Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Suas le 20 scoláireacht ar luach €500 ar fáil sna cúig catagóir thíos:

  • Obair dheonach
  • Ealaíona agus Cultúr
  • Cur Chun Cinn na Gaeilge
  • Spórt
  • Gnóthachtáil Acadúla

Bronnfar na gradaim in IOM i mí na Samhna/Nollag agus cuirfear cuireadh chuig baill teaghlaigh agus ionadaithe ó mheánscoil an mhic léinn.

Níl ach mic léinn fochéimithe atá ag dul tríd scéim An LárOifig Iontrála (CAO) incháilithe do na gradaim seo.

Critéir agus Próiseas Iarratais do Ghradaim:

I ngach cás, is é uasmhéid an ghradaim ná €500. Déanfaidh painéal roghnúcháin cinneadh ar bhronnadh na scoláireachtaí. Cé go ndéanfar iarracht scoláireachtaí a bhronnadh i ngach catagóir, déanfaidh an painéal roghnúcháin cinneadh ar an mbealach is fearr chun na scoláireachtaí a bhronnadh trasna na cúig chatagóir. Ba chóir iarratais a chur (más gá) chuig [email protected] roimh 5.00i.n. ar 8 Deireadh Fómhair 2021.

Obair Dheonach

  • Iarratas don ghradam faoi 5.00 i.n. 8 Deireadh Fómhair de bhliain iontrála
  • Ráiteas pearsanta (uasmhéid 500 focal) faoin chúnamh tugtha tríd obair dheonach
  • Teistiméireacht ó bheirt atá in ann an obair dheonach a dhearbhú
  • Na híosriachtanais iontrála a shásamh
  • Na pointí iontrála a fháil
  • Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearliosta a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.

Ealaíona agus Cultúr

  • Iarratas don ghradam faoi 5.00 i.n. 8 Deireadh Fómhair de bhliain iontrála
  • Punann anótáilte d’obair a léiríonn gaiscí sna healaíona (is féidir leis a bheith i bhfoirm físe, na hamharc-ealaíona, grainghraif, taifeadtaí fuaime agus meáin eile atá oiriúnach.
  • Ráiteas pearsanta (uasmhéid 500 focal) a léiríonn gaiscí sna healaíona
  • Teistiméireacht ó bheirt atá in ann an obair atá déanta a dhearbhú
  • Na híosriachtanais iontrála a shásamh
  • Na pointí iontrála a fháil
  • Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearliosta a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.

Cur Chun Cinn na Gaeilge

  • Iarratas don ghradam faoi 8 Deireadh Fómhair de bhliain iontrála
  • Ráiteas a chur ar fáil (uasmhéid 500 focal) a dhéanann mionchur síos ar a bhfuil déanta
  • Cruthaithe go raibh an mac léinn gníomhach I gcur chun cinn na Gaeilge sa scoil nó sa phobal
  • Teistiméireacht ó mhúinteoir nó duine dá lucht aitheantais faoin ngaisce atá déanta
  • Na híosriachtanais iontrála a shásamh
  • Na pointí iontrála a fháil
  • Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearliostú a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.

Spórt

  • Iarratas don ghradam faoi 8 Deireadh Fómhair de bhliain iontrála
  • Cruthú ag ardleibhéal i spórt (M.sh leibhéal contae na mionúr sa CLG, ag déanamh ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag leibhéal sóisearach i spórt, srl.)
  • Ráiteas pearsanta faoi na gaiscí spóirt go dtí seo agus pleananna don todhchaí
  • Gealltanas chun spóirt a imirt in IOM
  • Na híosriachtanais iontrála a shásamh
  • Na pointí iontrála a fháil
  • Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearliosta a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.

Gnóthachtáil Acadúla

  • Níl iarratas ag teastáil
  • Bronnfar an gradam ar roinnt mic léinn a bhfuil na pointí is airde acu.

Scoláireachtaí/Sparánachtaí eile ar fáil

Le haghaidh tuilleadh eolais ar scoláireachtaí maidir le Foghlaim Oscailte, cliceáil anseo le do thoil.

Le haghaidh treorach ar Sparánacht ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí’ 1916 cliceáil anseo le do thoil.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar scoláireachtaí Uversity do mhic léinn lánfhásta gabh chuig www.uversity.org Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais ná 30ú Aibreán 2021.