Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Socrúchán Scoile

Faoin Socrúchán Scoile

In Institiúid Oideachais Marino, táimid bródúil as ár samhail chuimsitheach socrúcháin scoile, a dearadh chun rannpháirtíocht agus forbairt ghairmiúil fhiúntach na mac léinn a chothú. Tacaíonn ár gclár socrúcháin le comhfhís atá bunaithe ar na comhpháirtíochtaí láidre idir Institiúid Oideachais Marino agus scoileanna rannpháirtithe, agus cinntítear leis seo cumarsáid oscailte, taighde comhoibríoch agus deiseanna gairmiúla leanúnacha.

Caitheann mic léinn ar an B Ed, B.Oid. agus an clár iarchéime an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas tréimhsí i scoileanna i ngach bliain den chlár. De réir riachtanais na Comhairle Mhúinteoireachta, caitheann fochéimithe thart ar 33 seachtaine i scoileanna agus caitheann iarchéimithe thart ar 24 seachtaine i scoileanna.

Le linn a dtaithí socrúcháin scoile, baineann mic léinn IOM leas as gníomhaíochtaí scoilbhunaithe agus institiúid ardoideachais-stiúraithe araon. Dearadh na gníomhaíochtaí seo chun ailíniú le céim an chláir ina bhfuil na mic léinn, agus tacaítear leo le cáipéisí shoiléire, meantóireachta agus maoirseacht tiomnaithe. Cuimsítear i measc na gcur chuige a úsáidtear don socrúcháin scoile, forbairt ghairmiúil leanúnach (CPD) cuimsitheach do theagascóirí, sonraíochtaí ghráid mionsonraithe, agus cumarsáid cuimsitheach, rud atá aitheanta go dearfach ag príomhoidí scoile, Treoraí agus ár gcéimithe.

Leathnaíonn tiomantas IOM don bharr-feabhais sa socrúchán scoile go soláthair feabhsaithe agus tacaíochta meantóireachta, agallaimh iar-shocrúcháin le haghaidh forbairt machnamhach agus prótacail meastóireachta láidre. Cinntíonn sé seo go gcríochnaíonn ár gcéimithe le tuiscint domhain, iomlánaíoch den mhúinteoireacht, leis na scileanna riachtanacha chun tionchar dearfach a bheith acu sa seomra ranga sa todhchaí.

Téann ár mic léinn i mbun socrúcháin i réimsí éagsúla suíomhanna múinteoireachta, faigheann siad taithí phearsanta ar leibhéal ranganna agus comhthéacsanna oideachasúla éagsúla agus foghlaimíonn siad conas comhoirbiú go héifeachtach le tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara eile. Comhtháthaítear lenár gclár socrúcháin comhpháirteanna taighde a ligeann do na mic léinn iniúchadh agus machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas féin agus nascanna a dhéanamh idir teoiric agus cleachtas.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Pholasaithe agus Nósanna Imeachta Socrúcháin Scoile Institiúid Oideachais Marino ag an nasc thíos.

Socrúchán Scoile - Institiúid Oideachais Marino (Béarla)

 

Sonraí Teagmhála   

Ceannaire na Roinne Beartais agus Cleachtais (Socrúchán)

Dr Julie Ui Choistealbha

Ríomhphost: [email protected]

Guthán: +353 1805 7723

 

Comhordaitheoir an tSocrúcháin Scoile

Ms Mairéad Minnock

Ríomhphost: [email protected]

Guthán: +353 1853 5162

 

Riarthóir an tSocrúcháin Scoile

Ms Deirdre Ní Mhurchú

Ríomhphost: [email protected]

Guthán: +3531 805 7743

 

Ceisteanna Ginearálta Socrúcháin Scoile

Ríomhphost: [email protected]

Eolas do Scoileanna

Óstáil Mac Léinn, Múnlaigh Todhchaí

Tugtar cuireadh do scoileanna bheith ina bpáirtí linn chun taithí foghlama fiúntacha a thabhairt dár mic léinn. Trí mac léinn a óstáil beidh ról lárnach agat i múnlú an chéad ghlúin eile oideoirí, ceannairí agus gairmithe. Má tá suim agat an deis seo a phlé agus tuilleadh eolais a fháil, le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected]

Nascanna Comhairle Mhúinteoireachta

Glac Ballraíocht i Líonra Scoileanna IOM

Nuair a ghlacann tú ballraíocht i Líonra Scoileanna Institiúid Oideachais Marino (IOM)  cuirtear an nasc idir IOM agus scoileanna páirtithe ar bhonn foirmiúil, agus cuirtear ár spriocanna comhpháirteacha gairmiúla, oideachasúla, sóisialta agus cultúrtha chun cinn leis seo. Nuair a ghlacann tú ballraíocht i Líonra Scoileanna IOM tosaíonn sé le socrúchán scoile, ar dtús ach osclaíonn sé dóirse ar na féidearthachtaí níos leithne d’fhás agus forbairt oideachais. Le chéile is féidir linn comhoibriú chun pobal oideoirí rathúil atá tiomanta don bharr feabhais teagaisc agus foghlaim a chruthú.  

Faigh tuilleadh eolais faoi Líonra Scoileanna – Institiúid Oideachais Marino

Eolas do Pháirtithe Leasmhara

Téigh i dteagmháil lenár mic léinn i rith Seachtain Foghlama Gairmiúil

Táimid ag iarraidh ar eagraíochtaí a saineolas a roinnt lenár mic léinn i rith ár Seachtain Foghlama Gairmiúil. Is deis iontach í seo teagmháil a dhéanamh le mic trí cheardlanna, aoichainteanna nó plé painéil. Tabharfaidh do rannpháirtíocht léargas do mhic léinn ar réimse chonair ghairme agus forbairt ghairmiúil a chabhróidh leo na scileanna agus an muinín a fhorbairt a bheidh riachtanach dóibh ina ngairmréim sa todhchaí.

Más mian leat an deis seo a phlé agus tuilleadh eolais a fháil, le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected]