Fáilte go Seirbhísí Tacaíochta do Mhic Léinn

Tuigimid go dtugann saol an mhic léinn deiseanna agus dúshláin araon. Cuireann Institiúid Oideachais Marino líonra tacaíochta iomlán ar fáil, chun d'aistear pearsanta agus acadúil a chumasú. Ó fholláine coirp agus folláine mothúchánach go soiléireacht ghairme agus nasc le do phiaraí - an aidhm atá againn ná a chinntiú go n-éiríonn go maith le gach mac léinn.

Conas Rochtain a Fháil ar Tacaíochtaí

  • Foghlaim faoi ghach seirbhís trí na nascanna thíos
  • Déan coinní ar líne áit is féidir
  • Labhair le do Theagascóir Pearsanta má bhíonn tú in amhras cá háit le tosú

Tá d'fholláine mar thosaíocht dúinn - ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn.

Rochtain

Tá Seirbhís Rochtana IOM ann chun tacaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil do mhic léinn ionchasacha agus do mhic léinn cláraithe a mbíonn dúshláin sóisialta agus eacnamaíochta acu. Féadfar cabhair a thabhairt do mhic léinn maidir le himní airgid, rochtain ar an gcampas, comhairle do mhic léinn agus seirbhísí tacaíochta eile.

Cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó mhic léinn ionchasacha a bhfuil suim acu faoi na bealaí iontrála HEAR/DARE nó do mhic léinn lánfhásta.

Tuilleadh eolais, gabh i dteagmháil le Simon Yeates ag [email protected].

Seirbhísí Gairmthreoracha

Tá Gairmthreoraí IOM ann chun eolas neamhchlaonta faoi ghairmeacha agus oideachas, treoir duine le duine agus treoir ghrúpa a chur ar fáil, rudaí a chabhróidh leat roghanna feasacha oideachais, gairme agus saoil a dhéanamh. 

Tá roghnú an chonair ghairme ceart ar cheann de na cinntí is tábhachtaí a dhéanfaidh tú riamh. Cabhróidh an iniúchadh agus na próisis forbartha ghairme leat níos mó féinthuiscint a fháil ar do chuid spéiseanna, inniúlachtaí, luachanna agus ábhair spreagtha. 

Féadfaidh Gairmthreoraí IOM an tacaíocht ghairmiúil a chur ar fáil duit atá riachtanach chun dul i ngleic le haistrithe gairme agus oideachais. Cuirtear an tseirbhís seo in oiriúint do riachtanais ar leith gach mac léinn in IOM agus cuirtear fáilte freisin roimh cheisteanna ó mhic léinn ionchasacha IOM.

Ná fan go mbeidh an deis agat tosú, tapaigh an deis agus déan teagmháil linn inniu! Beidh Geraldine Fay ar an gcampas gach Déardaoin i seomra P9 i bhfoirgneamh Naomh Pádraig.

Le coinne a chur in áirithe, úsáid an córas ar líne: Cuir coinne gairmthreorach in áirithe

Tuilleadh eolais ghairmeacha, gabh i dteagmháil le [email protected]

Seirbhís Séiplíneachta

Ról na seirbhíse séiplíneachta ná timpeallacht thacúil fhuinniúil a chruthú ina gcothaítear meon na hionchuimsitheachta ar an gcampas, ina gcuirtear meas ar an spioradáltacht agus éagsúlacht chultúrtha agus ina gcuirtear spás ar fáil inar féidir machnamh a dhéanamh ar do chreideamh agus do dhearcadh ar an saol. Líonraítear le gníomhaireachtaí eile a chothaíonn forbairt iomlánaíoch agus meon ceartas do chách. Déantar ár ndícheall fearadh fáilte a chur roimh ghach ball de phobal IOM.

Tá fís na séiplíneachta bunaithe i luachanna Eámainn Rís Naofa a bhfuil nasc daingean acu le ráiteas misean IOM - tá fís an oideachais bunaithe ar chomhbhá, láithreacht agus saoirse.

Tá an Séiplínach ar fáil chun bualadh le mic léinn agus cabhair a thabhairt dóibh ar bhonn aonair chun tacaíocht pearsanta a thabhairt, go háirithe i gcás go mbíonn deacrachtaí ag mic léinn nó go mbíonn méala.

Cuireann an séiplíneach tacaíocht tréadach agus tionlacan spioradálta duine le duine ar fáil dóibh siúd a lorgaíonn é trí chlár de thionscnaimh chreidimh a chuirtear ar fáil le linn na bliana.

