Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

An Ghaeilge in Institiúid Oideachais Marino


Tá IOM tiomanta do mheas a bheith againn ar thraidisiúin chultúrtha agus teanga na hÉireann chomh maith le bheith inár mbaill de phobal an domhain. I gcomhthéacs na hionchuimsitheachta agus oideachais do mhúinteoirí, tá tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge i Marino. Baineann an tiomantas seo don Ghaeilge le hoidhreacht na mBráithre Críostaí agus le traidisiún IOM atá le feiceáil agus ag fás ann i gconaí.

Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil againn anseo in Institiúid Oideachais Marino trí mheán na Gaeilge. Déantar freastal ar mhic léinn, ar bhaill foirne agus ar chuairteoirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ar an gCampas. Idir an Scéim Chónaithe trí mheán na Gaeilge agus an Cumann Gaelach, eagraíonn ag Roinn na Gaeilge agus an Cumann Gaelach an-chuid imeachtaí agus deiseanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hInstitiúide do bhaill foirne agus do na mac léinn.

Má ta tuilleadh eolais uait nó aon cheist agat faoi sheirbhísí Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Gaeilge:

Robbie Irwin

R: [email protected]

T: 01 805 7796