Tá suas le 20 scoláireacht curtha ar fáil dar luach €500 an ceann sna cúig réimse seo a leanas:
- Obair Dheonach
- Na hEalaíona agus Cultúr
- Cur Chun Cinn na Gaeilge
- Spórt
- Gnóthachtáil Acadúil
Bronnfar na gradaim in IOM ag bronnadh i Mí na Samhna/ Mí na Nollag agus cuirfear fáilte roimh bhaill clainne na mac léinn ag an ócáid.
Tabhairt do d’aire, is do mhic léinn foghcéime nua sa chéad bhliain a thagann isteach tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) na scoláireachtaí.
Critéir agus Próiseas Iarratais do na Gradaim:
Tá luach €500 ag gach scoláireacht. Déanfaidh painéal roghnúcháin an cinneadh cé ar a bhronnfar na scoláireachtaí. Cé go ndéanfar gach iarracht gradaim a bhronnadh i ngach catagóir, déanfaidh an painéal roghnúchán an cinneadh conas is fearr an chúig scoláireacht a bhronnadh thar an 5 chatagóir. Ba cheart na hiarratais (nuair is cuí) a sheoladh chuig [email protected] 5.00 in ar an 26 Meán Fómhair 2025.
Obair Dheonach
- Iarratas don ghradam le haighniú roimh 5.00 in ar an 26 Meán Fómhair 2025
- Ráiteas pearsanta (1,500 focal ar a mhéad) faon obair dheonach atá déanta agat
- Teistiméireacht ó bheirt a dhearbhóidh an obair a rinne tú
- Riachtanais an chúrsa a shásamh
- Na pointí iontrála atá ag teastáil a fháil
- Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearrliostú a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.
Na hEalaíona agus Cultúr
- Iarratas don ghradam le haighniú roimh 5.00 in ar an 26 Meán Fómhair 2025
- Punann anótáilte de d’obair, ag léiriú do ghaiscí san ealaíon (físeán / amharcealaíon / pictiúir / taifeadadh fuaime / nó meáin eile)
- Ráiteas (500 focal ar a mhéad) faoi na gaiscí atá déanta agat sna healaíona
- Teistiméireacht ó bheirt a dhearbhóidh an obair a rinne tú
- Riachtanais an chúrsa a shásamh
- Na pointí iontrála atá ag teastáil a fháil
- Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearrliostú a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.
Cur Chun Cinn na Gaeilge
- Iarratas don ghradam faoi 5.00 in ar an 26 Meán Fómhair 2025 de bhliain iontrála
- Ráiteas a chur ar fáil (uasmhéid 500 focal) a dhéanann mionchur síos ar a bhfuil déanta
- Cruthaithe go raibh an mac léinn gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa scoil nó sa phobal
- Teistiméireacht ó mhúinteoir nó duine dá lucht aitheantais faoin ngaisce atá déanta
- Na híosriachtanais iontrála a shásamh
- Na pointí iontrála a fháil
- Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearrliostú a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.
Spórt
- Iarratas don ghradam le haighniú roimh 5.00 in ar an 26 Meán Fómhair 2025
- Imirt ag ard-leibhéal sa spórt roghnach (m.sh. imreoir mionúir ag leibhéal an Chontae CLG, ionadaíocht d’Éire ag leibhéil sóisearach i spórt, &rl.)
- Ráiteas pearsanta faoi na gaiscí spóirt do dtí seo agus pleananna sa todhchaí
- Gealltanas spórt a imirt in IOM
- Riachtanais an chúrsa a shásamh
- Na pointí iontrála atá ag teastáil a fháil
- Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearrliostú a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.
Gnóthachtáil Acadúil
- Ní gá le hiarratas
- Bronnfar ar mhic léinn leis na pointí iontrála is airde.
Scoláireachtaí / Sparánachtaí Eile
Le heolas a fháil ar scoláireachtaí a bhaineann le Foghlaim Oscailte, brúigh anseo.
Le treoir a fháil ar an sparánacht ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí 1916’ brúigh anseo.
Le heolas a fháil ar scoláireachtaí ollscoile d’Fhoghlaimeoirí Aosta, féach www.uversity.org.