We use cookies on this website. By using this site, you agree that we may store and access cookies on your device.

Tar chuig ár Lá Oscailte chun blaiseadh ar IOM a fháil

Beidh an Lá Oscailte Bliantúil ar siúl in IOM Dé Sathairn, an 19 Samhain 2016, ó 10 r.n. go 4 i.n. Ba cheart duit teacht ar cuairt chuig IOM chun blaiseadh ceart a fháil ar an saol ann.

Tugann ár Lá Oscailte an seans sin duit. Cén fáth nach dtapófá an deis cuairt a thabhairt ar an gcampas, bualadh leis na léachtóirí a bheadh agat agus do ghairm san oideachas a phlé? Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar ár gcúrsaí iontacha fochéime agus iarchéime sa Mhúinteoireacht Bunscoile chomh maith lenár gcúrsaí fochéime i Léann an Oideachais agus san Oideachas Luath-Óige.

I rith an lae, beidh deis agat labhairt leis an bhfoireann teagaisc, leis an bhfoireann tacaíochta agus le roinnt de na mic léinn reatha, na saoráidí a fheiceáil agus breis eolais a fháil ar na cláir atá ar intinn agat.

Ní gá duit spás a chur in áirithe. Níl ort ach teacht Dé Sathairn, an 19 Samhain idir 10 r.n. agus 4 i.n.. Táimid ag súil le bualadh leat agus geallaimid go mbainfidh tú taitneamh agus sochar as an gcuairt.