Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Scéim Aisíoctha Táillí

Níl na foirmeacha iarratais do Scéim Aisíoctha Táillí 2018/19 ar fáil go fóill mar táimid ag fanacht ar cheadú foirmiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Coinnigh súil ar an suíomh le haghaidh tuilleadh eolais, le do thoil. Má fhaighimid an cead, táimid ag súil le go mbeidh an 31 Márta 2020 mar an dáta deireanach a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe. Is féidir an ciorclán ábhartha a íoslódáil ach cliceáil ar an an nasc thíos:

TEACHER FEE REFUND SCHEME 2019 CIRCULAR 0003_20

TEACHER FEE REFUND SCHEME 2019 Application form

SCÉIM AISÍOCTHA TÁILLÍ MÚINTEOIRÍ 2019 Imlitir

SCÉIM AISÍOCTHA TÁILLÍ MÚINTEOIRÍ 2019 FOIRM IARRATAIS

Ba cheart go mbeadh na cúrsaí cáilithe ina gcúrsaí a rachadh chun sochair do scoileanna agus do bhainistíocht scoileanna agus gur chúrsaí iad a chuirfeadh feabhas ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Ba cheart gur chúrsaí iad a bheadh bronnadh ag baint leo ó údarás creidiúnacháin atá formheasta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tabhair faoi deara nach n-áirítear faoin scéim seo cúrsaí a mbaineann cáilíocht leo a mbeadh liúntas iníoctha ina leith. Tá múinteoirí atá ag feidhmiú faoi láthair agus atá lánchláraithe leis an gComhairle Múinteoirí incháilithe chun iarratas a dhéanamh faoin scéim. Riarann IOM an scéim thar ceann na Roinne. Déanann Coiste Monatóireachta atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na comharchumainn mhúinteoirí, ó fhoireann bainistíochta scoileanna agus ón Roinn Oideachais agus Scileanna maoirseacht ar an bpróiseas riaracháin.

Eolas Teagmhála:

An Br Leo Kelly An Riarthóir

Rúnaí na Scéime Aisíoctha Táillí An Oifig Aisíoctha Táillí Institiúid Oideachais Marino  Ascaill Uí Ghríofa  Baile Átha Cliath 9

Teil:     01-8535102 Facs:    01-8057712 Ríomhphost: refundoffeesscheme@mie.ie