Tuilleadh eolais, téigh chuig leathanach an tSeirbhís Séiplíneachta.

Seirbhísí Comhairleoireachta do Mhic Léinn

Tugann comhairleoireacht an t-am agus an spás chun iniúchadh a dhéanamh ar aon saincheisteanna a chuireann imní ort. Tugtar oiliúint speisialta do chomhairleoirí chun éisteacht go haireach agus chun timpeallacht thacúil, neamhbhreithiúnach a chur ar fáil áit gur féidir leat tabhairt faoi fhéinmhachnamh agus díriú ar d’fhorás pearsanta, do mheabhairshláinte agus d’fholláine.

Le coinne a chur in áirithe ar an gcóras ar líne: cliceáil anseo

Tuilleadh eolais, téigh chuig leathanach na Seirbhísí Comhairleoireachta

Seirbhís do Mhic Léinn faoi Mhíchumas

Cuspóir na Seirbhíse do Mhic Léinn faoi Mhíchumas IOM ná seirbhís ildisciplíneach mac léinn-lárnach a chruthú a chuireann ar chumas na mic léinn barr a gcumas a bhaint amach i dtimpeallacht foghlama ionchuimsitheach.

Tugtar tacaíocht do mhic léinn a thagann isteach tríd an scéim DARE agus dóibh siúd a thagann isteach trí bealaí eile. I measc na dtacaíochtaí a chuirtear ar fáil, tá measúnú riachtanais, tacaíocht teiripe shaothair, tacaíocht acadúil chomh maith le comhairle faoi theicneolaíocht cuiditheach.

Tuilleadh eolais, téigh chuig leathanach na Seirbhíse do Mhic Léinn faoi Mhíchumas nó gabh i dteagmháil le Simon Yeates ag [email protected].

Seirbhís Leighis IOM

Soláthraíonn Ionad Míochaine Fhionnradhairc réimse seirbhísí leighis agus sláinte do mhic léinn cláraithe in Institiúid Oideachais Marino. Mar chuid de na seirbhísí atá ar fáil, tá foireann dochtúirí agus altraí ar dualgas, tástáil fola, instealltaí, seirbhísí asma agus seirbhísí sláinte na mban.

Chun clárú le hIonad Míochain Fhionradhairc, le do thoil líon isteach an fhoirm Clárú mar Othar nua.

Suíomh & Uaireannta

10-nóiméad siúil ón gcampas (D03 F8C2)

Oscailte Luan - Déardaoin, 8rn-5.30in, Aoine go dtí 5in

Cás Éigeandala: DDoc i ndiaidh 6in 0818 22 4476

Téigh chuig Seirbhísí Leighis IOM do thuilleadh eolais

Rannpháirtíocht na Mac Léinn

Suim agat d'am in IOM a chaitheamh lasmuigh den seomra ranga? Tá Rannpháirtíocht na Mac Léinn ann chun cabhrú leat an tairbhe is mó a bhaint as do shaol sa choláiste! Tugtar neart acmhainní duit chun nasc a dhéanamh le do chomh-mhic léinn, iniúchadh a dhéanamh ar d'ábhar suime agus chun do scileanna ceannaireachta a fhorbairt.

Suim agat bheith i do bhall de chlub nó de chumann? Tá liosta cuimsitheach againn de na grúpaí atá ann agus is féidir linn treoir a thabhairt duit maidir le do chlub nó do chumann féin a thosú agus rud nua a thabhairt isteach i saol an champais.

Suim agat bheith i do cheannaire? Foghlaim faoi na deiseanna traenála agus forbartha a chuireann Clár Rannpháirtíochta Náisiúnta na Mac Léinn (NStEP) ar fáil chun barr feabhais a chur ar do scileanna ceannaireachta.

Suim agat do thuairim a chur chun tosaigh? Taispeánfar duit conas aiseolas a thabhairt ar do chuid taithí, páirt a ghlacadh in Aontas na Mac Léinn agus ionadaíocht a dhéanamh ar son do chomh-mhic léinn ag coistí.

Déanaimid aistear bríomhar den saol in IOM! Ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rannpháirtíochta na Mac Léinn, Colum Cronin ag [email protected] chun tús a chur le d'aistear! 

Do Theagascóir Pearsanta

Bíonn teagascóir pearsanta ag gach mac léinn, agus is é an teagascóir pearsanta an chéad pointe teagmhála maidir le treoir acadúil, ceisteanna socrúcháin agus tacaíocht ghinearálta. Is crann taca iad le linn d'ama anseo linn in IOM. Tá sonraí teagmhála do theagascóra ar fáil ar Maestro.