Comhdhálacha
Tá Láraonad Comhdhála Marino a bhfuil saoráidí den chéad scoth ann agus ar chuid é d’Institiúid Oideachais Marino, suite ar thailte Eastát an Tiarna Charlemont, suíomh an-speisialta. Tá an tseirbhís chairdiúil chabhrach ar comhchaighdeán leis na saoráidí.
Tá 20 seomra comhdhála agus cóisire ar fáil i Lárionad Comhdhála Marino (10 gcinn ar fáil le linn na bliana acadúla). Tá seomraí de mhéideanna éagsúla ann ó sheomraí ina bhfuil spás iontu do bheirt go seomraí ina bhfuil spás iontu do 400 toscaire. Is féidir na socruithe sa seomra a chur in oiriúint don imeacht lena n-áirítear gach riachtanas closamhairc. Tá gnéithe den scoth ionsuite i seomraí áirithe lena n-áirítear ríomhairí pearsanta, seinnteoirí DVD, scáileáin agus teilgeoirí. Tá Ionad Comhdhála Marino i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, áit an-áisiúil do chúrsaí oiliúna, d’imeachtaí agus do chruinnithe. Tá saoráidí páirceála saor in aisce ar fáil ar na tailte do suas le 150 carr.