Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Iarratas Anseo

Céard é an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas)?

Is éard atá i gceist leis an gclár páirtaimseartha seo ná réimse eolais agus scileanna a bhaineann leis an ngairm mhúinteoireachta i suíomhanna Breisoideachais agus Oiliúna a thabhairt do na mic léinn. Beidh foghlaim chumaisc agus socrúcháin oideachais mar chuid de seo. Bíonn na ranganna aghaidh ar aghaidh ar siúl ar oíche Dé hAoine agus ar an Satharn ar champas Institiúid Oideachais Marino. Sásaíonn an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas) na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le cúrsaí clárúcháin, mar atá leagtha síos ag an gComhairle Mhúinteoireachta de réir Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta 2011. Tugann Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath creidiúnú don Dioplóma Gairmiúil agus is ionann an gradam seo agus Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáillíochtaí. Is féidir tabhairt faoin gcúrsa ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse bliana nó dhá bhliain agus is ionann an cúrsa agus 60 creidmheas.


Cé dó an clár seo?

Sásaíonn an clár seo na riachtanais acadúla agus ghairmiúla do mhúinteoirí atá ag obair sa Bhreidoideachas agus san Oiliúint Bhreise. Ceapadh an clár le bheith tarraingteach do dhaoine atá ag obair san earnáil Bhreisoideachais cheana féin, nó dóibh siúd a bhfuil sé ar intinn acu dul isteach san earnáil.


Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Mar chuid den churaclam seo tá Bonnstaidéar, Staidéar Gairmiúil agus Clár Praiticiúil Múinteoireachta. Cuirtear san áireamh sa chlár múinteoireachta, dhá shocrúchán oideachais éagsúla ina bhfuil idir fheitheoireacht agus sé seachtaine de chleachtadh múinteoireachta a ndéantar measúnú air.

Cad iad aidhmeanna an chláir?


•    Mic léinn a ullmhú a n-eolas, scileanna, a gcumais agus a dtuiscint a fhorbairt le go mbeidh siad in ann múineadh i suíomh Breisoideachais agus Oiliúna
•    Bunús a thabhairt maidir leis na teoiricí agus na cleachtais a bhaineann leis an bhfoghlaim fadsaoil, ina measc cur chuige aindreolaíoch i leith múinteoireachta agus foghlama
•    Stíl múinteoireachta agus modheolaíochtaí a fhorbairt atá oiriúnach do réimse leathan foghlaimeoirí agus comhthéacsanna
•    Tuiscint theoiriciúil agus scileanna praiticiúla a fhorbairt chun measúnú a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, measúnú atá oiriúnach do theastas náisiúnta
•    Taithí thacúil phraiticiúil, a ndéantar feitheoireacht uirthi, a chur ar fáil i bhfíorshuíomhanna Breisoideachais


Conas a dhéantar measúnú ar an gclár?

Baintear úsáid as réimse de mhodhanna measúnaithe ar an gclár, mar shampla, dialanna machnamhacha, cuir i láthair, tionscadail thaighde agus punainn, scrúduithe scríofa agus tionscnaimh.


Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Sásaíonn an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas) na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le riail 5 (bresoideachas) de réir Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta. Is féidir le céimithe cur isteach ar phoist mhúinteoireachta laistigh de na hearnálacha Iar-Ardteistiméireachta (PLC) nó Breisoideachais. Beidh cailíocht ag na céimithe freisin múineadh sna hionaid oiliúna SOLAS, Youthreach, agus Cláir d’Oideachas Daoine Fásta agus Oideachas Pobail.


LIOSTA NA MODÚL


BLIAIN 1


•    Tuiscintí Stairiúla agus Fealsúnacha i leith an Oideachais
•    An chaoi a bhFoghlaimíonn Déagóirí agus Daoine Fásta
•    Cuir chuige don Teagasc, Fhoghlaim agus Mheasúnú
•    Cumarsáid agus Teicneolaíocht san Oideachas  
•  Socrúchán Oideachais I

BLIAIN 2


•    Bainisteroireacht Ghrúpa agus Eagrúchán don Fhoghlaim  
•    Ceisteanna Reatha san Oideachas
•    Ceapadh agus Meastóireacht ar Mhodúil agus ar Chláir
•    Seasamh Machnamhach i Réimse Speisialaithe a Fhorbairt
•    Socrúchán Oideachais II


Eolas Ginearálta

Fad: Bliain amháin nó dhá bhliain páirtaimseartha  
Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí
An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 60 creidmheas
Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath


ÍOSRIACHTANAIS Iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8) NÓ céim ghnáthleibhéil (leibhéal 7) mar aon le cáilíocht bhreise chuí nó creidiúnú teastaithe ar réamhfhoghlaim bunaithe ar íosmhéid 3 bliana de thaithí i suíomh a bhaineann le cáilíochtaí an iarratasóra. Mar chuid den phróiseas roghnúcháin, beidh ar an iarratasóir freastal ar agallamh.