Baitsiléir san Oideachas (B.Oid.)
Eolas Ginearálta
Cóid CAO
CM001
CM002 (Iarratasóir Gaeltachta)
Pointí Iontrála CAO 2025
CM001 - 473* pointe (473 pointe in 2024)
CM002 - 440 pointe (455 pointe in 2024)
*Ní fuair gach mac léinn a fuair 473 pointe tairiscint ar an gcúrsa
Leibhéal NFQ
Leibhéal 8
Foras Cáiliúcháin
Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath
ECTS
240 ECTS
Fad an Chúrsa
4 bliana lánaimseartha
Modh Seachadta
Ar an gcampas
Riachtanas Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána
Tá
Eolas faoi Shocrúchán ar an gClár
3 seachtaine i mbliain 1, seimeastar 2
3 seachtaine i mbliain 2, seimeastar 2
3 seachtaine i mbliain 3, seimeastar 2
10 seachtaine i mbliain 4, seimeastar 2
Creidiúnú Gairmiúil
An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bealach 1: Múinteoir Bunscoile
Cáilíocht Aitheanta Luath-Óige ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais
Céad Dáta Tosaithe Eile
Meán Fómhair 2026
Incháilithe do Thionscnamh na dTáillí Saor in Aisce
Tá
Forléargas ar an gClár
Ceann de na gairmeacha as a mbaineann tú an méid is mó taitnimh agus tairbhe ná nuair a bhíonn tú ag cabhrú leis an aos óg foghlaim. Tríd an gcúrsa Baitsiléara san Oideachas a roghnú, tá tú ag tosú amach ar chúrsa ceithre bliana ina n-ullmhófar thú le hobair a dhéanamh i mbunscoileanna na hÉireann. Gheobhaidh tú amach faoi na bealaí a bhfoghlaimíonn páistí conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh; foghlaimeoidh tú conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?
Le linn na gceithre bliana den chúrsa, foghlaimeoidh tú conas páistí idir 4 agus 12 bliana a mhúineadh. Sna modúil bhonnstaidéir, foghlaimeoidh tú conas a fhoghlaimíonn páistí, na toscaí a imríonn tionchar ar a bhfoghlaim agus an chaoi ar tháinig athrú ar ár dtuiscint air sin seo thar am. Faigh eolas breise ar na hábhair churaclaim agus foghlaim modhanna beachta maidir le hábhair uile na bunscoile a mhúineadh. Faigh taithí ar na dúshláin agus an sásamh a bhaineann leis an múinteoireacht tríd an socrúchán a dhéanamh i dtimpeallacht thacúil.
Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint a amach le tú a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phatrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Ta deis ann chomh maith staidéar a dhéanamh chun teastas a fháil sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.
Bliain 1 - Seimeastar 1
- Múineadh an Bhéarla/Múineadh na Gaeilge (5 ECTS)
- Teagasc & Foghlaim 1 (Garchleachtas) (5 ECTS)
- Oideachas Reiligiúnach (5 ECTS)
- Síceolaíocht (5 ECTS)
- Tuiscintí Stairiúla agus Fealsúnacha ar an Oideachas 1 (5 ECTS)
- Corpoideachas/OSPS (5 ECTS)
- Staidéir Ghairmiúla (SS) - modúl bliana
Bliain 1 - Seimeastar 2
- Socrúchán Scoile (Staidéir Ghairmiúla san áireamh) (10 ECTS)
- Teanga, Litearthacht & Litríocht (Béarla/Gaeilge) (5 ECTS)
- Múineadh na Matamaitice/OSIE (5 ECTS)
- Na hAmharcealaíona agus na hEalaíona (Ceol/Drámaíocht) (5 ECTS)
