Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

MIE – timpeallacht taighde fhorásach

In MIE, léiríonn taighde agus foilseacháin na mball foirne an tiomantas atá ann d’aghaidh a thabhairt ar riachtanais oideachais. Ina measc, tá taighde agus scoláireacht bhunúsach, taighde bunaithe ar chleachtadh a dhéanamh i bhfianaise cúiseanna imní náisiúnta, acmhainní do mhúinteoirí a chur amach, agus aiseolas agus meastóireacht ar chúrsaí agus ar chláir a cheapadh. Bhí tionscadail le déanaí dírithe ar oideachas ionchuimsitheach, ar mhíbhuntáiste oideachasúil, ar riachtanais speisialta, ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach, ar oideachas múinteoirí agus ar shocrúchán scoile, ar eolas matamaitice le haghaidh teagaisc, agus tréithe oideachasóirí múinteoirí. Ar na réimsí taighde eile a ndearnadh plé orthu tá rannpháirtíocht tuismitheoirí, na luathbhlianta, Gaeilge, litríocht na bpáistí, creideamh, na hamharc-éalaíona, oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (nó SESE mar is fearr aithne air sa Bhéarla), corpoideachas, agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide san oideachas.

Tairseach chriticiúil a thógáil le haghaidh taighde den chéad scoth

Is institiúid teagaisc, foghlama agus taighde é MIE atá tiomanta d’ionchuimsitheacht agus do bharr feabhais san oideachais a chur chun cinn. Féachann MIE le bheith ina lárionad de thábhacht dhomhanda ó thaobh teagaisc agus taighde sa réimse oideachais de. Trí chomhobair agus trí theicneolaíocht, déanann MIE a teorainneacha tíreolaíocha a fhairsingiú chun fuinneamh a chruthú chun cláir nua nuálacha ardchaighdeáin a chur ar fáil. Tá MIE ag tógáil tairsí criticiúla le haghaidh taighde den chéad scoth i gcomhpháirt le daoine eile, agus cothóidh sí naisc idir ollscoileanna, scoileanna agus pobail a chuirfidh le feabhas agus le hathnuachan inbhuanaithe ar fud an chórais oideachais ar fad. Tá a tiomantas do bharr feabhais ó thaobh na smaointeoireachta agus an chleachta oideolaíoch i gcroílár a bhfuil ar siúl ag MIE.

Tá MIE tiomanta do chur leis an taighde ar theagasc agus ar fhoghlaim atá ann, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, a gcuirfidh cur chuige ildisciplíneach i gcomhar le daoine eile bonn faoi. Tá an fhoireann dírithe ar fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil na mac léinn a bhfuil an éagsúlacht ina measc ag dul i méid, agus deimhneoidh siad go mbeidh torthaí ardchaighdeáin, cruinneas acadúil agus léann mar bhonn agus taca le gach gné den teagasc, den fhoghlaim agus den mheasúnú.

gm sd research resized

Cuireann taighde bhreise le saineolas MIE ar réimse na hionchuimsitheachta le cláir oideachais a chur ar fáil a bhaineann comhionannas deise leo ó thaobh an mhíbhuntáiste shóisialta agus a thugann aghaidh ar dhúshláin an mhíbhuntáiste shóisialta.

Cabhraíonn na cláir le mic léinn tuiscint theoiriciúil agus feasacht chriticiúil a fháil ar shaincheisteanna an oideachais ionchuimsithigh, an oideachais idirchultúrtha agus an oideachais reiligiúnaigh. Cuireann MIE ar chumas a mac léinn taighde nua a dhéanamh sa réimse sin agus, mar gheall air sin, cur leis an léann náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá MIE tiomanta dá gcaidrimh le comhpháirtithe réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta a chothú agus a chur ar bhonn foirmiúil chun tionscadail, cláir agus tionscnaimh taighde suaitheanta de thábhacht dhomhanda a chruthú sna réimsí oideachais agus ionchuimsitheachta.