Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Suíomh

Táimid ar Ascaill Uí Ghríofa i mBaile Átha Cliath 9.

Cliceáil anseo chun breathnú ar léarscáil – nó bain úsáid as Google Maps

Treoracha tiomána:

Ón M50 -

Tar éis Droichead Dola an Naisc Thiar ar an M50, téigh ar aghaidh i dtreo an Aerfoirt. Glac an tríú bealach amach ar an M1. Lean ar aghaidh ar an M1 i dtreo lár na cathrach agus i ndiaidh an Óstáin Regency (ar thaobh do láimhe clé) glac an chéad chasadh ar chlé go hAscaill Uí Ghríofa. Gabh ar chlé ag an gceathrú sraith de shoilse tráchta isteach go hEastát Charlemont agus beidh an bealach isteach go hInstitiúid Oideachais Marino ar thaobh do láimhe deise.

Ó Aerfort Bhaile Átha Cliath –

Ag an Aerfort, gabh an M1 ó dheas i dtreo lár na cathrach. Ná gabh an Tollán. Tiomáin ar an M1 i dtreo lár na cathrach agus i ndiaidh an Óstáin Regency (ar thaobh do láimhe clé) glac an chéad chasadh ar chlé go hAscaill Uí Ghríofa. Gabh ar chlé ag an gceathrú sraith de shoilse tráchta isteach go hEastát Charlemont agus beidh an bealach isteach go hInstitiúid Oideachais Marino ar thaobh do láimhe deise.

Ó lár chathair Bhaile Átha Cliath –

Ó bharr Shráid Uí Chonaill, tiomáin thar Chearnóg Parnell go Bóthar Dhroim Conrach.

Lean na comharthaí don Aerfort.

Tar éis Óstán Skylon (ar thaobh na láimhe clé), gabh ar dheis ag an gcéad chrosbhóthar mór ar Ascaill Uí Ghríofa. Gabh ar chlé ag an gceathrú sraith de shoilse tráchta isteach go hEastát Charlemont agus beidh an bealach isteach go hInstitiúid Oideachais Marino ar thaobh do láimhe deise.

Iompar Poiblí go/ó lár na cathrach:

Dhá Sheirbhís bhus áisiúla

an bus 123 – a théann ó Ascaill Uí Ghríofa go lár na cathrach. Is é an stad bus is cóngaraí ná an stad ar Ascaill Uí Ghríofa ar an taobh eile den bhóthar, ar thaobh na láimhe clé de gheataí Charlemont. Ag filleadh ó lár na cathrach, tá na stadanna bus cuí le fáil ag Faiche an Choláiste, Sráid Uí Chonaill Uachtarach (Lasmuigh de Cheannoifig Bhus Átha Cliath) agus Sráid Parnell.

— an bus N2 — a théann ó Stáisiún Chluain Tarbh go Stáisiún Heuston. Is é an stad bus is cóngaraí ná an stad ar Ascaill Uí Ghríofa ar an taobh eile den bhóthar, ar thaobh na láimhe clé de gheataí Charlemont (an áit chéanna le stad bus 123). Bíonn an bus i mbun seirbhíse fad Ascaill Uí Ghríofa agus stopann sé ag Stáisiún Heuston.

Ó Stáisiún Heuston – tóg an N2 díreach ó Stáisiún Heuston go hInstitiúid Oideachais Marino. Is féidir leat an Luas a thógáil chomh maith go Sráid na Mainistreach, agus díreach taobh amuigh de Cheannoifig Bhus Átha Cliath, tá an stad bus 123 ar Shráid Uí Chonaill, a théann díreach chuig Institiúid Oideachais Marino. Ní thógann an turas níos mó ná 20 nóiméad, de ghnáth.

Ó Stáisiún Uí Chonghaile – d’fhéadfá an Dart a thógáil go stáisiún Bhóthar Chluain Tarbh, agus an bus N2 a thógáil díreach ón stáisiún go Marino. Mar rogha air sin más maith leat siúl, d’fhéadfá dul ar chlé ón stáisiún agus ansin ar dheis suas Bóthar Mhullach Íde, agus casadh ar chlé ar Ascaill Uí Ghríofa. Tá Institiúid Oideachais Marino thart ar cúig nóiméad déag de shiúlóid uaidh sin. Mar mhalairt air sin arís, ritheann na busanna seo a leanas go han-rialta ó Stáisiún Uí Chonghaile — 14, 15, 27, 27A, 27B, 42 agus 43. Tugann siad seo thú trí Bhóthar Mhullach Íde, agus is siúlóid ghearr atá ann ansin síos Ascaill Uí Ghríofa, go hInstitiúid Oideachais Marino.

Ó Aerfort Bhaile Átha Cliath –Téann busanna 41 & 41B go lár na cathrach ón aerfort trí Bhóthar Shoird. Tar den bhus ag Óstán Regency, siúl síos Bóthar Shoird, glac an chéad chasadh eile ar chlé go hAscaill Uí Ghríofa. Lean ar aghaidh go dtí go sroicheann tú Eastát Charlemont, gabh ar chlé agus beidh Institiúid Oideachais Marino ar thaobh na láimhe deise. Ba cheart nach mó an siúlóid ná deich nóiméad ó stad an bhus.

N2-123_Gaeilge

Leasaíodh an íomhá thuas ón bpleanálaí turais TFI chun busbhealaigh an 123 agus an N2 a chónascadh. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi stadanna bus agus turais, téigh chuig: https://journeyplanner.transportforireland.ie/departures?language=en