Seirbhís Sláinte do Mhic Léinn
Cuireann Institiúid Oideachais Marino seirbhís sláinte ar fáil do mhic léinn trí Ionad Míochaine Fhionnradhairc (nó Fairview Medical Centre mar is fearr aithne air sa Bhéarla). Tá an tIonad faoi fhad siúl den Institiúid (thart ar 15 nóiméad) agus tá sonraí na seirbhíse anseo: http://dublinfamilydoctor.com/. Is féidir le mic léinn tuilleadh eolais ar an tseirbhís a fháil sna bileoga eolais i limistéar an Chláraitheora ar Moodle.