Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Matamaitice Bunscoile)

Is cúrsa Máistreachta páirtaimseartha dhá bhliain é an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Matamaitice Bunscoile). Is bunchloch den chúrsa iad cleachtadh agus taighde san oideachas matamaitice bunscoile. 

Glacfar an chéad ghrúpa mic léinn eile don chúrsa i mí Meán Fómhair 2024

Le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected] chun suim a léiriú sa chúrsa nó má tá aon cheisteanna ginearálta agat.

Céard is an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Matamaitice Bunscoile)?

Ullmhaíonn an cúrsa seo rannpháirtithe chun oideachas matamaitice bunscoile a chur chun cinn trí phobal idirlín a chruthú ina ndéanfaidh siad comhoibriú lena gcomhmhúinteoirí ó réimse leathan suímh agus cultúir éagsúla. Leanann ábhar an chúrsa seo cur chuige idirghníomhach ar líne, ina dtugann na ranganna sioncronacha agus aisioncronacha uair sa tseachtain deis do mhic léinn scileanna comhoibrithe a fhorbairt agus eolas a fháil, chomh maith le foghlaim conas caidreamh éifeachtach a dhéanamh i dtimpeallacht dhigiteach.

Cé dó/di an cúrsa seo?

Beidh dúil mhór ag múinteoirí bunscoile a bhfuil suim acu in oideachas matamaitice agus ag múinteoirí a bhfuil suim acu nó atá ag obair mar cheannaire matamaitice, mar oideoir múinteoireachta ar leibhéil oiliúint tosaigh múinteoirí nó oideachas inseirbhíse nó atá ag obair mar chigire de chuid na Roinne Oideachais ar an gcúrsa seo. Cé gur ceapadh an cúrsa do mhúinteoirí bunscoile in Éirinn, toisc go bhfuil an cúrsa ar líne d'fhéadfadh sé a bheith oiriúnach do mhúinteoirí go bhfuil na cáilithe chuí acu ó thíortha eile gur mian leo cur isteach ar an gcúrsa.

abacus-g1e6ad7950_640

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?

Tabharfaidh mic léinn faoi sé mhodúl éagsúla sa chéad bhliain:

  • Oideachas Matamaitice Bunscoile a thuiscint
  • Mórcheisteanna comhaimseartha múineadh agus foghlaim matamaitice bunscoile
  • Oideachas Ionchuimsitheach Matamaitice Bunscoile
  • Deacrachtaí Foghlama Matamaitice agus Idirghabháil
  • Difreáil agus Dúshlán sa Mhatamaitic Bhunscoile
  • Ceannaireacht san Oideachas Matamaitice Bunscoile.

Sa dara bliain, díreoidh na mic léinn ar bhealach níos doimhne ar réimse spéise a bhaineann leis an Oideachas Matamaitice Bunscoile. Déanfaidh siad scileanna taighde a fhorbairt agus tráchtas de 15,000 focal a ullmhú ar ábhar a bhaineann le hoideachas matamaitice bunscoile.

Conas a dhéantar measúnú ar an gclár?

Tá nasc idir measúnú an chúrsa seo agus cruth modúlach an chúrsa. Beidh réimse measúnaithe sa chéad bhliain agus beidh togra taighde, chomh maith le tráchtas scríofa le déanamh sa dara bliain. Chun dul ar aghaidh chuig an dara bliain, is gá do mhic léinn pas a fháil sna measúnaithe do gach ceann de na sé mhodúl sa chéad bhliain.

Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Dearadh an cúrsa máistreachta seo mar fhreagairt ar moltaí ón tuairisc ar Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice sa Chóras Scoile in Éirinn  a scríobh an Grúpa Athbhreithnithe Oideachais ETIEM (STEM) (2016). Sa tuairisc seo éilíodh d’fhorbairt sainmhúinteoirí ETIEM nó “Crainn Taca ETIEM” a oibreoidh ag leibhéal na scoile chun léargais agus cleachtas fianaisebhunaithe a scaipeadh san oideachas ETIEM. Is cúrsa tábhachtach caoithiúil an cúrsa seo, toisc go mbeidh curaclam nua matamaitice bunscoile á tabhairt isteach in Éirinn go gairid agus cabhróidh an cúrsa seo chun ceannairí a fhorbairt ar féidir leo an t-athrú seo a thabhairt isteach i múineadh na matamaitice ar leibhéal na scoile.

Beidh ullmhúchán maith ag céimithe an chláir d’an-chuid róil cheannaireachta, meastóireachta agus bainisteoireachta sa Mhatamaitic Bhunscoile agus Oideachas ETIEM, ina n-áirítear priomhoideacht scoile i measc na róil seo. Beidh an cúrsa seo oiriúnach mar ullmhúchán do mhúinteoir gur mian leo obair nó atá ag obair ar leibhéil oiliúint tosaigh múinteoirí nó san oideachas inseirbhíse nó atá ag iarraidh obair mar chigire de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna. 

numbers-g4db93452c_640

Liosta na Modúl

Seachadtar an MLO san Oideachas Matamaitice Bunscoile ar líne ar bhonn páirtaimseartha thar dhá bhliain acadúla. Is fiú 90 creidmheasa an chúrsa iomlán.

