Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Ag smaoineamh ar staidéar in IOM i mí Meán Fómhair? - Mol Eolais CAO

Táimid anseo chun freagra a thabhairt ar do cheisteanna ar fad. Má tá eolas uait faoinár lóistín fairsing ar an gcampas, nó ar chlubanna spóirt agus ceoil ar féidir leat páirt a imirt iontu agus tú i do mhac léinn anseo in IOM. Níl tú cinnte cad a bheidh romhat? Ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn. Táimid ann chun cabhrú leat!

Athrú Intinne CAO - an 7 Bealtaine (12:00 iarnóin) go dtí an 1 Iúil (17:00)
Téigh chuig suíomh CAO do thuilleadh eolais: https://www.cao.ie/?page=aboutCOM

_BAZ2473   MarinoTrad-11-(2)

MarinoSport-15   Apartment View

Staidéar

Más cúrsa B.Oid nó cúrsa B.Eol atá á staidéar agat, beidh an deis agat lántairbhe a bhaint as ár dtimpeallachtaí teagaisc agus foghlama inniúla chun na scileanna a bheidh riachtanach do do shaol agus do ghairm bheatha a bhaint amach.

Féach ar an Réamheolaire anseo. 

Codladh

Ag cur ceist faoi roghanna lóistín? Tá 316 seomra ar fáil ar an gcampas agus cuirtear sciar mór de na seomraí sin ar leataobh do mhic léinn sa chéad bhliain. Seomraí aonair iad formhór na seomraí atá againn agus tá a seomra folctha féin ag gach seomra, rud a thugann príobháideacht agus sábháilteacht dár mic léinn. Tá roinnt seomraí dhá leaba teoranta ar fáil chomh maith.

Do thuilleadh eolais ar na hárasáin ar an gcampas cliceáil anseo.  

Scoláireachtaí

Tá réimse de scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn sa chéad bhliain. Bronntar roinnt dóibh ar ghnóthachtáil acadúil, agus bronntar roinnt eile sa chatagóir spóirt agus obair dheonach.

Tá tuilleadh eolais ar na scoláireachtaí anseo. 

Tacaíocht

Príomhthosaíocht IOM ná tacaíocht do na mic léinn. Tá réimse de thachaíochtaí mic léinn ar fáil chun tacú leat agus tú mar mhac léinn anseo, ina n-áirítear comhairleoireacht, seirbhísí leighis, iasachtaí ríomhaire glúine agus níos mó.

Do thuilleadh eolais ar Sheirbhísí Tacaíochta do Mhic Léinn, féach ar an liosta iomlán anseo. 

Turas

Má ghabhann tú i dteagmháil linn go díreach is féidir linn turas den champas a eagrú duitse agus do chlann. 

Gabh i dteagmháil linn anseo chun turas den champas a eagrú.

Cas orainn

An bhfuil suim agat faoi shaol ar an gcampas? Féach ar chuntas Instagram MIE Campus Life anseo