Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Fáilte

Fáilte romhat go dtí an leathanach a bhaineann leis na hEalaíontóirí Cónaithe, air a fhoghlaimeoidh tú níos mó maidir leis na tionscnaimh reatha agus na tionscnaimh atá caite, ceardlanna atá ag teacht agus na healaíontóirí iad féin.

Spreagtha ag priontaí an Bhlascaoid de chuid Marino Simonds-Gooding, ar crochadh ar chlé i Seomra 6.

Cruthaigh Colm Ó Foghlú, duine d’Ealaíontóirí Cónaithe Marino, i gcomhar le Eileen Keane Niland, suiteáil fuaime speisialta d’Oíche Chultúrtha. Tagann an ceol ó Shuantraí na hInine, píosa ceoil níos faide do cheolchoirm le consairtín, fidil, cruit agus téada.

Le rochtain a fháil ar an suiteáil fuaime speisialta d’Oíche Chultúrtha brúigh anseo.

MARIA SIMONDS-GOODING

maria-simonds-gooding

Aithnítear Maria Simonds-Gooding mar dhuine de phéintéirí agus de dhéantóirí prionta ó Éire is mó le rá ó na seascaidí ar aghaidh.

Tá a hobair, atá curtha ar taispeáint go hidirnáisiúnta, léirithe i mbailiúcháin phríomháideacha agus poiblí, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus Áras Meitreapholaiteach Nua-Eabhrac san áireamh.

Beirthe san India i 1939, rinne Maria Simonds-Gooding staidéar i gColáiste Náisiúnta Ealaíne, Baile Átha Cliath, Le Centre de Peinture, Bruxelles, Acadamh Ealaíne, Bath, ó 1962- 1968 agus tá sí ag cónaí agus ag obair i gCiarraí ó 1947. Toghadh í mar bhall de ‘Aosdána’ i 1981 and toghadh mar bhall iomlán den Acadamh Ibeirneach Ríoga í i 2012.

 "Simonds-Gooding’s work is in the best Modernist sense, reductivist. She deliberately absences the unnecessary and foregrounds only line and space to create essential worlds that are recognisable but not locatable.

And yet it is all about locale, though those locations can be in the Sinai Desert, New Mexico or Kerry – all expose the ancient negotiation between man and land and subsistence. If the cave drawings of Lascaux are about the hunter homo sapiens then Simonds-Gooding’s works are about subsistence farmers and the effect their toil has upon the land.

Simonds-Gooding’s fields, bound by walls or ditches, do not to signify proprietorial ownership but a place won back from the wild and untamed land that surrounds it. They are statements of defiance and endurance, places where a struggle against the elementals to eek a survivalist living has left its evidence.

 It is also about transcendence, her images touching something deep inside our collective unconsciousness. Her schema, elegant and beautiful, suggest an algebra of traces, specifically, mankind’s agrarian efforts in places remote and severe."

-  Patrick T. Murphy, Stiúrthóir Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA).

 

http://www.simonds-gooding.com

 

Arts-Council-LogoEalaíontóirí Cónaithe 2022 - 2023

Tacaíonn Cónaitheachtaí Daoine Óga, Páistí agus Oideachas (YPCE) ealaíontóirí nó eagraíochtaí ealaíne le bliain acadúil a chaitheamh i gcónaitheacht in Institiúid Ardoideachais a chuireann Oiliúint Tosaigh Múinteoirí ar fáil. Tá institiúidí a chuireann céim aitheanta san Oideachas Luath-Óige agus Cúraim san áireamh anois freisin.

