We use cookies on this website. By using this site, you agree that we may store and access cookies on your device.

Cóiríocht

Tá 24 sheomra codlata ar fáil d’aíonna leaba is bricfeasta. Tá spás againn do 45 thoscaire inár dteach. Is “Seomraí Staidéir” iad na seomraí codlata ina bhfuil doirteal, vardrús, deasc agus cathaoir. Tá rochtain 24 uair ag aíonna ar cheann amháin den dá tholglann chun a scíth a ligean agus úsáid a bhaint as na saoráidí tae agus caife saor in aisce. Tá meaisíní díola ar an bpasáiste chomh maith.

twin room

Oireann ár gcóiríocht:

  • Do thurasóirí nó do dhuine ar bith atá ar cuairt ar Bhaile Átha Cliath
  • Toscairí comhdhála agus toscairí seomra Cruinnithe
  • Grúpaí spóirt
  • Grúpaí tógála foirne
  • Campaí oiliúna
  • Scoileanna teanga

Ní seomraí en suite iad ach tá go leor saoráidí ceatha agus leithris ar fáil. Tá doirteal i ngach seomra codlata.

single room

Tá meascán de sheomraí codlata singile, de sheomraí dhá leaba agus de sheomraí dúbailte ann. Is féidir seomraí dhá leaba nó seomraí dúbailte a dhéanamh d’fhormhór na seomraí singile agus is féidir seomraí trí leaba a dhéanamh de roinnt de na seomraí dhá leaba ach é sin a iarraidh.