Sparánacht Tuillteanais MGO 

Gheobhaidh tú Sparánacht Tuillteanais ó COGG chun cabhrú le haon costais breise a bhaineann leis an gcúrsa MGO.  

Má tá tú incháilithe freisin do thacaíocht airgeadais ó SUSI, d'fhéadfadh go gcuirfear ceist ort ar fhoirm iarratais SUSI, maidir le haon maoiniú eile atá faighte agat. Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas ón mbliain acadúil 2026/2027 ar aghaidh, go bhfuil an sparánacht tuilteannais COGG ceaptha d'aon costais breise a bhaineann leis an gcúrsa, ní do tháillí an chúrsa. 

 

Tá an sparánacht tuilteannais bunaithe ar do ghnóthachtáil sa scrúdú TEG B1 agus tairiscint a ghlacadh ar an MGO-Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) - Conair lán-Ghaeilge.

 

Eisiúint na Sparánachta 

  • Sparánacht bhliantúil €2,000, íoctha i ndá tráthchuid 

  • An chéad tráthchuid (€1,000) eisithe i Seimeastar 1 (Mí na Samhna), ag brath ar chéad tráthchuid de tháillí an chúrsa a fháil. 

  • An dara tráthchuid (€1,000) eisithe i Seimeastar 2 (Mí Feabhra), ag brath ar iarmhéid tháillí an chúrsa agus aon tháillí eile a fháil.  

 

Bronnfar teastas na Sparánachta sa chéad seimeastar den bhliain acadúil.