Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Máistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe)

Tá na hiarratais don chúrsa i 2023-24 dúnta anois

Céard í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe)?

Is cúrsa Máistreachta nuálach ar leith í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe) atá ceangailte leis an spéis mhór atá ann san fhoghlaim ar bhonn fiosraithe ag gach leibhéal oideachais, ó oideachas luath-óige go hardoideachas. D’ainneoin go bhfuil an spéis sa réimse seo ag dul i méid, níl mórán deiseanna in Éirinn do mhic léinn staidéar a dhéanamh do chéim Mháistreachta ina mbronnfar formhór na gcreidmheas le haghaidh staidéir agus taighde ar an bhfoghlaim ar bhonn fiosraithe. Is é aidhm an chúrsa seo ná é sin a leigheas. Tá an cúrsa deartha chun go mbeidh nasc soiléir idir an teoiric agus an cleachtas. Cuirtear pobal fiosraithe ar bun idir na rannpháirtithe mar phríomhghné den chúrsa seo agus tá béim ar thascanna comhoibritheacha ar líne agus duine ar dhuine araon.

Cé dó an cúrsa?        

Tá an cúrsa oscailte do mhúinteoirí agus d’aon duine a oibríonn mar oideachasóir i ngairm ar bith nó i réimse ábhair ar bith, ag leibhéal ar bith.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Déanfaidh mic léinn staidéar ar ceithre mhodúl éagsúla i mbliain a haon arb iad príomh-mhodúl coiteann amháin, dhá mhodúl speisialtóireachta agus modúl roghnach amháin a roghnófar ó raon de mhodúil faofa. I mbliain a dó, díríonn na mic léinn ar bhealach níos doimhne ar réimse spéise a bhaineann leis an bhFoghlaim ar Bhonn Fiosraithe i gcomhthéacs Léann an Oideachais. Déanfaidh siad scileanna taighde a fhorbairt agus taighde de 20,000 focal a ullmhú ar ábhar a bhaineann leis an bhfoghlaim ar bhonn fiosraithe.

Céard iad aidhmeanna an chúrsa?

Ar chríochnú an chúrsa do rannpháirtithe, beidh siad in ann:

  • Saincheisteanna a bhaineann le teoiric agus le cleachtas oideachais a phlé go criticiúil maidir leis an bhfoghlaim ar bhonn fiosraithe go háirithe ach ní hé sin amháin.
  • Sainphlé a dhéanamh ar thuairimí na smaointeoirí áirithe oideachais agus iad sin a mheas go criticiúil.
  • Staidéar agus scoláireacht ó thaobh na foghlama ar bhonn fiosraithe a dhéanamh.
  • Píosa taighde suntasach a dhéanamh agus na torthaí a chur i láthair i scríbhinn ar bhealach cuí scolártha do ghrúpa saineolaithe nó do ghrúpa nach saineolaithe iad, de réir mar is cuí.
  • Réimsí eile ar cheart díriú orthu sa todhchaí a aithint de réir mar a éileoidh an Chomhairle Mhúinteoireachta agus comhlachtaí eile, ag aithint gur próiseas a maireann feadh an tsaoil í an fhoghlaim.
  • Na scileanna is gá leo a fhorbairt chun a bheith i do thaighdeoir éifeachtúil i léann an oideachais maidir leis an bhfoghlaim ar bhonn fiosraithe.
  • Machnamh criticiúil a dhéanamh ar a n-eispéiris in oideachas agus doiciméadú a dhéanamh ar an mbealach a dtéann an machnamh sin i gcion ar a gcleachtas.

Cén chaoi a ndéanfar measúnú ar an gcúrsa?

Tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir. Tá sé comhdhéanta de raon de mhodhanna measúnaithe mar thascanna, aistí, tráth na gceist, léirmheasanna scríofa, dialanna foghlama agus obair i bpáirt i mbliain 1 agus molta taighde agus tráchtas i mbliain 2.

An Rogha Scoir

Is féidir le mic léinn a fhaigheann pas ag deireadh na céad bliana an cúrsa a scor le Dioplóma Iarchéime (san Fhoghlaim ar Bhonn Fiosraithe)

Liosta na Modúl

Bliain 1

MODÚL 1

Buneolas ar an Léann Oideachais

  • Oideachas agus oideolaíocht
  • Cad chuige an t-oideachas?
  • Tábhacht na mbuanna
  • Oideachas faoi bhrú inár gcultúr
  • Cá bhfuil Curaclam na Bunscoile (1999) anois?
  • Cleachtas léitheoireachta agus scríbhneoireachta iarchéime

MODÚL 2

Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe

  • Fiosrú agus an foghlaimeoir
  • Teagasc ar bhonn fiosraithe
  • Cultúr fiosraithe a chothú
  • Measúnú a dhéanamh ar an bhfoghlaim ar bhonn fiosraithe

MODÚL 3

Foghlaim ar bhonn fiosraithe agus an timpeallacht

  • An timpeallacht nádúrtha a fhiosrú
  • An timpeallacht thógtha a fhiosrú
  • Fiosrú timpeallachta i spásanna poiblí agus le haghaidh díospóireachta poiblí
  • Deiseanna oideolaíochta don fhoghlaim timpeallachta ar bhonn fiosraithe, agus measúnú air sin

MODÚL 4

Cur chun cinn na foghlama ar bhonn fiosraithe trí theicneolaíochtaí cruthaitheacha

  •  Teoric agus oideolaíocht d’fhorbairt na foghlama ar bhonn fiosraithe trí chur chun feidhme na teicneolaíochta san oideachas
  • Rochtain a fháil ar acmhainní oideachais ar líne atá feiliúnach don chruthú agus don soláthar acmhainní i ndáil le timpeallacht FBF
  • Tástáil le huirlisí agus bréagáin dhigiteacha chun fiosrúchán agus comhoibriú na bpáistí a shaibhriú
  • Measúnú ar fhoghlaim ar bhonn fiosraithe a úsáideann teicneolaíochtaí digiteacha

Bliain 2

MODÚL 5

Modhanna taighde agus tráchtas

 

Eolas ginearálta

Fad: Dhá bhliain ar bhonn páirtaimseartha

Leibhéal na Dámhachtana: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ)

Creidmheasa ECTS: 90

An Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath

IELTS: Leibhéal 6.5 (nó a chomhionann)

Íosriachtanais iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8) le dara honóracha nó níos airde agus trí bliana ar a laghad de thaithí múinteoireachta nó taithí ghairmiúil chomhionann. I gcásanna eisceachtúla, déanfar iarratasóirí a bhfuil an riachtanas ó thaobh céime onóracha comhlíonta acu ach nach bhfuil an taithí riachtanach acu a mheas don chúrsa.

Modh Seachadta

Sa chéad bhliain bíonn ranganna go hiondúil dhá deireadh seachtaine in aghaidh na míosa, ar Aoine (ó 6.00i.n. go 9.00i.n.) agus ar an Satharn (ó 9.00r.n. go 4.00i.n.). Sa dara bliain bíonn ranganna ag mic léinn go luath sa chéad seimeastar agus i ndiaidh sin díríonn siad ar an togra taighde.

Tabhair faoi deara go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar an t-eolas seo.

Táillí an Chúrsa

Tá costas táillí an chúrsa €3,950 in aghaidh na bliana. Is féidir sonraí iomlána na dtorthaí a léamh i bPolasaí Táillí na hInstitiúide.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór d'iarrthóirí iarratas ar líne a dhéanamh agus dul faoi agallamh. Do thuilleadh eolais gabh i dteagmháil le [email protected]