Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Céard í an Mháistreacht Ealaíon i gCeannaireacht Chríostaí san Oideachas?

Is clár ceannródaíoch é an Mháistreacht Ealaíon i gCeannaireacht san Oideachas ina mbainfidh rannpháirtithe cáilíocht ghairmiúil amach. Bhunaigh Roinn Diagachta agus Léann Reiligiúnach Choláiste Mhuire gan Smál, an clár agus is í Ollscoil Luimnigh an foras cáiliúcháin. Cuirtear an clár ar siúl ar dhá champas: ag Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus ag Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.

 

Cé dó nó di an clár?

Ceapadh an mháistreacht ealaíon mar chlár speisialaithe iarchéime le cur le forbairt cumas ceannaireachta in earnáil oideachais bhunléibhéil agus dara leibhéal. Tá sé oscailte do phríomhoidí, do leasphríomhoidí agus do mhúinteoirí ar mhaith leo róil cheannaireachta nó bhainisteoireachta san oideachas a bhaint amach. Baineann an clár freisin le daoine a oibríonn chun tacaíocht a thabhairt don oideachas bunaithe ar chreideamh.

 

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?

Tógann an clár ar cheithre cholún: Diagacht, Spioradáltacht, Síceolaíocht agus Ceannaireacht Oideachais. Tá dhá mhodúl déag múinte sa chlár. Cuirfear na modúil ar fáil trí mhodh aghaidh ar aghaidh agus ar líne. Beifear ag súil leis freisin go mbeidh mic léinn i socrúchán (de ghnáth sa scoil ina bhfuil siad ag obair faoi láthair) chun miontráchtas a dhéanamh. Déanfar measúnú ar na modúil mhúinte trí mheascán den mheasúnú leanúnach: aistí, tionscadail agus obair dhialainne.

 

Céard iad aidhmeanna an chláir?

Ar éirí leis an mac léinn an clár seo a bhaint amach, beidh sé/ sí in ann:

  • tuiscint chriticiúil a léiriú ar ról cheannaireacht Chríostaí maidir le héascaíocht a thabhairt don mhúineadh, don fhoghlaim agus don athrú oideachais
  • Prionsabail na ceannaireachta oideachais a nascadh le fís dhiagach ar an duine, ar an tsochaí agus ar an bhfiontraíocht oideachais
  • Cumais chuí a fhorbairt chun ceannaireacht a dhéanamh i scoil bunaithe ar chreideamh
  • Pleanáil do sholáthar oideachais, agus meastóireacht a dhéanamh ar an oideachas sin atá bunaithe ar fhís iomlánaíoch an duine dhaonna, ina measc plean scoile agus polasaithe scoile a cheapadh, a chur i bhfeidhm agus athmhachnamh a dhéanamh orthu
  • Creat a chruthú le machnamh a dhéanamh ar a bhforbairtí pearsanta, spioradálta agus gairmiúla mar cheannairí oideachais i dtimpeallacht bunaithe ar chreideamh
  • A léiriú go bhfuil taithí acu ar reachtaíocht reatha a bhaineann le ceannaireacht thimpeallacht na scoile uile, agus a léiriú go bhfuil na scileanna acu í a chur i bhfeidhm
  • Meastóireacht a dhéanamh ar an gcleachtas is fearr agus é a chur i bhfeidhm i dtógáil timpeallacht dhearfach mhúinteoireachta agus foghlama bunaithe ar phrionsabail Chríostaí, agus soláthar oideachas riachtanais speisialta san áireamh
  • Léirithuiscint ar nádúr éiteas Chríostaí na scoile ina bhfuil siad agus éascaíocht a dhéanamh maidir le forbairt na scoile agus tacú léi

 

Conas a dhéantar measúnú ar an gclár?

Tá an measúnú nasctha le nádúr modúlach an chláir. Tá tionscadail bunaithe ar na modúil i mBliain 1, agus ina dhiaidh sin tá togra taighde agus tráchtas i mBliain 2.

 

LIOSTA NA MODÚL

BLIAIN 1

modúl 1

Críosteolaíocht – Íosa sa Tiomna Nua

 

modúl 2

Cumais Mhothúchánacha agus Chaidrimh a Fhorbairt

 

Modúl 3

Reachtaíocht Oideachais agus Rialachais

 

modúl 4

Spioradáltacht Chríostaí agus Éiteas

 

modúl 5

Síceolaíocht Cheannaireachta

 

modúl 6

Grúpdhinimicí

 

modúl 7

Fís Chríostaí don Chine Daonna sa Chultúr Comhaimseartha

 

modúl 8

Diagacht na Ceannaireachta

 

modúl 9

Eiticí agus Ceartas Sóisialta

 

modúl 10

Sacraimintí agus Liotúirgeacht

 

modúl 11

Ceannaireacht ar Scoil Chaitliceach in Éirinn an Lae Inniu

 

modúl 12

Ceannaireacht ar Fhoghlaim Churaclaim i gComhthéacs Scoile

 

Modúl 13

An Seimineár ar Chomhtháthú

 

BLIAIN 2

modúl 1

Modheolaíocht Taighde & Ceapadh Togra

 

modúl 2

Tráchtas

 

 

Eolas ginearálta

Fad: 2 bhliain páirtaimseartha

Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí (NFQ)

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 90 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Ollscoil Luimnigh

 

 

Íosriachtanais iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8) le torthaí II.2 onóracha nó os a chionn. Smaoineofar ar iarrthóirí le cáilíochtaí comhchosúla nó le taithí shuntasach bhainteach.