Blasmhodúil agus Turais IOM: Seo Tús d'Aistir

Tar éis rath an Lá Oscailte i mí na Samhna, bhí áthas orainn fáilte a chur roimh mic léinn ionchasacha agus a dteaghlaigh chuig Blasmhodúil & Turais 2026, a bhí ar siúl ar an Satharn an 18 Aibreán in Institiúid Oideachais Marino. Táimid ag tnúth go mór le clár na n-imeachtaí don bhliain 2026-2027 atá le teacht!

Ba ócáid idirghníomhach í seo agus thug sé an deis do mhic léinn ionchasacha:

  • Freastal ar bhlasmhodúl beo
  • Plé le mic léinn reatha ag painéal plé agus Q&A
  • Turas mac léinn-stiúrtha a thógáil den champas agus de na háiseanna ar an gcampas

Bhí dhá sheisiún ar an lá, chun níos mó solúbthacht a thabhairt duit

  • Seisiún na Maidine: 09:30rn - 12:45in
  • Caint amháin faoin Socrúchán Scoile - cuairteoirí sheisiún na maidine agus an tráthnóna araon: 12in.
  • Seisiún an Tráthnóna: 11:30rn - 14:45in

 

Seisiún na Maidine

  • 09.30 - 10.00
    Clárú agus Caifé Sheisiún 1
  • 10.00 - 10.45
    Painéal Plé na Mac Léinn agus Q&A
  • 10.45 - 11.45
    Blasmhodúil - Mic Léinn amháin
    Tuismitheoirí & Mic Léinn:
    Cainteanna HEAR/DARE/Mic Léinn Lánfhásta
    Turas den Champus
    Cainteanna leis an bhFoireann nó le Eber
    Tae/Caife

Seisiún an Tráthnóna

  • 11.30 - 12.00
    Clárú agus Caifé Sheisiún 2
  • 12.00 - 12.45
    Caint faoi Shocrúchán Scoile (caint amháin do dhaoine ó sheisiún na maidine agus an tráthnóna)
  • 12.45 - 1.30
    Painéal Plé na Mac Léinn agus Q&A
  • 1.30 - 2.30
    Blasmhodúil - Mic Léinn amháin
    Tuismitheoirí & Mic Léinn:
    Cainteanna HEAR/DARE/Mic Léinn Lánfhásta
    Turas den Champus
    Cainteanna leis an bhFoireann nó le Eber

Cláraigh chun Blasmhodúl a Roghnú

Féadfar clárú sa bhliain acadúil nua 2026-2027.

 

Féach Réimse na mBlasmhodúl

Roimh an imeacht Blasmhodúl agus Turais roghnaigh mic léinn ionchasacha a rogha blasmhodúl ón réimse ábhair tharraingtigh thíos a roghnaíodh chun léargas a thabhairt ar na hábhair éagsúla atá ar fáil in IOM:

 

Tuismitheoirí & Caomhnóirí

Fad agus atá mic léinn ag glacadh páirt sna blasmhodúil, tugtar cuireadh do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí:

  • Freastal ar sheisiúin eolais faoi HEAR/DARE agus Mic Léinn Lánfhásta
  • Páirt a ghlacadh i bpainéal plé agus Q&A le mic léinn reatha
  • Turas den champas a fháil
  • Labhairt le Eber, foireann lóistín ar an gcampas agus breathnú ar sheomra samplach
  • Tae/caifé a fháil agus plé neamhfhoirmeálta le baill foirne

Cinnteofar sa bhealach seo go mbeidh taithí eolasach ag gach duine.

 

Teacht chuig IOM

Is féidir rochtain a fháil ar Institiúid Oideachais Marino go héasca:

  • Bus: Tá stad an bhus 73 agus N2 díreach taobh amuigh den champas
  • DART: siúlóid ghairid ó stáisiúin Bhóthar Chluain Tarbh nó Drumcondra
  • Carrchlós:páirceáil in aisce ar an gcampas ar fáil do gach cuairteoir

Line-break

Físeán Turas Champais IOM

Line-break

 

Féach ár gcur i láthair thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar ár gcúrsaí céime

 

Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

 

Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) - PME

 

Baitsiléir Eolaíochta i Léann an Oideachais

Baitsiléir san Oideachas (Bunscoil)

Baitsiléir Eolaíochta san Oideachas Luath-Óige

Line-break

Éist leis an bpodchraoladh thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar IOM

D0EAD6A6-BEA0-4D50-8E0C-A1042341A653

Cliceáil anseo chun éisteacht ar Spotify

Cliceáil anseo chun éisteacht ar Apple Podcasts

Line-break

Cliceáil anseo do thuilleadh físeáin eolais faoi IOM

 

FieainLine-break

Céard is an B.Eol i Léann an Oideachais ann?

podcast-2665179_640Cliceáil anseo do phodchraolacha nua ó mic léinn na céadbliana ar an mB.Eol i Léann an Oideachais. Níl aon bhealach níos fearr foghlaim faoi chúrsa ach éisteacht le mic léinn cláraithe ar an gcúrsa faoi láthair. Rinneadh taifead orthu seo chun léargas a thabhairt do mhic léinn féidearth faoi Céard is Léann an Oideachais ann?

Line-break