Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Tuairimí mac léinn faoi staidéar in IOM

In MIE, tá an mac léinn i gcroílár ár ngníomhaíochtaí. Táimid tiomanta do chúrsaí a chur ar fáil a mbaineann dúshlán leo agus, sa deireadh, a ullmhóidh na mic léinn chun a bheith ina n-oideachasóirí den chéad scoth amach anseo.

Tá roinn tuairimí ó na mic léinn faoin am a chaith siad in MIE thíos.


“Ba í Institiúid Oideachais Marino mo chéad rogha gan dabht. Thit mé i ngrá leis an áit ag an lá oscailte agus dhéanfainn an cinneadh ceanann céanna arís i bpreab na súl.”


"Toisc gur tháinig mé féin go Marino i m’aonar, baineadh siar asam píosa ar dtús ach socraíonn tú isteach sa saol go tapa, agus déanann tú cairde nua i measc na foirne agus na mac léinn araon. Ní fada go mbraithfidh tú go bhfuil tú sa bhaile!”


Taitneoidh gach uile ghné den saol anseo leat idir thimpeallacht, chúrsaí agus phobal.”


 “Ceapfaidh tú go bhfuil duine éigin i gcónaí ar fáil duit nuair is gá, agus is é sin an fáth go bhfuil an ghné chairdiúil phobail in Institiúid Oideachais Marino chomh speisialta sin. Molaim Institiúid Oideachais Marino go hard na spéire.” 



Is cúrsa spreagúil é an B.Oid. ar gach leibhéal le meabhruithe beaga rialta faoin méid a bheidh á bhaint amach ag an deireadh. Is féidir teacht ar na léachtóirí go han-éasca agus tá idir thaithí agus shaineolas acu ar na réimsí lena bhfuil siad ag obair; tabharfar moladh agus cothú duit ar gach céim den aistear."


 “Tá éirithe go han-mhaith leis na foirne spóirt le blianta beaga anuas. Tá cluichí ceannais na hÉireann buaite acu agus dea-cháil bainte amach don choláiste.”


“Is cúrsa iontach é an B.Eol. i Léann an Oideachais ina bhfoghlaimíonn mic léinn faoi gach gné den oideachas agus ina bhfaighidh siad socrúchán difriúil oibre gach bliain. Tugann sé bunús maith duit maidir le go leor deiseanna gairmiúla san oideachas.”



 “Ar an iomlán is coláiste iontach é Institiúid Oideachais Marino toisc go bhfuil líon beag mac léinn ann agus is cinnte go gcuirfidh tú aithne ar gach uile dhuine sula i bhfad.”


Ba í an rogha cheart dom an cháilíocht iarchéime sa Bhunmhúinteoireacht a dhéanamh in Institiúid Oideachais Marino toisc gur institiúid bheag í, rud a chiallaíonn nach amháin gur uimhir thú. Cuireann gach uile dhuine fáilte Uí Cheallaigh romhat agus cuireann tú an-aithne ar gach aon duine.


“Ba dhúshlánach agus ilchineálach an t-ualach oibre é, ach d’éirigh go geal linn a bhuí leis an tacaíocht a tugadh dúinn.”



“Bhain mé barrthaitneamh as an “eispéireas coláiste” ar bhonn acadúil agus sóisialta. Tá braistint láidir phobail laistigh d’Institiúid Oideachais Marino agus feictear í seo sa leibhéal ard idirghníomhaíochta idir mhic léinn agus sna cairdis bhuana a dhéanann na mic léinn eatarthu féin.”


“Bhí na ranganna an-idirghníomhach agus bhain mé idir thaitneamh agus thairbhe astu dá bharr. Ba thaithí luachmhar na socrúcháin scoile éagsúla a rinne mé mar gheall ar an tacaíocht a cuireadh ar fáil dúinn.”


 “Ar an iomlán, bhí am an-dearfach go deo agam i Marino, ina raibh atmaisféar oscailte croíúil moltach. Bhí an cúrsa lán le heispéiris agus dúshláin nua, rud a chabhraigh liom m’aisling a fhíorú.”



“Le linn dom an cúrsa iarchéime a dhéanamh, bhí an t-ádh liom go raibh tacaíocht ón gcoláiste mar aon le tacaíocht ó mo mhuintir agam. Tá mé thar a bheith buíoch as an treoir agus an tacaíocht a thug léachtóirí dúinn, léachtóirí a chuir aithne phearsanta orainn uilig; bhí mé in ann bualadh isteach ar aon léachtóir agus bhí siad sásta aghaidh a thabhairt ar aon cheist a bhí agam.”