Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Máistreacht i Léann an Oideachais (Ceannaireacht Scoil Chríostaí) ar líne

Osclófar na hiarratais don chúrsa ag tosú i Meán Fómhair 2024 ag deireadh mí Eanáir/tús mí Feabhra 2024

Le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected] chun suim a léiriú sa chúrsa nó má tá aon cheisteanna ginearálta agat.

Céard í an Máistreacht i Léann an Oideachais (Ceannaireacht Scoil Chríostaí) ar líne?

Is cúrsa Máistreachta nuálach agus uathúil é an Máistreacht i Léann an Oideachais (Ceannaireacht Scoil Chríostaí) a thugtar ar líne. Baintear leas as taighde, prionsabail agus cleachtas i gceannaireacht scoile de scoileanna Críostaí in Éirinn agus thar lear, le ceannairí scoile reatha agus ceannairí scoile amach anseo a i scoileanna Chríostaí a ullmhú.  Dearadh an cúrsa seo le hidirghníomhaíocht shoiléir agus cleachtas don cheannaireacht scoile i scoileanna Críostaí a thabhairt idir mhúnlú agus teoiric, idir mhachnamh agus cleachtas. Gné an-tábhachtach den chúrsa seo ná pobal ar líne a chruthú i measc na mic léinn agus is gné lárnach é seo chun ceannairí proifisiúnta a chruthú don Oideachas Críostaí. Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a bhfuil ról ceannaireachta agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i róil mar seo araon. Tugann an cúrsa seo buneolas i scileanna riachtanacha don cheannaireacht, bainisteoireacht agus rialachas. Chomh maith leis sin tugann sé cúlra diagachta agus spioradáltachta do mhic léinn, bunús a chabhróidh leo maidir lena dtuiscint ar an gcreideamh éiteas-bhunaithe, agus a thacóidh leo é sin a fhorbairt laistigh den scoil i gcomhthéacs iolraíoch.

Cé dó/di an cúrsa seo?

Tá an cúrsa seo dírithe ach go háirithe ar mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile a bhfuil suim acu tabhairt faoi oiliúint ceannaureachta agus bainistíochta do scoileanna Críostaí i gcomhthéacs ilchultúrtha iolraíoch, agus a bhfuil suim acu tabhairt faoina bhforbairt acadúil agus ghairmiúil féin. Tá an cúrsa seo oscailta d'iarrthóirí in Éirinn agus thar lear. Tacaíonn an Lárionad Ceannaireacht Scoile - CSL leis an gcúrsa seo. 

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?

Sa chéad bhliain, déanfaidh mic léinn staidéar ar réimse de 6 mhodúl éagsúla. Sa dara bliain díreoidh mic léinn ar réimse spéise a bhaineann leis an gceannaireacht oideachasúil chreideamh-bhunaithe, agus déanfaidh siad scileanna taighde a fhorbairt agus tráchtas (15,000 focail) a scríobh.

Conas a dhéantar measúnú ar an gclár?

I mbliain 1, tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir agus tá sé comhdhéanta de raon de mhodhanna measúnaithe ar líne. Déanfar togra taighde agus tráchtas i mbliain 2.

Sparánacht Ciste Iontaobhai IOM

Bainfidh gach mac léinn a chláraíonn go rathúil don chúrsa seo laghdú 20% ar na táillí don chéad agus don dara bliain den chúrsa seo.

An Rogha Scoir 

Beidh an deis ag mic léinn a éiríonn leo pas a fháil sa chéad bhliain den chúrsa éirí as an gcúrsa le Dioplóma Iarchéime (sa Cheannaireacht Scoil Chríostaí).

Liosta na Modúl

Bliain 1

  • Modúl 1: Ceannaireacht san Oideachas
  • Modúl 2: Ceannaireacht agus Diagacht
  • Modúl 3: Ceannaireacht agus Spioradáltacht
  • Modúl 4: Reachtaíocht agus rialú oideachais de Scoil Chríostaí
  • Modúl 5: Ceannaireacht agus Bainistíocht
  • Modúl 6: Scoil Chríostaí a stiúradh

Bliain 2

  • Tráchtas

Eolas Ginearálta

Fad: 2 bhliain páirtaimseartha

Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 90 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, an Ollscoil Baile Átha Cliath

Íosriachtanais Iontrála

 Céim onóracha (leibhéal 8) le dara honóracha nó os a gcionn, agus trí bliana ar a laghad de thaithí mhúinteoireachta nó a macasamhail de thaithí ghairmiúil.  Déanfar measúnú ar chásanna eisceachtúla má tá mic léinn áirithe ann a shásaíonn na riachtanais chéime onóracha ach nach bhfuil an taithí chuí acu. Féadfar iarrthóirí a ghearrliostú agus tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí siúd teacht chun agallaimh agus measúnú scríofa a dhéanamh de réir mar is cuí. Riachtanas an Bhéarla: Leibhéal 6.5 (nó a chomhchosúil).

Modh Seachadta

Seachadtar an cúrsa seo go hiomlán ar líne agus beidh teacht náisiúnta agus idirnáisiúnta aige. Beidh léachtaí ar siúl ar líne san oíche (GMT) i rith na seachtaine ar líne sa chéad bhliain. Sa dara bliain beidh ranganna ar líne go luath sa chéad seimeastar. I ndiaidh sin díreofar ar an togra taighde agus buailfidh mic léinn le maoirseoir ar líne.

Tabhair faoi deara go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar an eolas seo.

Táillí Cúrsa

Tá costas €3,950 in aghaidh na bliana ar an gcúrsa. Is féidir sonraí iomlána na dtorthaí a léamh i bPolasaí Táillí na hInstitiúide.

Conas Iarratas a dhéanamh

Ní mór d'iarrthóirí iarratas ar líne a chur isteach agus dul faoi agallamh. Do thuilleadh eolais gabh i dteagmháil le [email protected]