Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Sonraí Oscailte an Champais

Tá tús curtha ag IOM, ar bhonn céimnithe, le hathoscailt an champais le haghaidh baill foirne agus mic léinn. Tá sé seo á dhéanamh i gcomhréir le Treoirlínte FSS agus tá bearta maidir le sláinteachas láimhe, béasa casachta, scaradh fisiciúil agus bearta eile i bhfeidhm.

Ar an leathanach seo tá eolas úsáideach faoi na bearta rialaithe atá i bhfeidhm chun mic léinn agus baill foirne a chosaint. Mar chuid den eolas sin tá físeáin, sainmhínithe a bhaineann le Covid, agus roinnt sreabhchairteanna. Beidh na cláir is déanaí ann freisin.

Féach thíos an comhfhreagras is déanaí a seoladh chuig mic léinn maidir le filleadh ar an gcampas i mí Eanáir 2021. Seoladh amchláir ranga chuig mic léinn agus tá siad sin le feiceáil agus le híoslódáil ag bun an leathanaigh seo.

pdf_109                                       pdf_109                             pdf_109

Student Update 26.08.21                 Féilire 2021/22                Féilire PDE-FE / IFP/ MES Courses 2021/22

Leanfar den eolas seo a nuashonrú i bhfianaise na comhairle sláinte poiblí.

Féach https://www.who.int/emergencies/diseases/novel-coronavirus-2019/advice-for-public/when-and-how-to-use-masks  agus https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/face-masks-disposable-gloves.html#not-wear chun treoirlínte agus treoracha a fháil i dtaca le maisc aghaidhe a roghnú agus a chaitheamh.

Lean ort de bheith ag tabhairt aire duit féin agus do do shláinte, agus déan an scaradh fisiciúil a chleachtadh nuair is féidir chun cosc a chur le scaipeadh an víris i measc an phobail.

Is ceart do bhaill foirne, mic léinn agus mic léinn féideartha a ríomhphoist a sheiceáil chun aon sonraí breise a fháil maidir le filleadh ar an staidéar i mí Mheán Fómhair.

Cliaint chomhdhála nó aon duine eile a bhaineann úsáid as ár gcampas, féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh le services@mie.ie chun tuilleadh eolais a fháil.