Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Marino Institute of Education is excited to be, once again celebrating Seachtain na Gaeilge.

Seachtain-na-Gaeilge-2024

Marino Institute of Education is excited to be, once again celebrating Seachtain na Gaeilge. There will be a full week of events taking place to promote the Irish language amongst the Institute’s community. To ensure all students can enjoy the fun, it will be happening a little earlier this year before their students go out on placement.

Staff and students have been working hard to create a ‘buzz’ ahead of the starting of events and this week lecturers Robbie Irwin and Máire Nuinseann, alongside B.Oid 3 student Meaghan Ní Chianáin spoke on Raidió na Life and Marino were also featured in an on ExraG.

Professor Teresa O’Doherty, the Institute’s President, will officially launch Seachtain na Gaeilge on Monday 19th February when both students and staff will gather to celebrate their Gaeilge with a nice cup of tea and refreshments rounding off the night with a Movie Night as Gaeilge.

The events continue Tuesday when Marino’s singers and musicians will come together to perform at a special lunchtime concert for the community. Not only is Irish very vibrant in Marino, but music is always at the heart of the Institute’s traditions. The day’s events will come to an end with the student’s own Oíche Ghaelach social night.

Wednesday will be a packed day with a Céilí Mór during lunchtime, which will be great preparation for their trip that evening. A huge group of students will go to Ráth Chairn Gaeltacht, as they do every year, for an Oíche Ghaelach which will be full of storytelling, dancing, music, and craic! The Ráth Chairn community warmly welcomes Marino students and staff every year and it’s a great opportunity for students to learn about the history of the Ráth Chairn Gaeltacht. There is also a special welcome to the huge group of international students from the International Foundation Programme here in Marino who attend.

To end the week’s events, there will be a big fun game of bingo through Irish at lunchtime on Thursday.

It’s sure to be a great week for all!

https://rb.gy/ysvd9g

https://extrag.ie/2024/02/14/siamsaiocht/seachtain-na-gaeilge-ag-marino/

 

**

Tá Institiúid Oideachais Marino ar bís as Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh arís. Beidh seachtain iomlán d’imeachtaí ar siúl chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal na hInstitiúide. Chun a chinntiú gur féidir le gach mac léinn taitneamh a bhaint as an spraoi, beidh sé ag tarlú beagán níos luaithe i mbliana sula rachaidh a gcuid mic léinn amach ar shocrúchán.

Tá an fhoireann agus na mic léinn ag obair go dian chun atmaisféar iontach a chruthú roimh thús na n-imeachtaí agus an tseachtain seo labhair na léachtóirí Robbie Irwin agus Máire Nuinseann taobh le mac léinn B.Oid 3 Meaghan Ní Chianáin ar Raidió na Life agus bhí Marino le feiceáil ar ExraG freisin.  

Seolfaidh an tOllamh Teresa O’Doherty, Uachtarán na hInstitiúide, Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil ar an Luan 19 Feabhra nuair a bhaileoidh na mic léinn agus an fhoireann araon chun a gcuid Gaeilge a cheiliúradh le cupán deas tae agus sólaistí ag críochnú na hoíche le hOíche Scannán as Gaeilge.

Leanann na himeachtaí ar aghaidh Dé Máirt nuair a thiocfaidh amhránaithe agus ceoltóirí Marino le chéile chun ceolchoirm speisialta am lóin a chur ar siúl don phobal. Ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge thar a bheith bríomhar i Marino, ach bíonn an ceol i gcroílár thraidisiúin na hInstitiúide i gcónaí. Cuirfear críoch le himeachtaí an lae le oíche shóisialta ‘Oíche Ghaelach’ na mac léinn.

Beidh Dé Céadaoin lán le himeachtaí le Céilí Mór le linn am lóin, a bheidh ina ullmhúchán iontach dá dturas an tráthnóna sin. Rachaidh grúpa ollmhór scoláirí go Gaeltacht Ráth Chairn, mar a dhéanann siad gach bliain, le haghaidh Oíche Ghaelach a bheidh lán le scéalaíocht, damhsa, ceol, agus craic! Cuireann pobal Ráth Chairn fáilte mhór roimh scoláirí agus foireann Marino gach bliain agus is deis iontach é do scoláirí eolas a fháil ar stair Ghaeltacht Ráth Chairn. Cuirtear fáilte freisin roimh an ngrúpa ollmhór mac léinn idirnáisiúnta ón mBonnchlár Idirnáisiúnta anseo i Marino a théann ar an turas freisin.

Mar chríoch le himeachtaí na seachtaine, beidh cluiche mór spraíúil biongó trí Ghaeilge ar siúl ag am lóin Déardaoin. 

Is cinnte gur seachtain iontach a bheidh ann do chách!

https://rb.gy/ysvd9g

https://extrag.ie/2024/02/14/siamsaiocht/seachtain-na-gaeilge-ag-marino/