Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Foghlaim Oscailte in IOM

Go raibh maith agat as smaoineamh ar Institiúid Oideachais Marino. Le Foghlaim Oscailte is féidir leis an gcoláiste obair timpeall ar do shaol. Má theastaíonn uait dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm, nó má tá an scoil críochaithe agat agus tá tú éiginnte má oireann an coláiste duit, oibríonn Foghlaim Oscailte timpeall ar do sceideal agus tugann sé na buntáistí a bhaineann le mac léinn lánaimseartha duit gan an gealltanas ama.

 

Bealaí le Freastal ar Mhodúil

Is féidir freastal ar mhodúl mar bhealach le creidiúintí ECTS a fháil (An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna). Faoi láthair, áfach, ní féidir le hInstitiúid Oideachais Marino nó a hOllscoil Chreidiúnaithe céim a bhronnadh ar líon creidiúintí. Agus sin ráite, tugann na modúil blaiseadh duit ar conas mar bheadh sé clárú go lánaimseartha ar chúrsa coláiste a dhíríonn ar réimsí den oideachas. Is féidir modúil do chreidiúint a dhéanamh sna réimsí Léann an Oideachais agus san Oideachas Luath-Óige.

B’fhéidir nár mhaith leat measúnuithe an mhodúil a chríochnú ach ba mhaith leat an modúl a dhéanamh toisc go bhfuil suim agat san ábhar. Glaoitear Iniúchadh ar Mhodúl air seo.

 

Táillí 2023/2024

Do Chreidiúintí: Freastal ar mhodúl ar champas (nó ar líne, nuair is cuí) agus críochnaigh an riachtanais mheasúnaithe do chreidiúintí: €500 don mhodúl.

Le hIniúchadh: Freastal ar mhodúl ar champas (nó ar líne, nuair is cuí) agus ní dhéantar an riachtanais mheasúnaithe do chreidiúintí: €350 don mhodúl.

**Leanfar treoirlínte Covid-19 an Rialtais agus na cúrsaí ar fad á soláthar

Conas Clárú

Lé clárú lean na treoracha seo a leanas:

  1. Roghnaigh do mhodú(i)l
  2. Roghnaigh an dteastaíonn uait an/na modú(i)l a ghlacadh do chreidiúintí nó le hiniúchadh
  3. Íoslódáil agus críochnaigh an fhoirm áirithinte (ar fáil thíos freisin)
  4. Seol an fhoirm áirithinte chríochnaithe chuig [email protected]
  5. Nuair a dheimhníonn an Oifig Iontrála go bhfuil áit faighte agat ar do mhodú(i)l roghnaithe, seol ríomhphost chuig [email protected] le d’íocaíocht a chríochnú

Is féidir le hiarratasóirí clárú le suas go ceithre mhodúl gach seimeastar.

An spriocdháta don chlárúchán i Seimeastar 1: 8 Meán Fómhair 2023.

An spriocdháta don chlárúchán i Seimeastar 2: 8 Deireadh Fómhair 2023.

Má tá aon chabhair ag teastáil leis an gclárúchán nó má tá ceist agat faoi na modúil fhéideartha, déan teagmháil le [email protected] nó cuir glaoch ar 01 805 7742.

 

Eolas Ginearálta

  • De ghnáth maireann modúl IOM ar feadh 9 seachtaine i Seimeastar 1 (Meán Fómhair – Nollaig) agus i Seimeastar 2 (Eanáir – Bealtaine). San áireamh leis seo, tá seachtainí áirithe ann do léitheoireacht, súil siar agus measúnú
  • Cuirfear modúil áirithe ar fáil go hiomlán nó go pointe ar líne i 2023-24 bunaithe ar chomhairle shláinte phoiblí
  • Is fiú 5 chreidiúint ECTS na modúil sa chéad bhliain (má tá an modúl ar siúl agat do chreidiúintí).
  • Tá suas go trí háit ar fáil do gach modúl (ag brath ar spás)
  • Níl aon réamhriachtanais aitheanta do na modúil
  • Cé go dtugtar creidiúintí nuair is féidir, agus tugtar tras-scríbhinn, ní chríochnaíonn an cúrsa le céim ó Institiúid Oideachais Marino nó óna hollscoil chreidiúnaithe, Coláiste na  Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath.
  • Toisc gur cúrsaí roghnacha iad cuid de na modúil, d’fhéadfaí go mbeidh na huimhreacha neamhimleor leis an modúl a chur ar fáil an seimeastar sin. Léirítear na modúil seo le réiltín (*).
  • Is féidir le hiarratasóirí clárú le suas go ceithre mhodúl gach seimeastar.
  • Tá spásanna don mhodúil Foghlaim Oscailte teoranta, agus mar sin ní féidir le hIOM deimhniú go mbeidh tú in ann clárú do gach ceann de na modúil a roghnaíonn tú.

 

Modúil Fhoghlaim Oscailte in IOM

Toisc gur cúrsaí roghnacha iad cuid de na modúil, d’fhéadfaí go mbeidh na huimhreacha neamhimleor leis an modúl a chur ar fáil an seimeastar sin. Léirítear na modúil seo le réiltín (*). Le hadmháil d’fhoirm áirithinte, deimhneoidh an Oifig Iontrála leat má tá na modúil a roghnaigh tú ar siúl. Is féidir le hiarratasóirí clárú le suas go ceithre mhodúl gach seimeastar.

  • An Cleachtas is fearr ar bhonn idirnáisiúnta san Oideachas Luath-Óige - Téarma 2
  • Scileanna Gluaiseachta a Fhorbairt trí Ghníomhaíochtaí agus Spraoi  - Téarma 2
  • Na Céadfaí á Múscailt: Cruthaitheacht agus na hAmharcealaíona - Téarma 1
  • Oideolaíocht Chothaitheach: Scileanna Cúraim sna Luath-Bhlianta - Téarma 1
  • Litearthachtaí sna Luathbhlianta: Sealbhú Teanga - Téarma 1
  • Riachtanais Speisialta Oideachais san Oideachas Luath-Óige - Téarma 1
  • Cumarsáid agus Páirtíocht Éifeachtach* - Téarma 2
  • Bainisteoireacht Airgeadais san Oideachas* - Téarma 2
  • Oideachas Luath-Óige  trí mheán na Gaeilge* - Téarma 2
  • Ceannaireacht: Teoiric agus Cleachtas* - Téarma 2
  • Cothú agus Bia Sláintiúil* - Téarma 2
  • An tOideachas agus na hEalaíona 1 (ag cothú cruthaitheachta) - Téarma 1
  • Cumarsáid Éifeachtach don Oideachas (le fócas ar oideachais aosach) - Téarma 1
  • Oideachas Aosach (gan Socrúchán Oideachais) - Téarma 1
  • An Teicneolaíocht don Mhúineadh agus don Fhoghlaim - Téarma 2
  • Ceannaireacht Oideachais - Téarma 2
  • Oideachas Riachtanais Speisialta - Téarma 2
  • Ag Aistriú go dtí an tArdoideachas - Téarma 1