Máistreacht i Léann an Oideachais (Ceannaireacht Scoil Chríostaí) ar líne
Tá na hiarratais don chúrsa ag tosú i Meán Fómhair 2025 oscailte anois agus dúnfar iad ar an 12 Meitheamh 2025
CUIR ISTEACH ar MLO Ceannaireacht Scoil Chríostaí ar líne
Le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected] chun suim a léiriú sa chúrsa nó má tá aon cheisteanna ginearálta agat.
Céard í an Máistreacht i Léann an Oideachais (Ceannaireacht Scoil Chríostaí) ar líne?
Is cúrsa Máistreachta nuálach agus uathúil é an Máistreacht i Léann an Oideachais (Ceannaireacht Scoil Chríostaí) a thugtar ar líne. Baintear leas as taighde, prionsabail agus cleachtas i gceannaireacht scoile de scoileanna Críostaí in Éirinn agus thar lear, le ceannairí scoile reatha agus ceannairí scoile amach anseo a i scoileanna Chríostaí a ullmhú. Dearadh an cúrsa seo le hidirghníomhaíocht shoiléir agus cleachtas don cheannaireacht scoile i scoileanna Críostaí a thabhairt idir mhúnlú agus teoiric, idir mhachnamh agus cleachtas. Gné an-tábhachtach den chúrsa seo ná pobal ar líne a chruthú i measc na mic léinn agus is gné lárnach é seo chun ceannairí proifisiúnta a chruthú don Oideachas Críostaí. Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a bhfuil ról ceannaireachta agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i róil mar seo araon. Tugann an cúrsa seo buneolas i scileanna riachtanacha don cheannaireacht, bainisteoireacht agus rialachas. Chomh maith leis sin tugann sé cúlra diagachta agus spioradáltachta do mhic léinn, bunús a chabhróidh leo maidir lena dtuiscint ar an gcreideamh éiteas-bhunaithe, agus a thacóidh leo é sin a fhorbairt laistigh den scoil i gcomhthéacs iolraíoch.
Cé dó/di an cúrsa seo?
Tá an cúrsa seo dírithe ach go háirithe ar mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile a bhfuil suim acu tabhairt faoi oiliúint ceannaureachta agus bainistíochta do scoileanna Críostaí i gcomhthéacs ilchultúrtha iolraíoch, agus a bhfuil suim acu tabhairt faoina bhforbairt acadúil agus ghairmiúil féin. Tá an cúrsa seo oscailta d'iarrthóirí in Éirinn agus thar lear. Tacaíonn an Lárionad Ceannaireacht Scoile - CSL leis an gcúrsa seo.
Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?
Sa chéad bhliain, déanfaidh mic léinn staidéar ar réimse de 6 mhodúl éagsúla. Sa dara bliain díreoidh mic léinn ar réimse spéise a bhaineann leis an gceannaireacht oideachasúil chreideamh-bhunaithe, agus déanfaidh siad scileanna taighde a fhorbairt agus tráchtas (15,000 focail) a scríobh.
Conas a dhéantar measúnú ar an gclár?
I mbliain 1, tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir agus tá sé comhdhéanta de raon de mhodhanna measúnaithe ar líne. Déanfar togra taighde agus tráchtas i mbliain 2.
Sparánacht Ciste Iontaobhai IOM
Bainfidh gach mac léinn a chláraíonn go rathúil don chúrsa seo laghdú 20% ar na táillí don chéad agus don dara bliain den chúrsa seo.
An Rogha Scoir
Beidh an deis ag mic léinn a éiríonn leo pas a fháil sa chéad bhliain den chúrsa éirí as an gcúrsa le Dioplóma Iarchéime (sa Cheannaireacht Scoil Chríostaí).
Liosta na Modúl
Bliain 1
- Modúl 1: Ceannaireacht san Oideachas
- Modúl 2: Ceannaireacht agus Diagacht
- Modúl 3: Ceannaireacht agus Spioradáltacht
- Modúl 4: Reachtaíocht agus rialú oideachais de Scoil Chríostaí
- Modúl 5: Ceannaireacht agus Bainistíocht
- Modúl 6: Scoil Chríostaí a stiúradh
Bliain 2
- Tráchtas
Eolas Ginearálta
Fad: 2 bhliain páirtaimseartha
Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí
An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 90 creidmheas
Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, an Ollscoil Baile Átha Cliath
Íosriachtanais Iontrála
Céim onóracha (leibhéal 8) le dara honóracha nó os a gcionn, agus trí bliana ar a laghad de thaithí mhúinteoireachta nó a macasamhail de thaithí ghairmiúil. Déanfar measúnú ar chásanna eisceachtúla má tá mic léinn áirithe ann a shásaíonn na riachtanais chéime onóracha ach nach bhfuil an taithí chuí acu. Féadfar iarrthóirí a ghearrliostú agus tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí siúd teacht chun agallaimh agus measúnú scríofa a dhéanamh de réir mar is cuí. Riachtanas an Bhéarla: Leibhéal 6.5 (nó a chomhchosúil).
Modh Seachadta
Seachadtar an cúrsa seo go hiomlán ar líne agus beidh teacht náisiúnta agus idirnáisiúnta aige. Beidh léachtaí ar siúl ar líne san oíche (GMT) i rith na seachtaine ar líne sa chéad bhliain. Sa dara bliain beidh ranganna ar líne go luath sa chéad seimeastar. I ndiaidh sin díreofar ar an togra taighde agus buailfidh mic léinn le maoirseoir ar líne.
Tabhair faoi deara go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar an eolas seo.
Táillí Cúrsa
Tá costas €3,950 in aghaidh na bliana ar an gcúrsa. Is féidir sonraí iomlána na dtorthaí a léamh i bPolasaí Táillí na hInstitiúide.
Conas Iarratas a dhéanamh
Ní mór d'iarrthóirí iarratas ar líne a chur isteach agus dul faoi agallamh. Do thuilleadh eolais gabh i dteagmháil le [email protected]