Baitsiléir san Eolaíocht (Léann an Oideachais)
Eolas Ginearálta
Cód CAO
CM010
Pointí Iontrála CAO
CAO 2025: 320 pointí
CAO 2024: 317 pointí
Leibhéal NFQ
Leibhéal 8
Foras Cáiliúcháin
Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath
ECTS
240 ECTS
Fad an Chúrsa
4 bliana lánaimseartha
Modh Seachadta
Ar an gcampas
Riachtanas Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána
Tá
Eolas faoi Shocrúchán ar an gClár
3 seachtaine i mbliain 1, seimeastar 2 (Suíomh Oideachais do Dhaoine Fásta)
3 seachtaine i mbliain 2, seimeastar 2 (Suíomh Oideachais d'Ógánaigh)
3 seachtaine i mbliain 3, seimeastar 2 (Suíomh Oideachais Luath-Óige)
Intéirneacht 8 seachtaine i mbliain 4, seimeastar 2
Creidiúnú Gairmiúil
Níl
Céad Dáta Tosaithe Eile
Meán Fómhair 2026
Incháilithe do Thionscnamh na dTáillí Saor in Aisce
Níl
Tabhair faoi deara: Cúrsaí féinmhaoinithe iad na Cúrsaí Baitsiléara IOM san Eolaíocht agus ní cháilíonn siad don Tionscnaimh Saor ó Tháillí. Tá costas €3,000 ar tháillí teagaisc 2025-2026 do na mic léinn ar na cúrsaí Baitsiléara san Eolaíocht tráth a foilsíodh an leathanach seo. Ní hionann na táillí sin agus gnáththáille ranníochaíochta an mhic léinn. Gabh i dteagmháil leis an Instititiúid go díreach chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na táillí do chúrsaí 2026-2027.
Eolas d'aon mhac léinn ar na cúrsaí Baitsiléara san Eolaíocht ag fáil deontas SUSI táillí theagaisc amháin (.i. áit nach bhfuil gné cothabhála le híoc le mic léinn): bígí ar an eolas go gcuirfidh SUSI 50% amháin de chostas táillí teagaisc do na mic léinn seo agus go mbeidh ar mhic léinn an chuid eile de na táillí a íoc. Sa bhliain 2025-26 €1,500 a bhí ar an chuid seo san iomlán.
Faoi láthair cuireann SUSI 100% de chostas táillí teagaisc d'aon mhac léinn ag fáil deontas SUSI ina n-áirítear íocaíocht chothabhála don mhac léinn.
Forléargas ar an gClár
Ar an gclár B.Eol i Léann an Oideachais déantar staidéar ar an oideachas mar réimse acadúil agus féachtar ar conas mar a fhoghlaimítear i gcéimeanna éagsúla den saol i réimse leathan suíomhanna. Dírítear ar thuiscint a fháil ar na gnéithe sóisialta, cultúrtha agus síceolaíochta den oideachas agus déantar cinnte go bhfaigheann mic léinn tuiscint ar an mbealach a chuimsíonn an t-oideachas an earnáil fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil. Mar chuid den chúrsa foghlaimíonn mic léinn faoin mbealach a bhfoghlaimíonn páistí, daoine óga agus daoine fásta agus foghlaimíonn siad faoin ról a bhíonn ag an oideachas sa tsochaí. I measc na príomhábhair ar an gcúrsa áirítear: síceolaíocht oideachasúil, beartas oideachasúil, ionchuimsitheacht agus riachtanais oideachas speisialta, oideachas idirchultúrtha agus úsáid na teicneolaíocht san fhoghlaim. Tá an céim bunaithe ar cheithre phríomhábhair atá mar bhunús den churaclam: Foghlaim fad saoil, beartas agus cleachtas, oideachas agus cultúr agus oideachas agus ceartas sóisialta.
Gné an-tábhachtach den chlár is ea an tsraith de shochrúcháin oibre a dhéantar gach bliain den chúrsa. Faigheann mic léinn taithí oibre le grúpaí éagsúla: páistí, déagóirí agus foghlaimeoirí fásta in eagraíochtaí pobal nó oideachasúla. Sa bhliain deireanach den chúrsa tugann mic léinn faoi intéirneacht níos faide agus faigheann siad an deis an t-eolas atá acu a úsáid i suíomh oideachais ceart.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?
I ngach bliain den chlár, foghlaimíonn mic léinn faoin gcomhionannas, ceartas sóisialta agus rochtain ar an oideachas. Moltar do mhic léinn smaoineamh ar conas mar a oibríonn córais oideachas. Tá gach ceann de na téamaí seo bunaithe ar na ceithre phríomhthéama den chlár - foghlaim fad saoil, beartas agus cleachtas, oideachas agus cultúr, oideachas agus ceartas sóisialta.
Bliain 1 - Seimeastar 1
- Bonnstaidéar san Oideachas (10 ECTS)
- Oideachas Aosach (5 ECTS)
- Ag Aistriú chuig an Ardoideachas (5 ECTS)
- An tOideachas agus na hEalaíona 1 (5 ECTS)
- Cumarsáid don Oideachas (5 ECTS)
Bliain 1 - Seimeastar 2
- Tús eolais ar an tSíceolaíocht (10 ECTS)
- Ceannaireacht Oideachasúil: Fothaca Cleachtais (5 ECTS)
- Riachtanais Speisialta Oideachas 1 (5 ECTS)
- Teicneolaíocht don Teagasc & Foghlaim 1 (5 ECTS)
- Socrúchán Oibre 1 (5 ECTS)
Bliain 2 - Seimeastar 1
- Riachtanais Speisialta Oideachas 2 (5 ECTS)
- Déagoideachas (5 ECTS)
- Oideachas Idirchultúrtha (5 ECTS)
- Oideachas Inbhuanaitheachta (5 ECTS)
- Oideachas & Cultúr - Litríocht (5 ECTS)
- Ceannaireacht Oideachasúil: Bainistíocht, Cuspóir agus Cleachtas (5 ECTS)
Bliain 2 - Seimeastar 2
- Ceisteanna Reatha san Oideachas, Polaitíocht agus an tSochaí (10 ECTS)
- Forbairt agus Ceapadh Curaclaim agus Cláir (10 ECTS)
- Oideachas Forbartha (5 ECTS)
- Socrúchán Oibre 2 (5 ECTS)
Bliain 3 - Seimeastar 1
- An tOideachas mar Shaoradh nó mar Dhaoradh (10 ECTS)
- An Óige (5 ECTS)
- Measúnú agus Meastóireacht (5 ECTS)
- Ceannaireacht Oideachasúil: Teagasc, Forbairt agus Atreorú (5 ECTS)
- Riachtanais Speisialta Oideachas 3 (5 ECTS)
Bliain 3 - Seimeastar 2
- Polasaí agus Cleachtas Oideachas na hÉireann a Thuiscint (10 ECTS)
- An tOideachas agus Spórt - Ionchuimsitheacht, Éagsúlacht agus Atreorú (5 ECTS)
- An Fhianaise san Oideachas (5 ECTS)
- Modhanna Taighde 1 (5 ECTS)
- Socrúchán Oibre 3 (5 ECTS)
Bliain 4 - Seimeastar 1
- Modhanna Taighde 2 (20 ECTS)
- Cultúir agus Inniúlachtaí san Ionad Oibre (5 ECTS)
- Staidéir Ghairmiúla (5 ECTS)
Bliain 4 - Seimeastar 2
- Intéirneacht (20 ECTS)
- An tOideachas Comparáideach (5 ECTS)
- Teicneolaíochtaí don Teagasc agud don Fhoghlaim 2 (5 ECTS)
- Tráchtas
Socrúchán Oibre
Is cuid lárnach de gach bliain é an socrúchán oibre. Is féidir leis an socrúchán seo a bheith ar siúl in ionaid oideachais, in eagrais neamhrialtasacha, in eagraíochtaí na n-ealaíon/ cultúir agus na meán, i gcláir um oideachas pobail, i gcláir atá á reáchtáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar aon le bheith in institiúidí foirmiúla oideachais idir an réamhscolaíocht, an tríú leibhéal agus an breisoideachas. Tugann gach mac léinn faoi intéirneacht sa bhliain dheireanach den chlár ina rogha suíomh oideachais.
Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?
Tugann an chéim sa B.Eol. i Léann an Oideachais scileanna agus cumais duit a bheidh úsáideach i réimse leathan gairmeacha. Tá go leor deiseanna ar fáil i réimse an oideachais agus oiliúna. Ar chríochnú an chláir duit, is féidir a bheith ag obair mar theagascóir do dhaoine fásta, mar dhearthóir teagascach, mar oifigeach oideachais, nó mar chomhairleoir oideachais.

Céard iad na roghanna eile staidéir atá ar fáil dom tar éis an clár seo?
Mar gheall ar nadúr dibhéirseach an chláir, ar chríochnú an chláir seo atá ar leibhéal 8, is féidir le mic léinn breis staidéir a dhéanamh i réimsí oiliúna, forbartha agus oideachais. Is féidir leo freisin iarratas a chur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) in Institiúid Oideachais Marino nó in áiteanna eile.
Íosriachtanais Iontrála
Riachtanais Ardteistiméireachta
Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta
6
Íosmhéid ábhair ardleibhéil
2 (íosghrád H5)
Íosghráid in ábhair eile:
H7/O6 in 4 ábhar eile
Íosghráid sa Mhatamaitic
H7/O6
Íosghráid sa Bhéarla
H7/O6
Íosghráid sa Ghaeilge
N/A
Íosghráid i dTeanga Eile (is féidir an Ghaeilge nó teanga eile a úsáid)
H7/O6
Íosriachtanas Pointí CAO
315 pointí
Riachtanais QQI
Glacfar le hiarratais ó mhic léinn a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha QQI (Leibhéal 5 agus Leibhéal 6) le pas le gradam i gcúig mhodúl ar a laghad, ar bhonn iomaíoch ar an gclár seo.
Liosta de na gradaim QQI a ghlacfar leo.
Iarratasóirí Lánfhásta
Caithfidh iarratasóirí lánfhasta iarratais a bheith istigh acu tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 5.15 i.n. ar an 1 Feabhra. Caithfidh mac léinn lánfhásta a bheith 23 bliain d’aois nó os a chionn ar 1 Eanáir na bliana ina bhfuil an mac léinn ag iarraidh an cúrsa a thosú. Osclaíonn na hiarratais d'iarratasóirí déanach ar an 5 Márta agus dúnann siad ar an 1 Bealtaine ag 5.15 i.n.
I lár mhí an Mhárta, cuirfidh Oifig Iontrálacha IOM ríomhphost chuig iarratasóirí lánfhásta. Aon iarratasóir atá ag iarraidh go ndéanfar measúnú ar a (h)iarratas mar iarratasóir lánfhasta, iarrfar air/uirthi “Foirm Iarratais Fhorlíontach” a chomhlíonadh agus a sheoladh isteach. Is é an spriocdháta le foirmeacha iarratas a bheith ar ais ná an 31 Márta. Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí a shásaíonn na riachtanais freastal ar agallamh mhic léinn lánfhásta. Tabhair faoi deara nach mór d'iarratasóirí na bunriachtanais a shásamh ar an gcúrsa CM010 le gur féidir tairiscint a dhéanamh dóibh.
Uasiontráil
Má tá bliain nó dhó bainte amach ag mac léinn i gcúrsa lánaimseartha cosúil leis seo ag leibhéal céime, is féidir leis/ léi iarratas a chur isteach don uasiontráil ar an gclár B.Eol. i Léann an Oideachais. Tá líon teoranta áiteanna ann agus ní mór d’iarratasóirí na híosriachtanais go léir a shásamh mar aon le hagallamh a dhéanamh. Déan teagmháil le admissions@mie chun eolas a fháil faoi.