Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

An bhfuil deacrachtaí foghlama agat nó an bhfuil tú faoi mhíchumas?

Tá fáilte roimh mhic léinn faoi mhíchumas in IOM agus déantar iarracht cabhrú le gach mac léinn barr a c(h)umas mar oideachasóir gairmiúil a bhaint amach trí rogha tacaí a chur ar fáil lena n-áirítear socruithe réasúnta. Agus an institiúid ag tacú le mic léinn faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i gcláir a cháileofar iad le cleachtadh mar mhúinteoirí, féachann sí le cothromaíocht a aimsiú idir prionsabail na cuimsitheachta agus na hardchaighdeáin agus dualgas cúraim a iarrtar ar oideachasóirí leanaí agus daoine óga.

Ní mór do mhic léinn a mbeidh tacaí ar leith nó socruithe réasúnta ag teastáil uathu mar gheall ar mhíchumas nó saindeacracht foghlama, na riachtanais sin a chur in iúl do IOM sula dtosóidh siad ag staidéar san institiúid. Ní dhéanfaidh eolas ar mhíchumas nó ar shaindeacracht foghlama dochar ar bith do d’iarratas.

Tá Seirbhís do Dhaoine faoi Mhíchumas in IOM a chuireann comhairle agus tacaíocht ar fáil do mhic léinn faoi mhíchumas. I measc na gcineálacha tacaíochta atá ar fáil do mhic léinn faoi mhíchumas, tá:

  • Measúnú ar riachtanais nuair a thosaíonn siad chun aon riachtanas foghlama breise is gá leis a fháil amach
  • Oiliúint agus tacaíocht teicneolaíochta cúnta
  • Pleanáil agus tacaíocht roimh an socrúchán
  • Plé leis na teagascóirí/léachtóirí chun ábhar clár inrochtana a shocrú
  • Iasachtaí leabharlainne níos faide
  • Is seirbhís teiripe saothair phraiticiúil é UNILINK  do mhic léinn a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu nó atá faoi mhíchumas de dheasca breoiteacht shuntasach leanúnach. 
  • Ba cheart do mhic léinn faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh ar shuíomh Idirlín Bealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi mhíchumas (DARE mar is fearr aithne air sa Bhéarla).
  • Cuirtear líon teoranta de sheomraí codlata mac léinn ar an gcampas in áirithe do mhic léinn fochéime sa chéad bhliain atá incháilithe do scéim DARE agus a ghlacann le háit ar chlár in Institiúid Oideachais Marino.

Polasaí iontrála DARE agus HEAR (Bealach Rochtana ar Ard-Oideachas)

Tá IOM páirteach sa scéim DARE/HEAR, an scéim náisiúnta um iontráil mhalartach. Is scéimeanna iontrála coláiste agus ollscoile iad DARE agus HEAR a chuireann áiteanna ar fáil ar phointí laghdaithe do dhaoine ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na hÉireann nó do mhic léinn a raibh dúshláin oideachais bhreise rompu sa mheánscoil toisc go bhfuil siad faoi mhíchumas. Cuirfidh Institiúid Oideachais Marino tacaíocht thréadach agus acadúil ar fáil le linn an chláir acadúil do na hiarratasóirí DARE agus HEAR a n-éiríonn leo. Beidh iarratasóirí HEAR incháilithe do thacaíocht airgeadais chomh maith.

Dáileadh Áiteanna DARE agus HEAR agus Áiteanna do Mhic Léinn Lánfhásta in MIE

Coinníonn IOM15% de na háiteanna ar chúrsaí fochéime do mhic léinn a bhainfidh úsáid as scéimeanna náisiúnta um iontráil mhalartach. Dáiltear na háiteanna seo ar mhic léinn faoi mhíchumas (DARE), ar mhic léinn ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch (HEAR), agus ar mhic léinn lánfhásta. Dáiltear na háiteanna go cothrom idir na hiarratasóirí incháilithe go léir. Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara gurb ionann incháilitheacht DARE agus HEAR agus an deis dul in iomaíocht do na háiteanna sin; ní chiallaíonn sé gur cinnte go dtairgfear áit ar phointí laghdaithe dóibh ná go bhfuil siad i dteideal tairiscint den chineál sin a fháil. 

Ní mór do mhic léinn atá incháilithe do DARE nó HEAR na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh freisin:

a) na riachtanais mháithreánaigh/iontrála

AGUS

b) aon riachtanas ar leith don chúrsa roghnaithe, más bainteach. Tugtar laghdú 10% de na pointí is gá leo le haghaidh gach cúrsa do mhic léinn DARE agus HEAR

Áiteanna DARE a chur in ord tosaíochta:

Mar aitheantas ar na spriocanna náisiúnta agus ollscoile ó thaobh líon na mac léinn faoi mhíchumas céadfach nó faoi mhíchumas fisiceach a mhéadú, gheobhaidh mic léinn incháilithe faoi mhíchumas céadfach nó faoi mhíchumas fisiceach tairiscintí DARE ar dtús, agus tairgfear na háiteanna atá fágtha do mhic léinn incháilithe eile faoi mhíchumas a bhfuil na pointí is airde laistigh den tairseach acu (pointí don chúrsa i mbabhta 1, agus pointí íosta bunaithe ar an laghdú céatadáin).

Áiteanna DARE/HEAR do Mhic Léinn Incháilithe a chur in ord tosaíochta:

Is d’iarratasóirí atá incháilithe do DARE agus HEAR araon agus a chomhlíonann riachtanais iontrála MIE a thairgfear áiteanna ar phointí laghdaithe roimh iarratasóirí incháilithe eile.

Coinníoll den Tairiscint DARE:

Ní mór do mhic léinn a fhaigheann tairiscint DARE clárú leis an tSeirbhís do Dhaoine faoi Mhíchumas agus glacadh le sceideal de chruinnithe leis an tSeirbhís. Déan teagmháil leis an Oifigeach Rochtana ar 01 8057752 nó cuir ríomhphost chuig [email protected] le haghaidh tuilleadh eolais.