Baitsiléir san Eolaíocht (Oideachas Luath-Óige )

Eolas Ginearálta

Cód CAO

CM020

Pointí Iontrála CAO

Pointí 2025: 346 pointe

Pointí 2024: 336 pointe

Leibhéal Gradaim de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí

Leibhéal 8

Foras Cáiliúcháin

Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath

ECTS

240 ECTS

Fad an Chúrsa

4 bliana lánaimseartha

Modh Seachadta

Ar an gcampas

Riachtanas Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána

Eolas faoi Shocrúchán ar an gClár

3 seachtaine i mbliain 1, seimeastar 2

3 seachtaine i mbliain 2, seimeastar 2

3 seachtaine i mbliain 3, seimeastar 2

9 seachtaine i mbliain 4, seimeastar 2

Creidiúnú Gairmiúil

Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais

Céad Dáta Tosaithe Eile

Meán Fómhair 2026

Incháilithe do Thionscnamh na dTáillí Saor in Aisce

Níl

Tabhair faoi deara: Cúrsaí féinmhaoinithe iad na Cúrsaí Baitsiléara IOM san Eolaíocht agus ní cháilíonn siad don Tionscnaimh Saor ó Tháillí. Tá costas €3,000 ar tháillí teagaisc 2025-2026 do na mic léinn ar na cúrsaí Baitsiléara san Eolaíocht tráth a foilsíodh an leathanach seo. Ní hionann na táillí sin agus gnáththáille ranníochaíochta an mhic léinn. Gabh i dteagmháil leis an Instititiúid go díreach chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na táillí do chúrsaí 2026-2027.

Eolas d'aon mhac léinn ar na cúrsaí Baitsiléara san Eolaíocht ag fáil deontas SUSI táillí theagaisc amháin (.i. áit nach bhfuil gné cothabhála le híoc le mic léinn): bígí ar an eolas go gcuirfidh SUSI 50% amháin de chostas táillí teagaisc do na mic léinn seo agus go mbeidh ar mhic léinn an chuid eile de na táillí a íoc. Sa bhliain 2025-26 €1,500 a bhí ar an chuid seo san iomlán.

Faoi láthair cuireann SUSI 100% de chostas táillí teagaisc d'aon mhac léinn ag fáil deontas SUSI ina n-áirítear íocaíocht chothabhála don mhac léinn.

 

Forléargas ar an gClár

Tá tionchar ollmhór ag an gcaighdeán oideachais agus cúraim a fhaigheann páistí i luathbhlianta an tsaoil ar an oideachas agus áthas a leanann é. Ar mhaithe le cur leis an soláthar cúrsaí d’oiliúnú cleachtóirí luath-óige, is cúis áthais d’Institiúid Oideacais Marino an chéim nua leibhéal 8 a chur ar fáil, céim a dtugann Coláiste na Tríonóide creidiúnú dó. Reachtáiltear an cúrsa ar bhonn solúbtha, rud a mheallfaidh daoine ar mhaith leo obair sa ghort seo agus daoine  a bhfuil fostaíocht acu ann cheana féin ann.  

 

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Déanfaidh mic léinn staidéar ar réimse cúrsaí le cabhrú leo éirí ina gcleachtóirí eolasacha, tiomnaithe luath-óige . I measc na gcúrsaí seo tá, síceolaíocht an linbh, spraoi, an teanga agus litearthacht, foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán, cúram agus cosaint leanaí, na healaíona agus na luathbhlianta. Foghlaimeoidh tú faoi oideachasóirí a raibh tionchar acu ar pháistí óga, amhail Montessori, Froebel agus Vygotsky. Foghlaimeoidh tú faoin gclár Aistear agus tabharfaidh tú faoi shocrúcháin i réimse socrúcháin luath-óige.

Bliain 1 - Seimeastar 1

  • Peirsciptíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Dearcthaí agus Spraoi (10 ECTS)
  • Socrúchán sa Réimse (5 ECTS)
  • Litearthachtaí sa Luath-Óige: Sealbhú Teanga (5 ECTS)
  • Oideolaíocht Oiliúnach: Scileanna sa Luath-Óige (5 ECTS)
  • Na Céadfaí á Múscailt: Cruthaitheacht agus na hAmharcealaíona

Bliain 1 - Seimeastar 2

  • Síceolaíocht agus Forás an Linbh (10 ECTS)
  • An Beartas agus Cleachtas is fearr ar Bhonn Idirnáisiúnta san Oideachas Luath-Óige (5 ECTS)
  • Scileanna Gluaiseachta a Fhorbairt trí Ghníomhaíochtaí agus Spraoi  (5 ECTS)
  • Bonnstaidéar sna riachtanais Oideachas Speisialta san Oideachas Luath-Óige (5 ECTS)  
  • Cúrsa Roghnach (5 ECTS)

Bliain 2 - Seimeastar 1

  • Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Múnlaí Curaclaim agus Measúnachta (10 ECTS)
  • Luathfheasacht Matamaitice (5 ECTS)
  • Oideachas Luath-Óige: Polasaí agus Cleachtas in Éirinn (5 ECTS)
  • Folláine agus Oideachas Sláinte sa Luath-Óige (5 ECTS)
  • Socrúchán sa Réimse (5 ECTS)

Bliain 2 - Seimeastar 2

  • An Óige a Thuiscint i gComhthéacs (10 ECTS)
  • Riachtanais Speisialta Oideachas (5 ECTS)
  • Ceol, Drámaíocht agus na hEalaíona Comhtháite (5 ECTS)
  • Ionchuimsitheacht agus Éagsúlacht Chultúrtha sna Luath-Óige (5 ECTS)
  • Cúrsa Roghnach (5 ECTS)

