Contact
Cáilíochtaí/Qualifications:
(2013) B.Oid. (Coláiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath )
Beathaisnéis/Biography
Is í Caoileann Ni Dhonnchadha Oifigeach Gaeilge agus Margaíochta Institiúid Oideachais Marino. Is de bhunadh na Gaeltachta í Caoileann agus cainteoir duchais ó Ghaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí. Fuair sí a Céim, Baitsiléir san Oideachas i gColáiste Phádraig i mBaile Átha Cliath i 2013 agus chaith sí cuig bliana ag obair mar mhúinteoir bunscoile i nGaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus i gContae Chill Dara. Bhíodh sí obair ar chúrsaí Gaeilge i gComharchumann Ráth Chairn a chuireann an Ghaeilge chun cinn agus ag tabhairt óráidí a bhaineann le tábhacht na Gaeilge do dhaltaí meánscoile.