- Léann an Chomhionannais (5 ECTS)
Bliain 2 - Seimeastar 1
- Ionchuimsitheacht & Riachtanais Oideachas Speisialta 1 (5 ECTS)
- Corpoideachas/OSPS (5 ECTS)
- Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha & Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe (5 ECTS)
- Múineadh na Matamaitice/OSIE (5 ECTS)
- Curaclam & Measúnú/Síceolaíocht (5 ECTS)
- Béarla mar Theanga Bhreise/Teagasc Cruthaitheach Teanga (5 ECTS)
- Staidéir Ghairmiúla (SS) - modúl bliana
- Teastas Reiligiúin - cúrsa roghnach 2 bhliain, 0 ECTS
Bliain 2 - Seimeastar 2
- Socrúchán Scoile (Staidéir Ghairmiúla san áireamh) (10 ECTS)
- Drámaíocht & na hEalaíona (Amharcealaíona/Ceol) (5 ECTS)
- Múineadh an Bhéarla/Múineadh na Gaeilge (5 ECTS)
- Teanga, Litearthacht & Litríocht (Béarla/Gaeilge) (5 ECTS)
- Ionchuimsitheacht & Riachtanais Oideachas Speisialta 2 (5 ECTS)
Bliain 3 - Seimeastar 1
- Oideachas Litearthachta (Béarla) (5 ECTS)
- Ceol & na hEalaíona (Drámaíocht/Amharcealaíona) (5 ECTS)
- Socheolaíocht (5 ECTS)
- Oideachas Luathóige (5 ECTS)
- Cumas Cumarsáide sa Bhéarla/sa Ghaeilge (5 ECTS)
- Teagasc & Foghlaim 2/Bainisteoireacht Iompair (5 ECTS)
- Staidéir Ghairmiúla (SS) - modúl bliana
- Teastas Reiligiúin - cúrsa roghnach 2 bhliain, 0 ECTS
Bliain 3 - Seimeastar 2
- Socrúchán Scoile (Staidéir Ghairmiúl san áireamh) (10 ECTS)
- Matamaitic (5 ECTS)
- Múineadh na Matamaitice/OSIE (5 ECTS)
- Modhanna Taighde 1 (5 ECTS)
Bliain 4 - Seimeastar 1
- Modhanna Taighde/Tráchtas (10 ECTS)
- Múinteoir mar Ghairmí Eolach (Matamaitic) (5 ECTS)
- Tuiscintí Fealsúnacha & Stairiúla ar an Oideachas 2 (5 ECTS)
- OSIE - Fiosrúchan san Oideachas Eolaíochta (5 ECTS)
- Cúrsa Roghnach (5 ECTS)
- Teastas Ilchreidmheach - cúrsa roghnach, 0 ECTS
Cúrsaí Roghnacha - Bliain 4 (5 ECTS)
Tabhair faoi deara nach mbeidh gach modúl roghnach ar fáil in aon bhliain amháin
- Ag Cruthú Cultúr Léitheoireachta sa Seomra Ranga Bunscoile
- Teagasc Teangacha Cruthaitheach: Comhtheagasc agus Foghlam Comhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT)
- Spác chun Fás: Gairdíní scoile, Foghlaim Lasmuigh agus Oideachas le hAghaidh Inbhuanaitheachta
- An Domhan sa Seomra Ranga
- Ag Tacú le Foghlaimeoirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachas acu i ngach Suíomh Scoile
- Ag tacú le Luathlitearthacht i scoileanna "DEIS"
- Corpoideachas - Ionchuimsitheacht, Comhtháthú agus Nuálaíocht
- Ceannaireacht in Oideachas Ealaíne Bunscoile
Socrúchán Scoile
I gcaitheamh na gceithre bliana den chlar B.Oid., beidh réimse de thaithí socrúcháin agat. Beidh deiseanna agat socrúcháin a dhéanamh i scoileanna uirbeacha agus tuaithe, scoileanna aonghnéis agus scoileanna comhoideachais, suíomhanna ilghrádacha agus aonghrádacha, scoileanna le stádas faoi mhíbhuntáiste agus Gaelscoileanna nó Scoileanna Gaeltachta. Tabharfaidh tú faoi shocrúchán Oideachais Speisialta sa dara bliain den chlár freisin. Tugann sé seo seans duit taithí a fhail ar shaol na scoile i gcomhthéacsanna éagsúla.
