Scéim Teanga IOM
An Chéad Scéim Teanga (2019 -2021)
Seoladh an chéad Scéim Teanga de chuid Institiúid Oideachais Marino ar an Luan 9 Meán Fómhair 2019.
Beidh sé mar sprioc ag an Institiúid níos mó seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ar an gCampas do mhic léinn agus do bhaill foirne a éilíonn na seirbhísí tríd an Scéim seo.
Le linn na scéime seo, tá sé i gceist ag Institiúid Oideachais Marino, seirbhísí Gaeilge a fheabhsú, trí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ár scéim féin a chur i bhfeidhm. Tá sé mar sprioc ag an Institiúid, méadú a dhéanamh ar an líon imeachtaí poiblí Gaeilge a eagraítear ar an gcampas chomh maith le méadú a dhéanamh ar an líon ball foirne a fhaigheann cáilíocht sa Ghaeilge agus a ghlacann páirt sna ranganna agus imeachtaí Gaeilge a bhíonn ar fáil dóibh san Institiúid féin. Beidh sé mar sprioc ag an Institiúid níos mó seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ar an gCampas do mhic léinn agus do bhaill foirne a éilíonn na seirbhísí.
Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar Scéim Teanga IOM anseo: