Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

An Oifig um Dhearbhú Cáilíochta

Dearbhú Cáilíochta in Earnáil an Ardoideachais

Tugadh bearta Dearbhaithe Cáilíochta (QA) isteach in Earnáil Ardoideachais na hÉireann le hAcht na nOllscoileanna, 1997 agus leis an Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012, atá ina bpríomhchomhpháirteanna d’athbhreithnithe ar cháilíocht.

Déanann Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) maoirseacht ar QA in Earnáil Ardoideachais agus Oiliúna na hÉireann ar aon dul le dhá thacar treoirlínte, na caighdeáin agus treoirlínte Eorpacha de réir mar atá leagtha amach le Caighdeáin agus Treoirlínte ESG do Dhearbhú Cáilíochta sa Limistéar Ardoideachais Eorpach, 2015 agus na treoirlínte Éireannacha de réir mar atá leagtha amach le Treoirlínte Lárnacha Reachtúla QQI um Dhearbhú Cáilíochta, 2016.

QQI

Is gníomhaireacht stáit í QQI arna bunú ag Acht 2012, ag a bhfuil Bord a cheaptar ag an Aire Oideachais agus Scileanna.

I réimse na gcáilíochtaí, tá QQI freagrach as

  • An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) a choimeád
  • Na caighdeáin a shocrú do ghradaim atá san áireamh leis an NFQ
  • Gníomhú mar chomhlacht dámhachtana

Déanann QQI cláir oideachais agus oiliúna a bhailíochtú agus déanann sé gradaim fhairsinge san earnáil ardoideachais agus oiliúna, lena n-áirítear na Boird Oideachais agus Oiliúna.

Coláiste na Tríonóide mar Chomhlacht Dámhachtana Ainmnithe

Tá Institiúid Oideachais Marino (dá dtagrófar ina dhiaidh seo mar MIE) ina coláiste comhlach de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath (dá dtagrófar ina dhiaidh seo mar Choláiste na Tríonóide) ó 1976. Tá gach gradam acadúil agus gach clár céime ag MIE creidiúnaithe ag Coláiste na Tríonóide, agus mar Sholáthraí Nasctha Choláiste na Tríonóide, tá freagrachtaí ag MIE faoin Acht um Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí 2012, chun “nósanna imeachta a bhunú i scríbhinn, maidir le dearbhú cáilíochta chun cáilíocht an oideachais, na hoiliúna, an taighde agus na seirbhísí gaolmhara arna soláthar ag an soláthraí a bhunú, a dhearbhú, a choinneáil agus a fheabhsú”. Éilítear leis an Acht freisin “go gcuirfidh soláthraí nasctha dréacht de na nósanna imeachta beartaithe faoi bhráid an chomhlachta dámhachtana ainmnithe ábhartha lena bhfaomhadh”. Léirítear le Léaráid 1 an caidreamh idir Oifig QA MIE agus Coláiste na Tríonóide.

MIE-Chart-1

Léaráid 1: Rialachas agus Bainistíocht QA

Oifig QA

Bunaíodh Oifig QA MIE in Aibreán 2020 agus tugann sí tacaíocht do Mheitheal Cáilíochta agus d’Oifig an Chláraitheora de chuid MIE maidir le caighdeáin QA a choimeád.

QA Office Reporting Structure

Léaráid 2: Struchtúr Tuairiscithe d’Oifig QA MIE

Róil agus freagrachtaí

Is é príomhról na hOifige QA cur i bhfeidhmPhlean Straitéiseach MIEa thacú agus caighdeáin ardcháilíochta á gcoimeád lena bhfuil MIE ag súil ag an am céanna. Cinntíonn an Oifig QA go gcomhlíontar gnéithe feabhsaithe cáilíochta/QA an phlean straitéisigh trí na nithe a leanas a dhéanamh:

  1. Beartais agus nósanna imeachta MIE a fhorbairt agus a nuashonrú ar bhonn leanúnach ar aon dul le dea-chleachtas; agus d’fhonn sin a dhéanamh ní mór don Oifig QA,
  2. Anailís a dhéanamh ar shonraí a bhailíonn MIE d’fhonn cáilíocht ghnéithe uile QA na hInstitiúide a dhearbhú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach.

null

Léaráid 3: Próiseas maidir le Forbairt Beartas

Mar ábhar a bhaineann leis an dá ghníomhaíocht sin, tá an Oifig QA freagrach as athbhreithnithe ar cháilíocht a chomhordú.

