Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luath-Óige)

Osclófar na hiarratais don chúrsa ag tosú i Meán Fómhair 2024 ag deireadh mí Eanáir/tús mí Feabhra 2024.

Le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected] chun suim a léiriú sa chúrsa nó má tá aon cheisteanna ginearálta agat.

Céard í an Mháistreacht i Léann an Oideachais(Oideachas Luath-Óige)?

Cuireann an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luath-Óige) taithí uathúil foghlama ar fáil atá bunaithe ar fhorbairt na tuisceana teoiriciúla agus na feasachta criticiúla i measc na rannpháirtithe maidir le príomhcheisteanna an oideachais luath-óige, go háirithe maidir le tábhacht timpeallacht ghníomhach bunaithe ar spraoi.

EarlyChildhoodRoom10

Cé dó/ di an cúrsa?

Tá an clár oscailte do bhunmhúinteoirí, do chleachtóirí luath-óige agus dóibh siúd atá ag obairt le páistí óga i réimse na habhcóideachta.

 

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Molfar do na rannpháirithe ar an gcúrsa Máistreachta seo smaoineamh ar bhonn criticiúil agus machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas. Déanfaidh siad an taighde a imscrúdú, taighde a bhaineann leis an spraoi, teanga agus réimsí eile d’fhoghlaim an pháiste, agus roinnfidh siad a dtuairimí agus forbróidh siad tuiscintí roinnte le mic léinn eile trí na fóraim ar líne. Iniúchfaidh siad smaointeoirí éagsúla a bhíonn ag plé leis an oideachas luath-óige agus déanfaidh siad meastóireacht chriticiúil orthu. Tabharfaidh siad faoi thionscadal taighde ar réimse an spraoi. Beidh deis ann obair ar thionscadail thaighde agus cuir i láthair ó bhéal agus i scríbhinn a dhéanamh. Déanfar éascaíocht ar fhoghlaim na mac léinn sna suíomhanna aghaidh ar aghaidh agus ar líne. Leis an gcur chuige seo, táthar ag súil leis go gcuirfidh an cúrsa cleachtóirí machnamhacha criticiúla ardcháilithe ar fáil a agus ardscileanna acu, agus a bhfuil gá leo chun cleachtas éifeachtach a chur i bhfeidhm.

 

Céard iad aidhmeanna an chláir?

  • Domhaintuiscintí teoiriciúla mar aon le feasacht chriticiúil a sholáthar do mhic léinn maidir le príomhcheisteanna san Oideachas Luath-Óige
  • Éascaíocht a thabhairt do mhic léinn critíc a dhéanamh ar a n-eolas, a scileanna agus a ndearcthaí maidir leis an Oideachas Luath-Óige
  • Cur ar chumas na mac léinn cur le foras saineolais ina gcleachtas gairmiúil ar ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta san Oideachas Luath-Óige
  • Mic léinn a chumasú tús a chur le tionscadail thaighde ar bhonn neamhspleách

             

Conas a dhéantar measúnú ar an gclár?

Tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir. Déanfar tionscadail, cás-staidéir, agus léirmheas litríochta i mBliain 1. Ina dhiaidh sin, beidh togra taighde agus tráchtas le déanamh i mBliain 2.

 

Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Beidh ullmhúchán maith ag céimithe an chláir maidir le róil cheannaireahta, mheastóireachta agus bhainisteoireachta san oideachas luath-óige. I measc na ról seo, tá príomhoideacht scoile nó bainisteoir i suíomh oideachais luath-óige. Bheadh an-bhunús ag céimithe forbairt ghairmiúil a chur ar fáil do chleachtóirí atá ag obair i mbunscoileanna agus i suíomhanna oideachais luath-óige. Bheadh céimithe in ann plé le hobair polasaí nó cur isteach ar phoist i gCigearacht na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tagann deiseanna chun cinn ó am go chéile maidir le fostaíocht in eagraíochtaí gairmiúla luath-óige amhail Early Childhood Ireland.

