Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

President’s Message

Is institiúid ardoideachais í Institiúid Oideachais Marino (IOM) a bhfuil fócas mór aici ar oideachas. Le breis agus 100 bliain, d’fhoghlaim mic léinn in IOM conas a bheith ina dteagascóirí, bheachtaigh teagascóirí a bhí ag cleachtadh a ngairme a scileanna agus a speisialtóireachtaí trí chúrsaí iarchéime agus chuir ár dtaighdeoirí lenár dtuiscint ar an oideachas, a chleachtas agus a thionchar.

In 1904 bunaíodh Ionad Oiliúna Acmhainne & Taighde Oideachais de chuid na mBráithre Críostaí i mBaile Átha Cliath agus glacadh leis mar Choláiste Oiliúna Múinteoirí in 1929. In 1976, chuireamar tús le cumann le Coláiste na Tríonóide I mBaile Átha Cliath agus chláraigh an chéad ghrúpa mac léinn tuata don Bhaitsiléir san Oideachas. In Iúil 2011, neartaíodh an caidreamh sin nuair a cuireadh IOM faoi chomhiontaobhacht de chuid Chuallacht na mBráithre Críostaí agus Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide). De bhrí gur Coláiste Comhlachaithe de chuid Choláiste na Tríonóide muid, tá ár gcláir acadúla bailíochtaithe, dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de agus creidiúnaithe ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus oibríonn IOM agus Coláiste na Tríonóide i gcomhar lena chéile ar thaighde agus ar chineálacha cur chuige i dtaobh an teagaisc.

Tá níos mó ná 1300 mac léinn cláraithe ar ár gcuid cúrsaí, lena n-áirítear an chéim Baitsiléir san Oideachas (tri mhean na Gaeilge agus Béarla), an chéim Baitsiléir san Eolaíocht (Léann an Oideachais), an chéim Baitsiléir san Eolaíocht (Oideachas Luath-Óige), an Bonnchlár Idirnáisiúnta, an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas – Bunmhúinteoireacht, cúig chúrsa Máistreachta i Léann an Oideachais (Oideachas Idirchultúrtha, Oideachas Luath-Óige, Na hAmharcealaíona, Foghlaim ar bhonn Fiosraithe agus Ceannaireacht san Oideachas Críostaí) agus an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas).

Cé go leanaimid de thús áite a thabhairt d’fhoghlaim an mhic léinn maidir lenár ngníomhaíocthtaí in IOM, tá ár bhfócas á athrú againn anois chun a chinntiú go bhfuil foghlaim an mhic léinn sa domhan agus leis an domhain mar thosaíocht againn. Táimid ag iarraidh ár mic léinn a ullmhú chun go mbeidh sé d’acmhainn acu a bheith ina bhfoghlaimeoirí inbhuanaithe, ionas go mbeidh siad ina n-áisitheoirí oideachais bhunathraithigh do dhaoine eile agus chun gníomhú mar oideoirí inniúla laistigh de thimpeallacht dhigiteach. 

Is ionann ár dtailte agus ár bhfoirgnimh agus timpeallacht tharraingteach spreagúil do staidéar, d’obair agus do rannpháirtithe comhdhála agus oiliúna.

Más mac léinn thú cheana féin nó más mac léinn ionchais thú, más oideachasóir thú ná má tá spéis agat inár seirbhísí oideachais agus comhdhála, tá fáilte romhat chuig ár suíomh idirlín agus tá súil agam go mbeidh sé úsáideach duit.

 

An tOllamh Teresa O’Doherty

Uachtarán, IOM