Céard í an Mháistreacht Ealaíon i gCeannaireacht Chríostaí san Oideachas?
Is clár ceannródaíoch é an Mháistreacht Ealaíon i gCeannaireacht san Oideachas ina mbainfidh rannpháirtithe cáilíocht ghairmiúil amach. Bhunaigh Roinn Diagachta agus Léann Reiligiúnach Choláiste Mhuire gan Smál, an clár agus is í Ollscoil Luimnigh an foras cáiliúcháin. Cuirtear an clár ar siúl ar dhá champas: ag Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus ag Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.
Cé dó nó di an clár?
Ceapadh an mháistreacht ealaíon mar chlár speisialaithe iarchéime le cur le forbairt cumas ceannaireachta in earnáil oideachais bhunléibhéil agus dara leibhéal. Tá sé oscailte do phríomhoidí, do leasphríomhoidí agus do mhúinteoirí ar mhaith leo róil cheannaireachta nó bhainisteoireachta san oideachas a bhaint amach. Baineann an clár freisin le daoine a oibríonn chun tacaíocht a thabhairt don oideachas bunaithe ar chreideamh.
Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?
Tógann an clár ar cheithre cholún: Diagacht, Spioradáltacht, Síceolaíocht agus Ceannaireacht Oideachais. Tá dhá mhodúl déag múinte sa chlár. Cuirfear na modúil ar fáil trí mhodh aghaidh ar aghaidh agus ar líne. Beifear ag súil leis freisin go mbeidh mic léinn i socrúchán (de ghnáth sa scoil ina bhfuil siad ag obair faoi láthair) chun miontráchtas a dhéanamh. Déanfar measúnú ar na modúil mhúinte trí mheascán den mheasúnú leanúnach: aistí, tionscadail agus obair dhialainne.
Céard iad aidhmeanna an chláir?
Ar éirí leis an mac léinn an clár seo a bhaint amach, beidh sé/ sí in ann:
- tuiscint chriticiúil a léiriú ar ról cheannaireacht Chríostaí maidir le héascaíocht a thabhairt don mhúineadh, don fhoghlaim agus don athrú oideachais
- Prionsabail na ceannaireachta oideachais a nascadh le fís dhiagach ar an duine, ar an tsochaí agus ar an bhfiontraíocht oideachais
- Cumais chuí a fhorbairt chun ceannaireacht a dhéanamh i scoil bunaithe ar chreideamh
- Pleanáil do sholáthar oideachais, agus meastóireacht a dhéanamh ar an oideachas sin atá bunaithe ar fhís iomlánaíoch an duine dhaonna, ina measc plean scoile agus polasaithe scoile a cheapadh, a chur i bhfeidhm agus athmhachnamh a dhéanamh orthu
- Creat a chruthú le machnamh a dhéanamh ar a bhforbairtí pearsanta, spioradálta agus gairmiúla mar cheannairí oideachais i dtimpeallacht bunaithe ar chreideamh
- A léiriú go bhfuil taithí acu ar reachtaíocht reatha a bhaineann le ceannaireacht thimpeallacht na scoile uile, agus a léiriú go bhfuil na scileanna acu í a chur i bhfeidhm
- Meastóireacht a dhéanamh ar an gcleachtas is fearr agus é a chur i bhfeidhm i dtógáil timpeallacht dhearfach mhúinteoireachta agus foghlama bunaithe ar phrionsabail Chríostaí, agus soláthar oideachas riachtanais speisialta san áireamh
- Léirithuiscint ar nádúr éiteas Chríostaí na scoile ina bhfuil siad agus éascaíocht a dhéanamh maidir le forbairt na scoile agus tacú léi
Conas a dhéantar measúnú ar an gclár?
Tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir. Tá tionscadail bunaithe ar na modúil i mBliain 1, agus ina dhiaidh sin tá togra taighde agus tráchtas i mBliain 2.
LIOSTA NA MODÚL
BLIAIN 1
modúl 1
Críosteolaíocht – Íosa sa Tiomna Nua
modúl 2
Cumais Mhothúchánacha agus Chaidrimh a Fhorbairt
Modúl 3
Reachtaíocht Oideachais agus Rialachais
modúl 4
Spioradáltacht Chríostaí agus Éiteas
modúl 5
Síceolaíocht Cheannaireachta
modúl 6
Grúpdhinimicí
modúl 7
Fís Chríostaí don Chine Daonna sa Chultúr Comhaimseartha
modúl 8
Diagacht na Ceannaireachta
modúl 9
Eiticí agus Ceartas Sóisialta
modúl 10
Sacraimintí agus Liotúirgeacht
modúl 11
Ceannaireacht ar Scoil Chaitliceach in Éirinn an Lae Inniu
modúl 12
Ceannaireacht ar Fhoghlaim Churaclaim i gComhthéacs Scoile
Modúl 13
An Seimineár ar Chomhtháthú
BLIAIN 2
modúl 1
Modheolaíocht Taighde & Ceapadh Togra
modúl 2
Tráchtas
Eolas ginearálta
Fad: 2 bhliain páirtaimseartha
Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí (NFQ)
An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 90 creidmheas
Foras Cáiliúcháin: Ollscoil Luimnigh
Íosriachtanais iontrála
Céim onóracha (leibhéal 8) le torthaí II.2 onóracha nó os a chionn. Smaoineofar ar iarrthóirí le cáilíochtaí comhchosúla nó le taithí shuntasach bhainteach.