EiTTT Ghníomhaíochta Foghlama sa Bheilg
Seo pictiúr de chomhpháirtithe an tionscadail EiTTT nuair a bhí siad in UCLL sa Bheilg le linn na chéad Ghníomhaíochta Foghlama den tionscadal a mhair seachtain. Chuir ár gcomhpháirtí Lijne Vloeberghs agus a comhghleacaithe i Roinn Oideachais na Múinteoirí in UCLL a léargas agus a dtaithí i láthair maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann le straitéis an Chomhtheagaisc in Oideachas Múinteoirí chun cleachtadh ionchuimsitheach a chur chun cinn i scoileanna. Ba sheachtain tháirgiúil thaitneamhach é de ghníomhaíochtaí praiticiúla, de chur i láthair, de sheimineáir, d’ionchur ó oideachasóirí múinteoirí agus ó mhúinteoirí áitiúla, de chuairteanna ar scoileanna agus de mhalartú cultúrtha. Ghlac léachtóirí MIE Claire Dunne agus Mairéad Minnock chomh mhaith le comhordaitheoir an tionscadail Anne Ryan páirt ann. Múinteoirí a Chumasú ó thaobh na hIonchuimsitheachta sa lá atá inniu ann agus don lá amárach (EITTT)