 Bliain 3 - Seimeastar 1

  • Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Idirghníomhuithe agus Caidrimh (10 ECTS)
  • Ionchuimsitheacht agus Cultúr: Féiniúlacht agus an Féin (5 ECTS)
  • Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe & Cúram Imshaoil (5 ECTS)
  • Socrúchán sa Réimse (5 ECTS)
  • Luathlitearthachtaí (5 ECTS)

Bliain 3 - Seimeastar 2

  • Constráidí na hÓige (10 ECTS)
  • Tírdhreach Inmheánach an Pháiste (5 ECTS)  
  • An Comhthéacs Dlíthiúil don Oideachas Luath-Óige (5 ECTS)
  • Togra Taighde (5 ECTS)
  • Cúrsa Roghnach (5 ECTS)

 Bliain 4 - Seimeastar 1

  • Tráchtas (20 ECTS)
  • Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Foghlaim trí Shúgradh 1 (5 ECTS)
  • Foghlaim Eagraíochtúla agus Scileanna 1 (5 ECTS)

Bliain 4 - Seimeastar 2

  • Socrúchán sa Réimse (20 ECTS)
  • Peirspictíocht Churaclaim agus Oideolaíoch: Foghlaim trí Shúgradh 2 (5 ECTS)
  • Foghlaim Eagraíochtúla agus Scileanna 2 (5 ECTS)

Cúrsaí Roghnacha (5 ECTS) i mbliain 1, 2 agus 3

Tabhair faoi deara: Ní chuirfear gach modúl roghnach ar fáil gach bliain

  • Cothú agus Bia Sláintiúil
  • Bainisteroireacht Airgeadais san Oideachas
  • Oideachas Luath-Óige  trí mheán na Gaeilge
  • Ceannaireacht: Teoiric agus Cleachtas
  • Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha san Oideachas Luath-Óige
  • Cumarsáid don Oideachas
  • Oideachas Iomlánaíoch i suíomhanna Luath-Óige
  • Cur Chuige Cearta-Bhunaithe i leith na Luath-Óige 

 

Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Beidh na scileanna agus an cumas ag céimithe an chláir seo obair i réimse  socrúcháin luath-óige.

Students71

Céard iad na roghanna eile staidéir atá ar fáil dom tar éis an clár seo?

Is féidir le céimithe an chláir ag leibhéal 8 leanúint ar aghaidh agus tuilleadh staidéir a dhéanamh ag leibhéal máistreachta san oideachas nó san oideachas luath-óige. Is féidir leo freisin iarratas a chur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), in Institiúid Oideachais Marino nó in áit eile. Library33

Íosriachtanais Iontrála

Riachtanais Ardteistiméireachta

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta

6

Íosmhéid ábhair ardleibhéil

2 (íosghráid H5)

Íosghráid in ábhair eile

H7/O6 i gceithre ábhar

Íosghráid sa Mhatamaitic

H7/O6

Íosghráid sa Bhéarla

H7/O6 

Íosghráid sa Ghaeilge

N/A

Íosghráid i dteanga eile (is féidir an Ghaeilge nó teanga eile a úsáid)

H7/O6

Íosriachtanais CAO

315 pointí

 

Riachtanais QQI

Glacfar le hiarratais ó mhic léinn a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha QQI (Leibhéal 5 agus Leibhéal 6) le pas le gradam i gcúig mhodúl ar a laghad, ar bhonn iomaíoch ar an gclár seo.

Liosta de na gradaim QQI a ghlacfar leo

 

Uasiontráil

Is féidir le mic léinn a bhain bliain nó níos mó amach i gcúrsa comhchosúil ag leibhéal céime cur isteach ar uasiontráil ar an gclár B.Eol. (Oideachas Luath-Óige). Tá líon teoranta áiteanna ar fáil agus ní mór d’iarratasóirí íosriachtanais uile an chláir a shásamh, chomh maith le tabhairt faoi agallamh. Déan teagmháil le [email protected] chun tuilleadh eolais a fháil.

 

Iarratasóirí Lánfhásta

Caithfidh iarratasóirí lánfhasta iarratais a bheith istigh acu tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 5.15 i.n. ar an 1 Feabhra. Caithfidh mac léinn lánfhásta a bheith 23 bliain d’aois nó os a chionn ar 1 Eanáir na bliana ina bhfuil an mac léinn ag iarraidh an cúrsa a thosú. Osclaíonn na hiarratais d'iarratasóirí déanach ar an 5 Márta agus dúnann siad ar an 1 Bealtaine ag 5.15 i.n.

I lár mhí an Mhárta, cuirfidh Oifig Iontrálacha IOM ríomhphost chuig iarratasóirí lánfhásta. Aon iarratasóir atá ag iarraidh go ndéanfar measúnú ar a (h)iarratas mar iarratasóir lánfhasta, iarrfar air/uirthi “Foirm Iarratais Fhorlíontach” a chomhlíonadh agus a sheoladh isteach. Is é an spriocdháta le foirmeacha iarratas a bheith ar ais ná an 31 Márta. Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí a shásaíonn na riachtanais freastal ar agallamh mhic léinn lánfhásta. Tabhair faoi deara nach mór d'iarratasóirí na bunriachtanais a shásamh ar an gcúrsa CM020 le gur féidir tairiscint a dhéanamh dóibh.