Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

An Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas)

Tá iarratas don chúrsa ag tosú i Meán Fómhair 2024 oscailte anois agus dúnfar na hiarratais ar an 1 Aibreáin 2024.

Le cur isteach ar an gclár seo, le do thoil cliceáil ar an gcnaipe thíos.

Dean-Iarratas-Anois_Cnaipe

Le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected] chun suim a léiriú sa chúrsa nó má tá aon cheisteanna ginearálta agat. Má tá suim agat, is féidir breathnú ar na Ceisteanna Coitanta.

Céard é an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas)?

Tugann Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath creidiúnú don Dioplóma Gairmiúil agus is ionann an gradam seo agus Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáillíochtaí. Is éard atá i gceist leis an gclár seo ná réimse eolais agus scileanna a bhaineann leis an ngairm mhúinteoireachta i suíomhanna Breisoideachais agus Oiliúna a thabhairt do na mic léinn. Is ionann an cúrsa agus 60 creidmheas agus beidh foghlaim chumaisc agus socrúcháin oideachais mar chuid de seo. Bíonn na ranganna ar siúl ar líne oíche i rith na seachtaine, agus bíonn ranganna aghaidh ar aghaidh ar champas Institiúid Oideachais Marino ar an Satharn. Is féidir tabhairt faoin gcúrsa ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse bliana nó dhá bhliain agus sásaíonn an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas) na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le cúrsaí clárúcháin, mar atá leagtha síos ag an gComhairle Mhúinteoireachta de réir Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta 2011 faoi Bhealach 3: Breisoideachas.


Cé dó an clár seo?

Sásaíonn an clár seo na riachtanais acadúla agus ghairmiúla do mhúinteoirí atá ag obair sa Bhreidoideachas agus san Oiliúint Bhreise. Ceapadh an clár le bheith tarraingteach do dhaoine atá ag obair san earnáil Bhreisoideachais cheana féin, nó dóibh siúd a bhfuil sé ar intinn acu dul isteach san earnáil.


Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Mar chuid den churaclam seo tá Bonnstaidéar, Staidéar Gairmiúil agus Clár Praiticiúil Múinteoireachta. Cuirtear san áireamh sa chlár múinteoireachta, dhá shocrúchán oideachais éagsúla ina bhfuil idir fheitheoireacht agus sé seachtaine de chleachtadh múinteoireachta a ndéantar measúnú air.

Cad iad aidhmeanna an chláir?


•    Mic léinn a ullmhú a n-eolas, scileanna, a gcumais agus a dtuiscint a fhorbairt le go mbeidh siad in ann múineadh i suíomh Breisoideachais agus Oiliúna
•    Bunús a thabhairt maidir leis na teoiricí agus na cleachtais a bhaineann leis an bhfoghlaim fadsaoil, ina measc cur chuige aindreolaíoch i leith múinteoireachta agus foghlama
•    Stíl múinteoireachta agus modheolaíochtaí a fhorbairt atá oiriúnach do réimse leathan foghlaimeoirí agus comhthéacsanna
•    Tuiscint theoiriciúil agus scileanna praiticiúla a fhorbairt chun measúnú a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, measúnú atá oiriúnach do theastas náisiúnta
•    Taithí thacúil phraiticiúil, a ndéantar feitheoireacht uirthi, a chur ar fáil i bhfíorshuíomhanna Breisoideachais


Conas a dhéantar measúnú ar an gclár?

Baintear úsáid as réimse de mhodhanna measúnaithe ar an gclár, mar shampla, dialanna machnamhacha, cuir i láthair, tionscadail thaighde agus punainn, scrúduithe scríofa agus tionscnaimh.


Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Sásaíonn an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas) na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le Bealach 3 (Breisoideachas) de réir Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta. Is féidir le céimithe cur isteach ar phoist mhúinteoireachta laistigh de na hearnálacha Iar-Ardteistiméireachta (PLC) nó Breisoideachais. Beidh cailíocht ag na céimithe freisin múineadh sna hionaid oiliúna SOLAS, Youthreach, agus Cláir d’Oideachas Daoine Fásta agus Oideachas Pobail.

Students71
LIOSTA NA MODÚL

  • Tuiscintí Stairiúla agus Fealsúnacha i leith an Oideachais
  • An chaoi a bhFoghlaimíonn Déagóirí agus Daoine Fásta
  • Cuir chuige don Teagasc, Fhoghlaim agus Measúnú
  • Foghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta
  • Socrúchán Oideachais I
  • Bainisteroireacht Ghrúpa agus Eagrúchán don Fhoghlaim  
  • Ceisteanna Reatha san Oideachas
  • Ceapadh agus Meastóireacht ar Mhodúil agus ar Chláir
  • Seasamh Machnamhach i Réimse Speisialaithe a Fhorbairt
  • Socrúchán Oideachais II


Eolas Ginearálta

Fad: Bliain amháin nó dhá bhliain páirtaimseartha  

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 60 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Costas an chúrsa lánaimseartha (bliain amháin): €5400

Costas an chúrsa páirtaimseartha (dhá bhliain): €2700 in aghaidh na bliana


Íosriachtanais Iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8) NÓ céim ghnáthleibhéil (leibhéal 7) mar aon le 3 bliana de thaithí i suíomh a bhaineann le cáilíochtaí an iarratasóra. Mar chuid den phróiseas roghnúcháin, beidh ar an iarratasóir freastal ar agallamh.

Bróisiúr an chúrsa

Féach an bróisiúr thíos do thuilleadh eolais faoin gcúrsa.

Ár gcéimithe

PDFE-Graduation-2023_edit

PDFE-Graduation-2023

Le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected] chun suim a léiriú sa chúrsa nó má tá aon cheisteanna ginearálta agat.

AndreaLynch_Resized

An Dr Andrea Uí Chianáin

Ceannaire an Chúrsa ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas)

Léachtóir san Oideachas Fad Saoil

Institiúid Oideachais Marino