Socrúchán Oibre

I ngach bliain den chúrsa, tabharfaidh tú faoi shocrúchán oibre struchtúrtha, a thabharfaidh tuiscint níos leithne duit ar an oideachas taobh amuigh den seomra ranga. Tugann an socrúchán seo an deis duit an t-eolas teoiriciúil agus an t-ábhar a phléitear sna modúil acadúla a úsáid i gcomhthéacsanna sa saol mar atá agus beidh tú in ann na scileanna inaistrithe a fhorbraítear ar an gcúrsa seo a úsáid i mbealach fiúntach agus praiticiúil. Gach bliain den chlár dírítear ar ghrúpa ar leith foghlaimeoirí. Sa chéad bhliain tugann mic léinn faoi shocrúchán i gcomhthéacsanna oideachais do dhaoine fásta agus don phobal. Sa dara bliain dírítear ar chomhthéacsanna do dhéagóirí agus don aos óg, agus sa tríú bliain dírítear ar chomhthéacsanna do na luath-óige.

Is féidir tabhairt faoin socrúchán i do rogha shuíomh agus sa chaoi seo is féidir le mic léinn taithí a roghnú a thagann lena suimeanna oideachais féin. Le linn gach bliain den chúrsa is féidir le mic léinn socrúchán a roghnú i réimsí a bhfuil suim acu féin iontu, mar shampla ceartas sóisialta, na healaíona agus cultúr nó polasaí agus cleachtas. Tacaíonn an solíbthacht seo leo taithí a fháil ar na conair éagsúla atá ann san oideachas.

Sa bhliain deireanach den chlár tugann mic léinn faoi intéirneacht ocht seachtaine ina mbíonn siad sáite i gcomhthéacs oideachasúil dírithe ar a gcuid suimeanna agus mianta gairme féin. Rinne roinnt mic léinn ar an gcúrsa an intéirneacht sna suíomhanna seo a leanas: Irish Film Institute, Dublin Zoo, Aisling Project, INTO, NCCA agus Fighting Words.

 

Riachtanais Shocrúcháin Oibre

  1. Nochtadh Bailí Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána
  2. Litir Árachais ó IOM
  3. Litir Comhaontaithe Ghrinnfhiosrúcháin Comhroinnte
  4. Oiliúint faoi GDPR

 

Tacaíochtaí ar fáil i rith an tSocrúcháin Oibre

  • Comhordaitheoir an tSocrúcháin Oibre (Bliain 1-3)
  • Comhordaitheoir na hIntéirneachta (Bliain 4)
  • Meantóir Shocrúchán Oibre
  • Ceardlanna réamhshochrúcháin oibre
  • Iasachtaí leabharlainne níos faide

 

Socrúcháin ar an mB.Eol Léann an Oideachais

Eagraithe ag

Comhordaitheoir an tSocrúcháin Oibre in IOM agus an mac léinn

Cathain?

Seimeastar 2

Fad

3 seachtaine

Aoisghrúpa

Oideachas do Dhaoine Fásta

Suíomh Gheografach Riachtanach

Níl

Bliain 1 - Suíomhanna Oideachais Féideartha do Dhaoine Fásta agus don Phobal

  • Ionad don Fhoghlaim Aosach (m.sh tacaíocht litearthachta agus uimhearthachta)
  • Eagraíochtaí oideachais phobail
  • Ionad acmhainní teaghlaigh
  • Leabharlainne agus moil phobail
  • ENRanna (NGOs) a thacaíonn le hoideachas d'inimircigh nó do theifigh

Eagraithe ag

An mac léinn le tacaíocht ó Chomhordaitheoir an tSocrúcháin Oibre in IOM

Cathain?

Seimeastar 2

Fad

3 seachtaine

Aoisghrúpa

Oideachas d'Ógánaigh

Suíomh Gheografach Riachtanach

Níl

Bliain 2 - Suíomhanna Oideachais Féideartha do Dhéagóirí agus don Aos Óg

  • Ionaid Youthreach agus coláistí breisoideachais
  • Seirbhísí agus clubanna don aos óg (m.sh. eagraíochtaí amhail Foróige)
  • Cláir oideachais eile
  • Tionscadail thacúla obair bhaile agus tar éis am scoile
  • Tionscnaimh fhobartha phobail don aos óg

Eagraithe ag

An mac léinn le tacaíocht ó Chomhordaitheoir an tSocrúcháin Oibre in IOM

Cathain?

Seimeastar 2

Fad

3 seachtaine

Aoisghrúpa

Oideachas Luath-Óige

Suíomh Gheografach Riachtanach

Níl

Bliain 3 - Suíomhanna Oideachais Féideartha do na Luath-Óige

  • Naíonraí agus seirbhísí luath-óige
  • Suíomhanna Montessori agus cúram leanaí
  • Róil thacaíochta i mbunscoileanna (comhthéacsanna neamhtheagaisc)
  • ENRanna (NGOs) atá páiste-lárnach agus seirbhísí tacaíochta do theaghlaigh
  • Eagraíochtaí ealaíona, spóirt nó cultúrtha a bhíonn ag plé le páistí

Eagraithe ag

An mac léinn le tacaíocht ó Chomhordaitheoir na hIntéirneachta

Cathain?

Laethanta Breathnóireachta: Seimeastar 1

Intéirneacht: Seimeastar 2

Fad

8 seachtaine

Aoisghrúpa

Oideachas do Dhaoine Fásta/Ógánaigh/Luath-Óige

Suíomh Gheografach Riachtanach

Níl