Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Bronnadh Gradam Óir Gníomhaí Gaeilge ar Oifigigh an Chumainn Ghaelaigh, Eileen Roe agus Meaghan Ní Chianáin, ó Institiúid Oideachais Marino ar 11 Aibreán 2024 i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.

Is scéim meantóireachta, oiliúna agus gradaim de chuid Chonradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn í Gníomhaí Gaeilge a thugann aitheantas do mhic léinn ar an tríú leibhéal atá ag obair go dian chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid institiúidí féin. I mbliana, bhí Cumann Gaelach Marino ar cheann de na 10 ngrúpa ar éirigh leo an Gradam Óir a bhaint amach as ucht a chuid oibre ar fad chun úsáid na Gaeilge a spreagadh ar leibhéal na hollscoile. Tá sé mar sprioc ag lucht an Chumainn in Marino an Ghaeilge a chur chun tosaigh do phobal uile na hInstitiúide agus imeachtaí spraíúla a eagrú ina leith.

Tá forbairt gan chuimse tar éis teacht ar an gCumann atá thar a bheith gníomhach na laethanta seo ar ardáin na meán sóisialta. Scaiptear Méim na Seachtaine ar leathanach Instagram an Chumainn gach uile Mháirt agus tá breis agus míle leantóir faighte aige ar a leathanach TikTok. Laistigh den Institiúid féin eagraíodh an-chuid imeachtaí iontacha le linn na bliana ar nós Péinteáil na bPuimcíní, Brioscaí Nollag a mhaisiú, turas go Ráth Chairn, Tae & Plé, Biongó agus neart eile.

Deir Eileen Roe agus Meaghan Ní Chianáin agus iad ag glacadh leis an ngradam “Mar gheall ar an dea-obair atá curtha isteach againn mar chumann bhí an deis againn an Gradam Óir a bhaint amach sa chlár Gníomhaí Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge. Táimid an-bhuíoch ar fad agus bródúil as an dea-obair ó thús na bliana.”

Ar son na foirne agus na mac léinn ar fad anseo in Institiúid Oideachais Marino ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis an gCumann Gaelach as an nGaeilge a chur chun cinn ar bhonn taitneamhach tarraingteach. Déanaimid comhghairdeas ó chroí libh ar fad as an ngradam luachmhar seo a bhuachan. Treise libh a chairde Gael!!!

 Meaghan-agus-Eileen