Lónadóireacht
Tá dhá ionad bia agus deochanna ar an gcampas. Tá 200 suíochán inár bpríomhbhialann, Blasta, ina bhfuil rogha mhór á díol de sheirbhís tráidire. Tá siopa caife freisin i bhfoirgneamh Mhuire darb ainm an Cloister Café ina gcuirtear scoth-tháirge tae agus caife ar fáil.
Cuireann ár bhfoireann lónadóireachta seirbhís lónadóireachta iomlán ar fáil do gach aon riachtanas bia agus deochanna a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil lena n-áirítear bricfeasta, lón agus gach cineál sosa chomh maith le himeachtaí lóin agus oíche a mbeidh seirbhís ag an mbord ar fáil dóibh. D’fhéadfaí biachláir a cheapadh d’aon riachtanas ar leith.
Cuireann KSG Catering, ár gcomhlacht lónadóireachta ar an láthair, gach seirbhís lónadóireachta ar fáil.
An Cloister Café
Bíonn an Cloister Café ar oscailt ó 8.00 am go 4.30 pm, Luan go hAoine.
Tá caife Costa, ceapairí agus sneaiceanna ar fáil ann. Tá an caifé i bhfoirgneamh Mhuire.
Blasta – An Bhialann
Bíonn an bhialann ar oscailt ó 8.00 am go 2.00 pm gach lá.