Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Mháistreacht i Léann an Oideachais (Na hAmharcealaíona)

Céard í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Na hAmharcealaíona)?

Is cúrsa nuálach é an Mháistreacht i Léann an Oideachais (na hAmharcealaíona) a ceapadh chun cur ar chumas rannpháirtithe cleachtais nuálacha shamhlaíocha a bhunú, a fheabhsú nó chun iad a bhreithniú go géar i raon de chomhthéacsanna ealaíon, agus go rachaidh a saineolas, a muinín agus a gcruthaitheacht i méid ó thaobh na nithe sin de. Beidh sé ar chumas chéimithe an chúrsa cineálacha cuir chuige a mheas go géar agus iad a athshamhlú agus beidh siad in ann imeacht ó phátrúin sheanbhunaithe chun rudaí a phlé ar bhealaí éagsúla. Chomh maith leis sin, beidh an saineolas acu chun cur le pobail chleachtais áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ó thaobh na n-ealaíon agus an oideachais de.

Cé dó an cúrsa?

Tá an cúrsa seo dírithe ar oideachasóirí a bhfuil spéis ar leith acu sna hamharcealaíona, sna healaíona comhtháite agus i gcleachtais ealaíon chomhtháite agus orthu siúd ar spéis leo samhlaíocht, idéú agus nuálaíocht a fhorbairt ag gach leibhéal den oideachas luath-óige, den bhunoideachas, den mheánoideachas, den bhreisoideachas agus den ardoideachas.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Sa chéad bhliain, déanfaidh mic léinn staidéar ar 4 mhodúl éagsúla comhdhéanta de phríomh-mhodúl coiteann, de dhá mhodúl speisialtóireachta agus de mhodúl roghnach amháin a roghnófar ó raon modúl faofa. Sa dara bliain, díreoidh na mic léinn ar bhealach níos doimhne ar réimse spéise a bhaineann leis na hamharcealaíona i Léann an Oideachais. Déanfaidh siad scileanna taighde a fhorbairt agus tráchtas de 20,000 focal a ullmhú ar ábhar a bhaineann le hoideachas na n-amharcealaíon.

Céard iad aidhmeanna an chúrsa?

Ar chríochnú an chúrsa seo do rannpháirtithe, beidh siad in ann:

  • Saincheisteanna a bhaineann le teoiric agus le cleachtas na ceannaireachta oideachasúla a phlé go criticiúil, maidir le hoideachas na n-amharcealaíon go háirithe, ach maidir le rudaí eile freisin.
  • Sainphlé a dhéanamh ar thuairimí na smaointeoirí áirithe in oideachas na n-amharcealaíon agus iad sin a mheas go criticiúil.
  • Staidéar agus scoláireacht ó thaobh an léinn oideachais agus oideachas na n-amharcealaíon a dhéanamh.
  • Píosa taighde shuntasaigh a dhéanamh ar oideachas na n-amharcealaíon
  • Réimsí eile ar cheart díriú orthu sa todhchaí a aithint de réir mar a éileoidh an Chomhairle Mhúinteoireachta agus comhlachtaí eile, ag aithint gur próiseas a mhaireann feadh an tsaoil é an fhoghlaim.
  • Na scileanna is gá leo a fhorbairt chun a bheith i do thaighdeoir éifeachtúil i léann an oideachais maidir le hoideachas na n-amharcealaíon go háirithe.
  • Machnamh criticiúil a dhéanamh ar a n-eispéiris in oideachas, mar mhic léinn, mar mhúinteoirí nó mar chomhpháirtithe eile, agus doiciméadú a dhéanamh ar an mbealach a dtéann an machnamh sin i gcion ar a gcleachtas.

Cén chaoi a ndéanfar measúnú ar an gcúrsa?

I mbliain 1, tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir agus tá sé comhdhéanta de raon de mhodhanna measúnaithe mar shampla tionscnaimh, aistí, tráth na gceist, moltaí tionscadail agus punanna pearsanta agus déanfar moladh taighde agus tráchtas i mbliain 2.

Liosta na Modúl

Modúl 1

Buneolas ar an Léann Oideachais

  • Oideachas agus oideolaíocht
  • Cad chuige an t-oideachas?
  • Tábhacht na mbuanna
  • Oideachas faoi bhrú inár gcultúr
  • Cá bhfuil Curaclam na Bunscoile (1999) anois?
  • Cleachtas léitheoireachta agus scríbhneoireachta iarchéime

Modúl 2

Na hamharcealaíona, cruthaitheacht agus cultúr

  • Dearcaí stairiúla agus comhaimseartha ar chruthaitheacht
  • Cruthaitheacht agus na healaíona (na hamharcealaíona)
  • Dearcaí stairiúla agus comhaimseartha ar chultúr
  • Fás cultúrtha a chothú trí chultúr físiúil
  • Modh na n-amharcealaíon a phlé – startha agus paraidímí
  • Oideolaíocht ealaínbhunaithe a léiriú trí na hamharcealaíona

Modúl 3

Na hAmharcealaíona, Comhtháthú, Samhlaíocht agus Nuálaíocht

  • Samhlaíocht agus oideachas
  • Samhlaíocht a léiriú sa chleachtas oideachais
  • Teoiricí foghlama comhtháiteach
  • Cleachtas ‘luachmhar’ comhtháiteach a léiriú
  • Nuálaíocht agus oideachas
  • Cleachtais nuálacha a léiriú

Modúl 4

Na hAmharcealaíona, Nuálaíocht agus Ionchuimsitheacht

  • Ionchuimsitheacht i múineadh na n-amharcealaíon
  • Teoiric, cleachtas agus dúshláin a bhaineann le múineadh, déanamh agus freagairt i dtaca le cré
  • TFC, na hamharcealaíona agus na hamharcealaíona a mhúineadh
  • Teoiric, cleachtas agus dúshláin a bhaineann le múineadh, déanamh agus freagairt i dtaca le dearadh grafach
  • Nuálaíocht in oideachas amharcealaíon
  • Teoiric, cleachtas agus dúshláin a bhaineann le múineadh, déanamh agus freagairt i dtaca le meáin nua

Bliain 2

Modúl 5

Modhanna taighde agus tráchtas

Eolas Ginearálta

Fad: 2 bhliain pháirtaimseartha

Leibhéal na Dámhachtana: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ)

Creidmheasa ECTS: 90

An Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath

IELTS: Leibhéal 6.5 (nó a chomhionann)

Íosriachtanais Iontrála

Céim dara honóracha (leibhéal 8) nó níos airde agus trí bliana de thaithí theagaisc ar a laghad nó de thaithí ghairmiúil chomhionann. I gcásanna eisceachtúla, déanfar iarratasóirí a bhfuil an riachtanas ó thaobh céime onóracha comhlíonta acu ach nach bhfuil an taithí riachtanach acu a mheas don chúrsa.