomhphrionsabail oideolaíocha atá mar bhonn taca de ghné reiligiúnach an oideachais idirchultúrtha
  • Eachtraí leis an ‘Eile’; ag dul i mbun dialóg idirchreidmheach
  • Foghlaim ó thaithí daoine eile
  • Cur chuige uile-ranga agus uile-scoile maidir le héagsúlacht reiligiún agus idirchultúrtha

 

BLIAIN 2

Modheolaíocht Taighde

  • Modheolaíochtaí taighe agus eiticí taighde
  • Próiseas cheapadh an taighde
  • Togra taighde
  • Tráchtas

 

Eolas ginearálta

Fad: 2 bhliain páirtaimseartha

Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 90 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

 

Íosriachtanais iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8) le dara honóracha nó os a choinn, agus trí bhliana ar a laghad de thaithí mhúinteoireachta nó a mhacasamhail de thaithí. Riachtanais an Bhéarla (IELTS) Léibhéal 6.5. (nó a chomhchosúil)

Modh Seachadta

Sa chéad bhliain bíonn ranganna go hiondúil dhá deireadh seachtaine in aghaidh na míosa, ar Aoine (ó 6.00i.n. go 9.00i.n.) agus ar an Satharn (ó 9.00r.n. go 4.00i.n.). Sa dara bliain bíonn ranganna ag mic léinn go luath sa chéad seimeastar agus i ndiaidh sin díríonn siad ar an togra taighde.

Tabhair faoi deara go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar an t-eolas seo.

Táillí an Chúrsa

Tá costas  €3,950 ar tháillí an chúrsa in aghaidh na bliana. Is féidir sonraí iomlána na dtorthaí a léamh i bPolasaí Táillí na hInstitiúide.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór d'iarrthóirí iarratas ar líne a chur isteach agus dul faoi agallamh. Le haghaidh tuilleadh eolais gabh i dteagmháil le [email protected].