An Rogha Scoir

Is féidir le mic léinn a éiríonn le pas a fháil sa chéad bhliain den chúrsa an chúsa a scor le Dioplóma Iarchéime (san Oideachas Luath-Óige)

EarlyChildhoodRoom2

LIOSTA NA MODÚL

BLIAIN 1

MODÚL 1

Oideachas Luath-Óige: Polasaí agus Cleachtas

  • An cleachtas is fearr ar bhonn idirnáisiúnta san oideachas luath-óige
  • Polasaí agus cleachtas an oideachais luath-óige in Éirinn
  • Teoiric agus cleachtas spraoi san oideachas luath-óige
  • Critíc a dhéanamh ar Aistear mar chreat bunaithe ar spraoi
  • Ról an chleachtóra i bhforbairt an fhoghlaimeora fhéinrialaithe

 

MODÚL 2

Síceolaíocht na Luath-óige

  • Príomhchoincheapa agus díospóireachtaí i síceolaíocht na luath-óige
  • Teoiricí foghlama: Conas a fhoghlaimíonn páistí?
  • Forbairt mhothúcánach agus iompraíochta sa luath-óige
  • An luath-óige i gcomhthéacs
  • Measúnú & meastóireacht

 

MODÚL 3

Teanga agus Litearthacht in Oideachas na Luath-óige

  • Litearthacht mar chleachtas sóisialta
  • Litearthacht éiritheach
  • Forbairt teanga ó bhéal
  • Scileanna litearthachta foirmiúla agus neamhfhoirmiúla
  • Ról an scéil in oideachas na luath-óige

MODÚL 4

Foghlaim ar bhonn Fiosraithe

  • Príomhbhunúis fhealsúnacha agus stair na foghlama bunaithe ar fhiosrúchán
  • Príomhphrionsabail oideolaíocha atá mar bhonn taca do mhúnlaí oideolaíocha bunaithe ar fhiosrúchán
  • Timpeallacht bunaithe ar fhiosrúchán a chruthú agus áiseanna a fháil di
  • Measúnú i bhfoghlaim bunaithe ar fhiosrúchán
  • Eiseamláir den fhoghlaim bunaithe ar fhiosrúchan sa mhatamaitic agus san eolaíocht

BLIAIN 2

MODÚL 5

Modheolaíocht Taighde

  • Modheolaíochtaí taighde agus eiticí taighde
  • Proiséas cheapadh an taighde

 

MODÚL 6

  • Togra taighde agus tráchtas

 

Eolas ginearálta

Fad: 2 bhliain páirtaimseartha

Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí (NFQ)

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 90 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

 

Íosriachtanais iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8) le céim dara honóracha nó os a chionn, agus ar a laghad trí bliana de thaithí mhúinteoireachta nó a mhacasamhail de thaithí ghairmiúil. I gcásanna eisceachtúla, smaoineofar ar áit a thabhairt do mhic léinn ar an gclár, mic léinn a shásaíonn riachtanas na céime onóracha ach nach bhfuil an taithí riachtanach acu.

Modh Seachadta

Sa chéad bhliain bíonn ranganna go hiondúil dhá deireadh seachtaine in aghaidh na míosa, ar Aoine (ó 6.00i.n. go 9.00i.n.) agus ar an Satharn (ó 9.00r.n. go 4.00i.n.). Sa dara bliain bíonn ranganna ag mic léinn go luath sa chéad seimeastar agus i ndiaidh sin díríonn siad ar an togra taighde.

Tabhair faoi deara go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar an t-eolas seo.

Táillí an Chúrsa

Tá costas táillí an chúrsa €3,950 in aghaidh na bliana. Is féidir sonraí iomlána na dtorthaí a léamh i bPolasaí Táillí na hInstitiúide.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór d'iarrthóirí iarratas ar líne a dhéanamh agus dul faoi agallamh. Do thuilleadh eolais gabh i dteagmháil le [email protected]