Fáilte go campas MIE
Oibrímid go dian chun gur áit chairdiúil é an campas atá deartha ar bhealach a éascóidh cúrsaí do mhic léinn ó thaobh staidéir de agus ó thaobh gníomhaíochtaí seach-churaclaim de. Tá áiseanna nua-aimseartha ar an gcampas chun go mbainfidh na mic léinn taitneamh as a dtréimhse in IOM agus chun go mbeidh tacaíocht ann dóibh lena linn

Tá cóiríocht ar an gcampas, chomh maith le fearann álainn agus páirceanna imeartha, spórtlann nua-aimseartha, roinnt saotharlann ríomhairí, seomra oideachais luath-óige saincheaptha, leabharlann nua-aimseartha agus bialann agus caifé den scoth a mbeidh rud éigin iontu do gach duine.

Creidimid gur cheart timpeallacht iomlánaíoch a chruthú a gcuireann áiseanna nua-aimseartha léi chun eispéireas oideachais ildánach tríú leibhéal den scoth a thabhairt do na mic léinn.