Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Tá suas le 20 scoláireacht curtha ar fáil dar luach €500 an ceann sna cúig réimse seo a leanas:

  • Obair Dheonach
  • Na hEalaíona agus Cultúr
  • Cur Chun Cinn na Gaeilge
  • Spórt
  • Gnóthachtáil Acadúil

 

Bronnfar na gradaim in IOM ag bronnadh i Mí na Samhna/ Mí na Nollag. Cuirfear fáilte roimh bhaill clainne agus roimh ionadaithe ó mheánscoileanna na mac léinn.

Tabhairt do d’aire, is do mhic léinn foghcéime nua sa chéad bhliain a thagann isteach tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) na scoláireachtaí.

Critéir agus Próiseas Iarratais do na Gradaim:

Tá luach €500 ag gach scoláireacht. Déanfaidh painéal roghnúcháin an cinneadh cé ar a bhronnfar na scoláireachtaí. Cé go ndéanfar gach iarracht gradaim a bhronnadh i ngach catagóir, déanfaidh an painéal roghnúchán an cinneadh conas is fearr an chúig scoláireacht a bhronnadh thar an 5 chatagóir. Ba cheart na hiarratais (nuair is cuí) a sheoladh chuig [email protected]roimh 5in 29/09/2023.

Obair Dheonach

  • Iarratas don ghradam le haighniú roimh 5in 29/09/2023
  • Ráiteas pearsanta (1,500 focal ar a mhéad) faon obair dheonach atá déanta agat
  • Teistiméireacht ó bheirt a dhearbhóidh an obair a rinne tú
  • Riachtanais an chúrsa a shásamh
  • Na pointí iontrála atá ag teastáil a fháil
  • Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearrliostú a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.

Na hEalaíona agus Cultúr

  • Iarratas don ghradam le haighniú roimh 5in 29/09/2023
  • Punann anótáilte de d’obair, ag léiriú do ghaiscí san ealaíon (físeán / amharcealaíon / pictiúir / taifeadadh fuaime / nó meáin eile)
  • Ráiteas (500 focal ar a mhéad) faoi na gaiscí atá déanta agat sna healaíona
  • Teistiméireacht ó bheirt a dhearbhóidh an obair a rinne tú
  • Riachtanais an chúrsa a shásamh
  • Na pointí iontrála atá ag teastáil a fháil
  • Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearrliostú a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.

Cur Chun Cinn na Gaeilge

  • Iarratas don ghradam faoi 29 Meán Fómhair de bhliain iontrála
  • Ráiteas a chur ar fáil (uasmhéid 500 focal) a dhéanann mionchur síos ar a bhfuil déanta
  • Cruthaithe go raibh an mac léinn gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa scoil nó sa phobal
  • Teistiméireacht ó mhúinteoir nó duine dá lucht aitheantais faoin ngaisce atá déanta
  • Na híosriachtanais iontrála a shásamh
  • Na pointí iontrála a fháil
  • Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearrliostú a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.

Spórt

  1. Iarratas don ghradam le haighniú roimh 5in 29/09/2023
  2. Imirt ag ard-leibhéal sa spórt roghnach (m.sh. imreoir mionúir ag leibhéal an Chontae CLG, ionadaíocht d’Éire ag leibhéil sóisearach i spórt, &rl.)
  3. Ráiteas pearsanta faoi  na gaiscí spóirt do dtí seo agus pleananna sa todhchaí
  4. Gealltanas spórt a imirt in IOM
  5. Riachtanais an chúrsa a shásamh
  6. Na pointí iontrála atá ag teastáil a fháil
  7. Bainfear úsáid as na critéir thuas chun gearrliostú a dhéanamh ar iarrthóirí. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí freastal ar agallamh.

Gnóthachtáil Acadúil

  • Ní gá le hiarratas
  • Bronnfar ar mhic léinn leis na pointí iontrála is airde.

Scoláireachtaí / Sparánachtaí Eile

Le heolas a fháil ar scoláireachtaí a bhaineann le Foghlaim Oscailte, brúigh anseo.

Le treoir a fháil ar an sparánacht ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí 1916’ brúigh anseo.

Le heolas a fháil ar scoláireachtaí ollscoile d’Fhoghlaimeoirí Aosta, féach www.uversity.org