Athbhreithnithe Cáilíochta

Gach seacht mbliana, i gcomhréir le treoirlínte QQI, ní mór do gach ollscoil dul faoi athbhreithniú institiúideach. Is é Coláiste na Tríonóide comhlacht dámhachtana ainmnithe MIE. Dá bhrí sin, ní mór do MIE fianaise a sholáthar ar athbhreithnithe inmheánacha do Choláiste na Tríonóide. Cuirtear a leithéid d’fhianaise i láthair i bhfoirm Tuarascála Bliantúla um Dhearbhú Cáilíochta Institiúidí (AIQR), agus nuair a fhoilsítear í bíonn sí ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig QA MIE agus ar shuíomh gréasáin QQI. Cinntítear leis sin go gcomhlíonann MIE na caighdeáin atá leagtha amach san ESG agus i dtreoirlínte QQI.

D’fhonn ullmhúchán a dhéanamh don athbhreithniú institiúideach, déanann MIE timthriall leanúnach d’athbhreithnithe cáilíochta inmheánacha ar na ranna, cláir agus seirbhísí dá cuid. Is féidir gach athbhreithniú a bhriseadh síos ina thrí chéim leathana:

  1. Roimh an athbhreithniú - comhlánaíonn an roinn/an clár/an tseirbhís roghnaithe tuarascáil rúnda um fhéinmheasúnú (SAR). Soláthraíonn an Oifig QA treoir maidir leis sin.
  2. Athbhreithniú - comhlánaíonn grúpa piarmheasúnaithe (PRG) piarmheasúnú ar an SAR agus tugann sé cuairt ar an láithreán agus cuirtear i gcrích é sin trí chomhordú le ceannaire athbhreithnithe agus le hOifig QA MIE.
  3. Tar éis an athbhreithnithe - Cuirtear tuarascáil PRG ar fáil don roinn/don chlár/don tseirbhís agus ní mór dóibh ansin plean feabhsaithe cáilíochta (QIP) a chruthú. Soláthraíonn an Oifig QA treoir maidir leis sin. Leis an QIP ní foláir nó go ndéantar feabhsuithe ar bith a theastaíonn a shonrú agus a chur i bhfeidhm mar thoradh ar an PRG. Cuirfear an PRG ar fáil go poiblí ar leathanach gréasáin na hOifige QA.

Tá an t-amchlár maidir le hathbhreithnithe inmheánacha leagtha amach i Sceideal Athbhreithnithe MIE. Foilsítear torthaí na n-athbhreithnithe sin ar shuíomh gréasáin na hOifige QA.

Déanann Coláiste na Tríonóide an tAthbhreithniú Institiúideach Reachtúil ar MIE go tréimhsiúil thar ceann QQI.

Róil Eile na hOifige QA

  • AIQR a ghiniúint
  • Taighde institiúideach agus bailiú sonraí (Suirbhéanna ar Mhic Léinn/Aiseolas na Foirne/Scrúdaitheoirí)
  • Gníomhaíochtaí príomhghrúpaí oibre a éascú sna réimsí a bhaineann le measúnú, meastóireacht, forbairt curaclaim agus creidiúnú/bailiochtú clár.

Teagmháil

Oifigeach um Dhearbhú Cáilíochta MIE
R: [email protected]
T: 01 853 5167
Oifig DC MIE

Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9
D09 R232