Aidhm na gCónaitheachtaí ná:

·       Deiseanna a thabhairt d’ealaíontóirí a scileanna agus a dtaithí i suímh oideachais a fhorbairt, agus a n-obair ealaíonta a fhorbairt i dtimpeallacht chomhoibritheach agus thacúil

·       Deiseanna a thabhairt d’fhoireann teagaisc in Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus Oideachas Luath-Óige agus Cúraim obair le healaíontóirí le tionscnaimh chruthaitheacha, saincheaptha a chruthú le agus do na mic léinn; Ábhair oide agus cleachtóirí Luath-Óige a thacú le teagmháil a dhéanamh le healaíontóirí mar chuid dá dtaithí foghlama.

·       Tacaíocht a thabhairt d’ábhair oide agus cleachtóirí luath-oideachais a scileanna agus a muinín a fhorbairt le taithí ealaíne a éascú do na páistí sna scoileanna agus suímh ina mbeidh siad ag obair, agus leis na healaíona a thacú sna suímh seo.

I mbliana, 2023-2023, bhronn an Chomhairle Ealaíon maoiniú do dhá chónaitheacht ar Insititiúid Oideachais Marino. Táimid an-sásta fáilte a chur roimh na healaíontóirí cónaithe Colm Ó Foghlú agus Diffy Mooney-Sheppard, lena comhoibrí Darren Yorke, chuig Institiúid Oideachais Marino.

Colm Ó Foghlú

Colm-O-Foghlu

Chuaigh Colm Ó Foghlú, an cumadóir, stiúrthóir, scríbhneoir agus foilsitheoir, ar camchuairt tríd an Astráil, Eopaip, Áis agus Meirceá Thuaidh. Iar-stiúrthóir ar Riverdance, tá an iliomad léirithe agus albaim, a bhfuil duaiseanna buaite acu, cumtha, cóirithe agus léirithe aige.

Cuireadh premières dá cheoldrámaí Eoghainín na nÉan agus Íosagán, bunaithe ar scéalta de chuid P.H.Pearse, san Axis, Baile Átha Cliath. Rinne sé na ceoldrámaí a stiúradh agus chruthaigh sé samhlaoidí beoite dóibh. Chruthaigh Colm an cóiriú agus ceolfhoirniú don cheoldráma mór le rá Angela’s Ashes (Baile Átha Cliath, Luimneach, Béal Feirste Londan agus Nua-Eabhrac).

Mar chomh-stiúrthóir ar Ember Productions chruthaigh sé réimse de léiriúcháin mór le rá, Stones, Bones and Beckett i dTuama Pasáiste Neoiliteach Fhuarchnoic i gContae na Mí, Frozen Music i Mainistir Meánaosach Mhuire i mBaile Átha Cliath agus Scoring the Stone, coimisiún ón gComhdháil Seandálaíochta Domhanda, Baile Átha Cliath 2008. San áireamh sna coimisiúin eile ná Irish Thunder, Celtic Fyre (Busch Gardens), Aifreann na nAingeal (RTÉ), The Star of Bethlehem: A Christmas Oratorio (BAI/RTÉ) agus Inscribed, comhshaothar ceoil leis an bhfile Eavan Boland (Poetry Ireland).

Chomh maith lena obair mar chumadóir / léiritheoir, scríobh agus léirigh sé an gearrscannán Suanscéal agus ba láithreoir / eagarthóir / léiritheoir é don chlár teilifíse ocht-gcuid Pitch Perfect do TG4 agus Good Company Productions. Cuireann sé scripteanna ar fáil agus cumann sé ceol don tsraith Tír na nÓg do RTÉ.

Is céimí é Colm ó UCD, le M.A. i Léann na Drámaíochta agus na Taibhléirithe, agus d’éirigh leis céim a fháil le déanaí ó DCU, Coláiste Naomh Pádraig, le Máistreacht Ghairmiúil san Oideachais, áit a raibh sé ina ealaíontóir cónaithe ó 2019-2021.

Is ealaíontóir cónaithe é faoi láthair in Institiúid Oideachais Marino.

Seolfar a albam nua Returning/Filleadh ar an 27 Deireadh Fómhair 2022.

www.colmofoghlu.com