Scéim Iasachta TFC Ríomhairí Glúine

Scéim Iasachta Ríomhairí Glúine – Iarratais Oscailte

I 2020, mar chuid den phacáiste tacaíochta COVID-19 d’Institiúidí Ardoideachais agus Breisoideachais ón Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais, Oiliúna agus Fostaíochta, cuireadh deontas aon uaire COVID-19 ar fáil le  tacaíocht a thabhairt do mhic léinn ata faoi mhíbhuntáiste san earnáil Ardoideachais  le rochtain a fháil ar ghléasanna TFC. Bhain Institiúid Oideachais Marino úsáid as an deontas seo le ríomhairí glúine a cheannach, le gur féidir le mic léinn ríomhaire glúine a fháil ar iasacht le cabhrú lena staidéir. Tabhair do d’aire nach bhfuil gealltanas ann go bhfaighidh mac léinn a dhéanann iarratas do ríomhaire glúine ceann, fiú má chomhlíonann siad na critéir.

 

Tá mic léinn lánaimseartha agus páirtaimseartha incháilithe (fochéim agus iarchéim) le hiarratas a dhéanamh faoin scéim seo. Clúdaíonn an deontas mic léinn atá ag tosú sa chéad bhliain agus mic léinn atá ar an gcúrsa cheana féin. Ní chuirtear mic léinn idirnáisiúnta a íocann táillí, nach dtagann ón Aontas Eorpach, san áireamh do thacaíochtaí faoin scéim seo.

 

Tabharfar tosaíocht do na catagóirí thíos. Má tá ríomhairí breise fágtha nuair a chuirtear na hiarratasóirí ar fad san áireamh, cuirfear mic léinn eile san áireamh don scéim (m.sh. mic léinn a thagann ó theaghlaigh ina bhfuil a gcúinsí airgeadais athraithe mar gheall ar an bPaindéim).

 

Má tá eolas breise uait nó má tá aon cheist agat, déan teagmháil ag [email protected]

Le go mbeidh mic léinn incháilithe don scéim, is gá dóibh:

  • Deontas SUSI nó le leas sóisialta trí thástáil acmhainne

  • Agus tabharfar tosaíocht do mhic léinn ó spriocghrúpaí aitheanta faoin bPlean Gníomhaíochta Straitéiseach Um Chothromas Rochtana, Rannpháirtíocht agus Rath San Ardoideachas 2015-2021, mar atá leagtha amach thíos:

    • Mic léinn atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch
    • Mic léinn atá lánfhásta agus nach bhfuair rochtain ar ardoideachas riamh roimhe seo
    • Mic léinn atá faoi mhíchumas, míchumais intleachta san áireamh.
    • Mic léinn foghlama páirtaimseartha/solúbtha
    • Mic léinn le cáilíocht sa Bhreisoideachas
    • Mic léinn ar baill iad de phobail Lucht Siúil na hÉireann agus na Romach.
    • Mic léinn ar tuismitheoirí aonair nó tuismitheoirí sna déaga iad
    • Mic léinn ar baill iad de mhionlaigh eitneacha

Le hiarratas a dhéanamh d’iasacht ríomhaire glúine líon an fhoirm iarratais ar an leathanach seo: https://forms.office.com/r/gZwJB6REkM

Má tá eolas breise uait nó má tá aon cheist agat, déan teagmháil ar 01 8057752 nó [email protected]