Scoláireachtaí agus Sparánachtaí MLÓ 2026/27

Tá ríméad orainn in Institiúid Oideachais Marino a fhógairt go bhfuil ceithre scoláireacht agus sparánacht nua ar fáil ar ár gcláir Máistreachta i Léann an Oideachais (MLO).* Tá sonraí iomlána agus critéir incháilitheachta ar fáil thíos.

Táille bliaintiúil gach cúrsa MLO sa bhliain 2026-2027 ná €3,950.

* Ní féidir le hiarratasóirí MLO ach leas a bhaint as ceann amháin de naa sparánachtaí nó scoláireachtaí thíos.

 

 1. Sparánacht Ciste Iontaobhaí MIE

Máistreacht i Léann an Oideachais (Ceannaireacht Scoil Chríostaí) Ar Líne

Is féidir le hiarratasóirí ar an Máistreacht i Léann an Oideachais (Ceannaireacht Scoil Chríostaí) Ar Líne leas a bhaint as laghdú 20% ar na táillí don chéad agus don dara bliain den chúrsa seo. Tá an sparánacht seo ar fáil do gach iarratasóir rathúil a chláraíonn ar an gcúrsa.

 

2. Scoláireacht Táille Chéimithe MIE

Tá súil againn in IOM, go mbeidh caidreamh beomhar agus tairbheach eadrainn go léir agus lenár gcéimithe le linn a saoil agus a ngairme agus ba mhiath linn ár ndícheall a dhéanamh chun an aidhm seo a bhaint amach. Beidh gach céimí IOM a bhain céim lánaimseartha amach san institiúidm agus ar ghlacadh leo ar clár MLO i dteideal an Scoláireacht Chéimithe don chéad agus dara bliain den chláir. Íocfaidh an scoláireacht seo as 20% den chostas de na táillí teagaisc de na cúrsaí máistreachta uile (seachas don Mháistreacht i Léann an Oideachais (Ceannaireacht Scoil Chríostaí) ar féidir leas a bhaint as an Sparánacht Ciste Iontaobhaí IOM):

 

Máistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim agus Ceannaireacht Idirchultúrtha)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Luath-Óige)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Na hAmharcealaíona)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Matamaitice Bunscoile)

Máistreacht i Léann an Oideachais (Breisoideachas)

 

3. Scoláireacht Phobail Fhoghlaimeoirí MIE

Má chláraíonn comhghleacaí amháin nó níos mó ná comhghleacaí amháin de chuid do scoile nó do chomhthéacs oideachais do chláir MLO is féidir leatsa agus le do chomhghleacaí/chomhghleacaithe lascaine 20% a fháil ar na táillí teagaisc do bhliain 1 agus 2 de do chúrsa. 

 

4. Scoláireacht Chéadonóracha IOM d'Fhochéimí (Fochéimí ó IOM nó Coláiste na Tríonóide)

Tá an scoláireacht seo ar fáil do chéimithe IOM nó Coláiste na Tríonóide a bhain bunchéim céadonóracha amach. Íocfaidh an scoláireacht seo as 40% den chostas de na taillí teagaisc de ghach cúrsa MLO.

 

 

Tá seans go mbeifeá i dteideal an Scéim Aisíoctha Táillí agus Faoiseamh Cánach a tháillí an chúrsa MLO. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag na naisc thíos:

Scéim Aisíoctha Táillí

Faoiseamh Céanach i leith Táillí Cáilitheacha

 

Má tá aon cheist eile agat, le do thoil seol ríomhphost chuig [email protected].