Bliain 1

Sa chéad bhliain, déanann mic léinn sé mhodúl múinte i réimse de ghnéithe a bhaineann leis an oideachas matamaitice bunscoile. Is fiú 60 creidmheasa na modúil seo. Is iad seo a leanas na sé mhodúl:

Modúl 1: Oideachas Matamaitice Bunscoile a Thuiscint

  • Tús eolais ar an oideachas matamaitice bunscoile
  • Scileanna acadúla do thaighde matamaitice
  • Teoiric an fhoghlaim san oideachas matamaitice bunscoile
  • Creatlacha eipistéimeolaíocha i múineadh na matamaitice
  • Ról na matamaitice sa domhan
  • Ról comhthéacs sóisialta ar oideachas na matamaitice

Modúl 2: Mórcheisteanna Comhaimseartha Múineadh agus Foghlaim Mhatamaitice Bunscoile

  • Matamaiticiú
  • Modhanna comhaimseartha réitithe fadhbanna
  • Peirspictíochtaí ar mhúineadh an chéimseata do pháistí
  • Modhanna imeasctha oideachais matamaitice bunscoile
  • Úsáid teicneolaíocht in oideachas na matamaitice
  • Oideachas ETIEM (STEAM) sa bhunscoil

Modúl 3: Oideachas Ionchuimsitheach na Matamaitice Bunscoile

  • Oideachas ionchuimsitheach san oideachas matamaitice bunscoile
  • Ceartas sóisialta sa seomra ranga matamaitice bunscoile
  • Oideolaíocht chultúrtha na matamaitice
  • Cur chuige éagsúla ar fhoghlaim agus múineadh na matamaitice bunscoile
  • Ról an teicneolaíocht i gcleachtas ionchuimsithe na matamaitice
  • Cleachtas measúnaithe ionchuimsitheach sa seomra ranga matamaitice bunscoile

Modúl 4: Deacrachtaí Foghlama Matamaitice agus Idirghabháil

  • Deacrachtaí foghlama agus oideachas matamaitice bunscoile
  • Dioscalcúile
  • Imní faoin matamaitic agus meon forásach a fhorbairt
  • Measúnaithe chun deacrachtaí foghlama matamaitice a shainaithint
  • Idirghabháil chun matamaitic bhunscoile a fheabhsú (Luathfheasacht Matamaitice)
  • Dearcadh Uilíoch don Fhoghlaim

Modúl 5: Difreáil agus Dúshlán sa Mhatamaitic Bhunscoile

  • Tascanna in oideachas matamaitice bunscoile
  • Samhlacha difreála
  • Measúnú diagnóiseach sa mhatamaitic bhunscoile
  • Difreáil agus dúshlán a mheascadh i gcleachtas
  • Forbairt ghairmiúil san oideachas matamaitice bunscoile
  • Cásanna i suímh éagsúla a mheasúnú agus straitéisí feabhsúcháin a chomhairliú

Modúl 6: Ceannaireacht san Oideachas Matamaitice Bunscoile

  • Céard is ceannaireacht sa mhatamaitic bhunscoile ?
  • An caidreamh idir pholasaí agus athrú sa mhatamaitic bhunscoile
  • Samhlacha ceannaireachta matamaitice
  • Oideolaíocht a leathnú
  • Pobail fhoghlama gairmiúla a bhunú
  • Ceannaireacht agus foghlaim trí staidéar ceachta

Bliain 2

Sa dara bliain, tugtar 30 creidmheasa don mhodúl Modhanna Taighde agus Tráchtas, a thugann an deis do mhic léinn píosa taighde neamhspleách a dhéanamh le bonn oideachais matamaitice bunscoile. Rachaidh mic léinn i mbun taighde agus scoláireacht ghairmiúil chun an t-eolas agus an tuiscint atá acu ar an taighde a fheabhsú, agus chun cur leis an gcorpas litríocht taighde don oideachas matamaitice.  

Eolas Ginearálta

  • Fad: 2 bhliain páirtaimseartha
  • Seachadadh: ar líne
  • Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí
  • An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 90

Íosriachtanais Iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8) le dara honórach nó os a gcionn, agus trí bliana ar a laghad de thaithí mhúinteoireachta nó a macasamhail de thaithí ghairmiúil.

Déanfar measúnú ar chásanna eisceachtúla má tá mic léinn áirithe ann a shásaíonn na riachtanais chéime onóracha ach nach bhfuil an taithí chuí acu. Féadfar iarrthóirí a ghearrliostú agus tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí siúd teacht chun agallaimh agus measúnú scríofa a dhéanamh de réir mar is cuí. Beidh orthu a thaispeáint go bhfuil sé ar a gcumas acu tabhairt faoin gcúrsa agus go bhfuil cónaí orthu i gcrios ama atá oiriúnach chun lánpháirt a ghlacadh sa chúrsa.

Riachtanas Béarla: IELTS leibhéal 6.5 (nó a chomhcháilíocht)

Modh Seachadta

Seachadfar an Mháistreacht i Léann an Oideachais seo go hiomlán ar líne trí mheascán de ranganna sioncronacha agus aisioncronacha.

Táillí an Chúrsa

Tá táille €3,950 in aghaidh na bliana ar an gcúrsa seo. Is féidir sonraí iomlána na dtáillí a léamh san Institute Charges Policy.

Conas iarratas a chur isteach

Ní mór d’iarrthóirí iarratas ar líne a chur isteach agus iarrtar orthu go hiondúil teacht chun agallaimh. Do thuilleadh eolais, déan teagmháil [email protected]