An Ghaeltacht
Mar chuid den chlár B.Oid., ní mór duit am a chaitheamh, de ghnáth dhá choicís, sa Ghaeltacht chun eolas níos fearr a fháil ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach. Íocann mic léinn an táille seo caoldíreach leis an gColáiste Gaeltachta.
Déan íoslódáil ar na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht anseo.
Déan íoslódáil ar Ábhar Tacaíochta 1 agus Ábhar Tacaíochta 2 do na Tréimhsí sa Ghaeltacht anseo.

Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?
Faigheann formhór na gcéimithe ón gclár B.Oid. post mar bhunmhúinteoirí i bPoblacht na hÉireann. Imíonn roinnt díobh thar lear le Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise nó le múineadh i mbunscoil in áit eile. Ó am go chéile, oibríonn céimithe i réimsí nach mbaineann le cúrsaí oideachais, mar shampla sna meáin nó déanann siad taighde.
Céard iad na roghanna eile staidéir atá ar fáil dom tar éis an chláir seo?
Tar éis tamaill, tugann roinnt céimithe faoi staidear breise ag leibhéal dioplóma, máistreachta nó dochtúireachta. Leis an gcáilíocht bhreise seo, tá féidearthachtaí garimiúla eile ann a bheith i do cheannaire curaclaim i scoil, i do phríomhoide, i d’oideachasóir múinteoirí, i do shíceolaí oideachais nó i do chigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Íosriachtanais Iontrála
Riachtanais Ardteistiméireachta
Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta
6
Íosmhéid ábhair ardleibhéil
3 (H5 ar a laghad)
Íosghráid in ábhair eile
H7/O6 i dtrí ábhar
Íosghrád sa Mhatamaitic
H7/O4
Íosghrád sa Bhéarla
H7/O4
Íosghrád sa Ghaeilge
H4
Tuilleadh eolais faoi íosriachtanais iontrála agus bealach isteach tríd an Lár-Oifig Iontrála.
Iarratasóirí Lánfhásta
Má tá tú ag cur isteach iarratas lánfhásta do bhunmhúinteoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Institiúid Oideachais Marino, Coláiste Mhuire gan Smál nó Ollscoil Mhá Nuad: is gá duit iarratas a chur isteach tríd an CAO roimh 1 Feabhra ar 17.15in. I mí an Mhárta, cuirfear ríomhphost (chuig an gcuntas ríomhphoist atá cláraithe ag do chuntas CAO) chucu siúd atá incháilithe le treoracha maidir le foirm bhreise a chomhlíonadh agus a chur isteach. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an íosriachtanais agus an próiseas roghnaithe do mhic léin lánfhásta, mar atá leagtha síos ag Roinn and Oideachas agus Scileanna.
Uasiontráil
Ní cheadaítear uasiontráil ar an B.Oid nó ar an B.Oid trí Mheán na Gaeilge d'aon mhac léinn ach amháin i gcás mic léinn atá ag déanamh bunchéim bunmhúinteoireachta in Institiúid Ardoideachais eile in Éirinn atá ag iarraidh aistriú on Institiúid Ardoideachais sin go IOM chun an chéim a chríochnú. Beidh ar iarratasóírí den chineál seo na híosriachtanais a bhaineann le haistriú institiúide a chomhlíonadh mar atá leagtha síos i bpointe 7.1.11 den Pholasaí Iontrálacha, Rochtana agus Aistrithe. Ní cheadófar uasiontráil go haon bhliain seachas an chéad bhliain ar an gcéim bhunmhúinteoireachta do mhic léinn atá aon bhunchéim eile ar bun acu.