Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Is Campas Glas muid in IOM!

I mí Feabhra 2022, chláraigh Institiúid Oideachais Marino le Cairt an Champais Ghlais, agus táimid ag obair anois i dtreo ár gcéad Ghradam Brat Glas. Tá cúnamh ag teastáil uainn ó phobal uile IOM leis na spriocanna atá againn le Bithéagsúlacht a mhéadú agus le Bruscar agus Dramhaíl a laghdú a bhaint amach.

Ag iarraidh cabhrú linn? Seol ríomhphost chuig [email protected] le clárú, nó coinnigh súil amach le haghaidh fógra don chéad chruinniú eile. De ghnáth, tagann muid le chéile uair amháin sa mhí ag am lóin Dé Céadaoin i M19.

Green Campus Launch Feb2023

Seachtain Ghlas IOM 2023

Seachtain-Ghlas-Marino

Lonraigh do Shaol i Mí na Samhna

light-up-your-life-november-2022

Ballraíocht na mac léinn ar An Taisce ar luach €2!

Tá An Taisce, an eagraíocht neamhrialtasach is sine in Éirinn, ag ofráil ballraíochta ar chostas laghdaithe do mhic léinn ar €2 (€60 de ghnáth). "We know it’s a tough time for many people, especially students, amid the spiralling cost of living. We also know students and young people are key to climate action and building a better future. They must be at the forefront of change. That’s why we’ve lowered the cost of student membership."

Is féidir eolas breise ar fháil anseo. In áireamh le buntáistí na ballraíochta ná:

  • Iontráil SAOR IN AISCE go réadmhaoin An Taisce agus iontráil laghdaithe go réadmhaoin éagsúla timpeall na hÉireann
  • Iontráil SAOR IN AISCE agus iontráil laghdaithe go réadmhaoin National Trust (An Taisce) timpeall an Domhain tríd an gclár www.into.org/places. Faoi láthair níl The National Trust of Northern Ireland san áireamh leis seo.
  • Rochtain ar ócáidí do bhaill amháin faoin timpeallacht, aeráid agus oidhreacht, mar aon le fóraim rialta Chomhairle An Taisce
  • Ceardlanna faoi phleanáil inbhuanaithe do do ghrúpa mac léin le saineolaithe An Taisce.
  • Deiseanna le hobair dheonach agus gníomhachas a dhéanamh ar Chomhairle An Taisce agus Cumainn áitiúla
  • Deiseanna le hionadaí mic léinn a thoghadh ar Chomhairle An Taisce
  • Nuachtlitir uair sa ráithe agus ábhair nuachta rialta
  • Rochtain ar chomhairle faoin timpeallacht, pleanáil agus oidhreacht ón shaineolaithe
  • Lascaine ó na siopaí Earthmother agus Reuzi, atá meabhrach ar an timpeallacht

null

Imeacht Chomhchoiste an Champais Ghlais agus na hÉagsúlachta

Ar an Déardaoin, 25 Samhain 2021, cuireadh fáilte roimh mhac léinn B.Ed.2, Darragh Domican, le labhairt leis an rang Oideachas d’Fhorbairt Inbhuanaithe (Bliain 2, Léann an Oideachais) faoina thionscnamh a rinne sé san Idirbhliain, a bhfuil duaiseanna buaite aige – ag cruthú scoil fhíorúil a ghlacann le Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuaithe an Aontais Eorpaigh, as úsáid Minecraft. Is féidir breathnú ar agus éisteacht le caint shuimiúil Dharragh anseo:

Is Campas Taisteal Cliste anois í Marino

Is campas Taisteal Níos Cliste (TNC) í Institiúid Oideachais Marino

Táimid an-sásta a bheith cláraithe leis an gCairt do Champas Taisteal Cliste ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

 

Tionsnaimh TNC nua atá ag IOM:

Comhpháirtithe agus Tionscnaimh Inbhuanaitheachta

Campas Taisteal Cliste ag an Údarás Náisiúnta Iompair

Faigh tuilleadh eolais anseo

Gradam an Champais Ghlas - An Taisce

Faigh tuilleadh eolais anseo